Le roinnt blianta anois ní éistim dáiríre ach le raidió na Gaeltachta. Anois is arís (ag an deireadh seachtaine nuair atá spórt ar RnaG nó má tá mé i gcarr mo nuachar agus clár cainte ar siúl) bíonn Lyric FM ar siúl. Ach ó thaobh eolas de is Raidió na Gaeltachta amháin a fhaigheann cluas éisteachta uaim.
Na polaiteoirí féin, is lú bladar a chloistear astu as Gaeilge (ceal cleachtadh is dócha).
An rud atá suntasach domsa áfach go bhfágann an riachtanas duine le Gaeilge a aimsiú gur iondúil gur duine le heolas faoi leith agus dearcadh úr ionraic a chloistear san agallamh.
Seachas iriseoir iompaithe ina chomhairleoir caidreamh poiblí, ag fuineadh agus ag múnlú teachtaireacht ar mhaithe lena mháistrí.
Fear cathrach mise agus níl fréamhacha ná dáiríre nasc Gaeltachta pearsanta agam. Is fíor go mbíonn saoire bhliantúil á chaitheamh againn in Iarthar Dhuibhneach le blianta fada, ach is de thaisme a tharla sin. Agus is an tírdhreach dáiríre is cúis lenár oilithreacht bhliantúil.
Lochtaítear RnaG go minic as bheith "ró áitiúil".
Ní aontaím.
Is é láidreacht Raidió na Gaeltachta gur raidió pobail atá ann, agus a cuid craoltóirí ina dhlúth agus inneach sa phobal. Iad go minic gníomhach i ndul chun cinn a pobail. Tuiscint dá réir acu ar mhianta agus riachtanais a bpobail.
Cinnte, pobail bheaga scoite amach atá i gceist. I bhfad amach ó Bhaile Átha Cliath na cinntí agus cumhachta. Tá gach polaitíocht áitiúil áfach agus tugann na cláracha áitiúla ardán don bpobal a chloistear scaití san ardchathair.
Ní minic a chloisim féin leithéidí Iris Aniar, Barrscéalta nó an Saol ó Dheas de bhrí go mbím ag obair le linn dóibh bheith ar an aer.
Ach cloisim scaití iad. Agus is fiú cluas éisteachta dóibh. Ba ola ar mo chroí mar shampla na comhráití samhraidh a bhíodh idir Michelle Nic Grianna agus an gasúr Hiúdaí Mac Gairbheith.
Bhí eachtra cosúil leis le déanaí nuair a bhuail Helen Ní Shé saol ó dheas, laoch de chuid RnaG, le leanaí ó Scoil Naomh Erc a raibh cinneadh déanta acu rothaíocht ar scoil.
Bíonn comhráite níos troime ann - agallamh tuisceanach Helen Ní Shé le hEmma mac Mathúna, abair, beannacht Dé lena hanam.
Scéalta áitiúla ar scéalta náisiúnta iad. Is mór agam leathanach Gaeilge RTÉ, áit a tharraingíonn Siún Ní Dhuinn m'aird ar seoda a bheadh caillte agam.
Ar ndóigh (agus tá an chlú sin orm de dheasca an iliomad teachtaireacht liom a léitear amach) is móidín de chuid Tús Áite mé. Agus Cormac ag a Cúig roimhe. Agus Glór Anoir roimhe sin.
Tuigim go bhfuil go leor nua chainteoirí agus Gaeil uirbeacha nach sásaíonn RnaG iad.
Nach dá toighis na cláracha ceoil (is breá liomsa iad. Seachas nuair atá barraíocht Ceol Tíre....)
Is aoibhinn le mo nuachar iad. Agus le m'iníon a thugann Raidió na Blabarála air nuair a mheasann sí barraíocht cainte bheith ann.
Tá spás do chineálacha eile raidió as Gaeilge. Ach ní lagú ar na rudaí atá láidir anois an freagra.
Tá féidearthachtaí sna cainéil dhigiteacha.
Tá ceannródaíocht léirithe ag an bpodchraoladh Beo ar Éigean freisin. (móidín mé).
Ach fágtar ag pobail na Gaeltachta a raidió pobail. (agus cuirtear acmhainní cuí ar fáil).
Sin mo racht go n-uige seo.