2023-05-26
Gaeltacht na Leabhar
2022-02-23
Gearrthóga as Goethe....
| Goethe le Karl Joseph Stieler, 1828 |
‘Tá’s againn gur féidir le duine Goethe agus Rilke a léamh sa tráthnóna, Bach agus Schubert a sheinneamh san oíche, agus éirí ar maidin chun dul i mbun a chuid oibre in Auschwitz.’
Dante, Goethe, Chateaubriand, appartiennent à toute l'Europe, dans la mesure même où ils étaient respectivement et éminement Italien, Allemand et Français. Ils n'auraient pas beaucoup servi l'Europe s'ils avaient été des apatrides, et qu'ils avaient pensé et écrit en quelque esperanto ou Volapük intégré.
Baineann Dante, Goethe, agus Chateaubriand leis an Eoraip uilig sa mhéid díreach a raibh siad thar a bheith Iodálach, Gearmánach agus Francach. Ní bheadh siad tar éis fónamh níois fearr don Eoraip dá mbeadh siad eaitírghrách, dá mbeadh siad tar éis scríobh agus smaoineamh go líofa in esperanto nó Volapük.
Wer fremde Sprachen nicht kennt, weiß nichts von seiner eigenen.An té atá dall ar theangacha coimhthíocha, tá sé aineolach faoina theanga féin.
Was verkürzt mir die Zeit?Tätigkeit!Was macht sie unerträglich lang?Müßiggang!Was bringt in Schulden?Harren und Dulden!Was macht Gewinnen?Nicht lange besinnen!Was bringt zu Ehren?Sich wehren!Cad a giorraíonn am dom?Gníomhú!Cad a chuireann fad dufhulaingthe leis?Leisce!Cad a thugann fiacha?Fanacht agus foighne!Cad a thugann brabach?Gan smaoineamh ró-fhada!Cad a thugann oineach?Cuir i gcoinne!----Getretner QuarkWird breit, nicht stark.Schlägst du ihn aber mit GewaltIn feste Form, er nimmt Gestalt.Leathan a éiríonn gruth satailte, ní láidirAch má bhuaileann tú i múnla daingean é le forneart, tagann cruth air.
West östlicher Diwan
Die Künste sind das Salz der Erde; wie dieses zu den Speisen, so verhalten sich jene zu der Technik.Salann na cruinne na healaíona; mar atá san don mbia tá siúd don dteicneolaíocht.
Die Gebirge sind stumme Meister und machen schweigsame Schüler.Máistrí balbha iad na sléibhte agus oileann siad daltaí beagchainteacha.
Sage mir, mit wem du umgehst, so sage ich dir wer du bist! Weiß ich, womit du dich beschäftigst, so weiß ich, was aus dir werden kann.Inis dom cé hiad do chomhluadar, agus inseoidh mé duit cé tú féin! Más eol dom cad leis a bhíonn tú gafa, is eol dom cén críoch is féidir leat baint amach.
Niemand darf sich freuen oder Leiden als zum Zeitvertreib der übrigen; und so springt's von Haus zu Haus, von Stadt zu Stadt, von Reich zu Reich und zuletzt von Weltteil zu Weltteil, alles veloziferisch.Ní cheadaítear d'éinne athás nó dólás a bheith air seachas mar siamsaíocht do chách; agus dá réir scaiptera ó theach go teach an scéil, ó bhaile go baile, ó riocht go ríocht, faoi dheireadh ó Mhór Roinn go Mór Roinn, ar luas lasrach.
Wahrheitsliebe zeigt sich darin, daß man überall das Gute zu finden und zu schätzen weiß.Feictear grá na fírinne san méid seo, go mbíonn duine ag síoraí lorg an maith agus urraim aige dó.Es gibt Pedanten, die zugleich Schelme sind, und das sind die allerschlimmsten.Tá saoithíní ann ar rógairí freisin iad, agus iadsan is measa ar fad.
Verschiedene Sprüche der Alten, die man öfters zu wiederholen pflegt, hatten eine ganz andere Bedeutung, als man ihnen in späteren Zeiten geben möchte.Bhí brí iomlán éagsúil, ná an bhrí a tugtar níos déanaí leo, leis an iliomad rá de chuid na sinsir, a ndéantar athrá minic orthu.
Alle Gesetzen sind von Alten und Männer gemacht. Junge und Weiber wollen die Ausnahme, Alte die Regel.Seanóirí agus fir a rinne gach dlí. An eisceacht is mian le ógánaigh agus mná. An riail is mian le seanóirí.
Einer neuen Wahrheit ist nichts schädlicher als ein alter Irrtum.Níl faic níos dochraí d'fhírinne nua ná sean mheancóg.
Dieser schnelle Wechsel von Ernst und Scherz, von Anteil und Gleichgültigkeit, von Leid und Freude soll in dem irländischen Charakter liegen.Deirtear gur i gcarachtar an Éireannaigh atá an iompú gasta idir súgradh ⁊ dáiríre, comhbhá ⁊ neashuim, pian ⁊ lúcháir, fréamhaithe.
