Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-04-16

Cú Uladh

Roinnt blianta ó shin phléigh mé Laoch na Laochra, cnuasach chuimsitheach Réamoinn Uí Chiaráin ar eachtraí Chú Chulainn. Seod de leabhair lán maisiúcháin le Dara Vallely agus saibhreas scéalaíochta fuinte as an litríocht ag Réamoinn. Leabhar téagartha, trom scaití. 

Sa leabhar seo tá sé i bpáirt le Dara Vallely arís, agus croí eachtraí scéal Con Chulainn athinste ar dhóigh beagáinín níos éadroime soléite. Óige, eachtra an Chú, oiliúint in Albain, Cú Roi ag bronnadh an Curadh Mhír air, scéal truamhéalach Aonfhear Aoife, ár fuilteach na Tána, bás Con Chulainn agus an díoltas a bhain Conall Cearnach amach. 

Tá ruthaig na litríochta ann, agus na cuir síos taibhsiúla ar éide agus cuma laochra. Blaiseadh agus bealach isteach don seanlitríocht. Simpliú, oiriniú gan coilleadh. 

Saothar a bheidh inláimhsithe ag líon níos leithne léitheoirí a bheadh ag streachailt le saibhreas Laoch na Laochra. (Ach tá súil agam go meallfaidh sé sciar acu tabhairt faoi!) 

Idir Laoch na Laochra, aithinsint Darach Ó Scolaí ar an Táin, úrscéalta grafacha Paul Bolger (aistrithe ag Leabhar Breac) agus anois Cú Uladh, tá saibhreas leaganacha Nua Ghaeilge de scéal Chon Chulainn. Síolchuir samhlaíochta, a thabharfaidh fómhair saibhir le cúnamh na Béithe! 


Cú Uladh – Scéal Chú Chulainn
Réamonn Ó Ciaráin agus Dara Vallely      
Gael Linn                       

(Cóip léirmheasanna a fuair mise)