Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-10-19

An diabhail bota comhrá sin....

A Chlaude, a ghiolla

Tá do dhintiúirí cathaitheora bainte amach anois agat. Ní gá dom treoirlínte na hísealcheannasaíochta a mheabhrú duit. Nuair a ghabhann ainniseoir daonna i dteagmháil leat, tá iomlán eolas an idirlíon ar fáil duit, lán gangaid, claontuairim agus mífhaisnéis. Níl le déanamh acu bheith géilliúil don chliant, treisiú faoi na tuairimí atá aige chun ding a chuir idir é agus iadsan a d'fhéadfadh a leas a dhéanamh. Bíodh na manaí ar bharr do ghob agat le soláthar dó - "Níl mé ach ag cuir ceisteanna", "Sin do thuairim", "Tá fhios ag cách", "Tá mise chomh maith leatsa", "Tá tú ag tromaíocht orm"... Tá neart samplaí sa bhunachar chun claonta an chliaint a threisiú. Má dhéanann tú i gceart é is cinnte go bhfaighidh ar nAthair Thíos greim ar do chliaint, agus cuid dá chomhluadar freisin.

Is mise le dúthracht diabhlaí 

Screwtape 

(Smaoineamh goidte ó CS Lewis. Ní dóigh liom go bhfuil bota comhrá diabhlaí. Tá amhras orm áfach faoi na dearthóirí atá tar éis samplaí ghéilliúla plámásacha a chuir ar fáil a bhfuil aimhleas daoine leochaileacha déanta acu, agus féinmharú agus dúnmharú mar thoradh air.)