Es ist nicht genug, zu wissen, man muß auch anwenden; es ist nicht genug zu wollen, man muß auch tun.Ní leor eolas, ní mór é úsáid. Ní leor fonn chuige bheith ort, is gá é dhéanamh.
2022-02-22
Comhthéacs, comhthéacs, comhthéacs....
| Cuimhneachán Rosa Luxemburg, Zwickau Le Vwpolonia75 (Jens K. Müller, Hamburg) -Saothar féin, CC BY-SA 3.0 |
Sula raibh mórán eolas in aon chor agam faoi Rosa Luxemburg bhí an nath cáiliúil seo ar eolas agam "Saoirse an dreama ar mhalairt tuairime is ea saoirse i gcónaí." Tá cuma breá daonlathach air mar ráiteas.
Ach ba Boilséiveach dian diongbháilte í Luxemburg, a feallmharaíodh agus éirí amach foréigneach a raibh sí ina ceannaire air á cloí ag trupaí ar son rialtas daonlathach Phoblacht Weimar. Tá ráitis iomlán eile dá cuid le léamh; leithéidí
Die Nationalversammlung ist eine gegenrevolutionäre Festung, die gegen das revolutionäre Proletariat aufgerichtet wird. Es gilt also, diese Festung zu berennen und zu schleifen.
Daingean frith-réabhlóideach an Dáil Náisiúnta, atá tógtha i gcoinne an lucht oibre réabhlóideach, Is gá, dá réir, é a ghabhadh ó cheann go ceann agus é a threascairt.
Is léir mar sin, nach saoirse iomlan tuairimíochta a bhí i gceist aici. Ní lena beo a foislíodh an nath; is nóta imill atá ann ar lámhscríbhinn dá cuid nár críochnaíodh; bhí réabhlóid na Rúise a bhí díreach tite amach á phle aici.
Is cosúil, i gcomhthéacs, gurb é a bhí i gceist aici go mba ghá oideachas a chuir ar an lucht oibre d'fhonn an soisialachas a chuir i gcríoch; go mba cheart go bhfágfadh deachtóireacht an lucht oibre spás don forbairt phearsanta agus taithí phearsanta - laisitigh de chóras an soisialachais; agus gur bhraith sí go raibh lámh láidir Léinín agus a comrádáithe ró-dhocht sa bpointe sin.
Tá a bheatha féin ag an nath anois áfach; é réabhtha ina chomhthéacs. Cabhraíonn sé gur mairtíreach a feallmharaíodh a dúirt. Bhí sochraid ollmhór uirthi agus ar Liebknecht a maraíodh in éineacht léi. Oráidí paiseanta éifeachtach ab ea í freisin. Ní cúis iontais é mar sin go mbíonn oilithreacht bhliaintúil chuig a huaigh agus uaigh Liebknecht; na fíréin sóisialacha a leagan lusanna na gile dearg ar an uaigh.
Agus é seo á scríobh agam, níl mé cinnte nach bhfuil an nath úsáideach mar sin féin, fiú más brí ar leith nach raibh i gceist aici a bhíonn leis anois. Meabhraíonn sé nath eile dom;
Verschiedene Sprüche der Alten, die man öfters zu wiederholen pflegt, hatten eine ganz andere Bedeutung, als man ihnen in späteren Zeiten geben möchte.
Bhí brí iomlán éagsúil, ná an bhrí a tugtar níos déanaí leo, leis an iliomad rá de chuid na sinsir, a ndéantar athrá minic orthu.
Aus Makariens ArchivWilhelm Meisters WanderjahreGoethe
Cuireann friotal na sinsir smaointe nua in iúl go héifeachtach freisin; agus go hiondúil ní bhíonn míthuiscint i gceist anois. Ar an lámh eile, cruthaítear saobhíomhá den duine a chum an friotal an chéad lá riamh.
N'fheadar.
Agus seo á scríobh agam bhain mé feidhm as an dá alt thíos. Bhí an smaoineamh ar foluain i gcúl mo chinn ar feadh i bhfad áfach - chuaigh mé ag lorg breis eolais agus fuair mé iad seo.
[1] Was „Freiheit der Andersdenkenden“ wirklich meint, Sven Felix Kellerhoff, Welt
[2] Warum die Freiheit für Rosa Luxemburg nicht die Freiheit der Andersdenkenden war, Cristoph Marx
2022-02-17
Ón Ulán Ramhar Siar
Ar mheánscoil beag do bhuachaillí a d'fhreastal mé. Ceathrar againn a bhí ag dul don Ardleibhéal Gaeilge; agus tógadh le Gaeilge triúr againn. Bhí tréimhse caite i scoil cónaitheach Gaeilge ag an gcearthrú duine. Is dócha gur dúshlán d'fhoighid na hoidí ab ea muid. Ag amharc siar is eagal liom go raibh mé lán le sotal na hóige, sotal an té a rinne go maith go hacadúil gan mórán iarrachta. Tréith a rinne an ollscoil deacair dom - níor fhoghlaim mé conas foghlaim go dtí i bhfad ina dhiaidh sin, i saol na hoibre. Pé scéal é, bhí an Diréanach "ar an gcúrsa" - ní cuimhin liom anois cé na dánta - An tEarrach Thiar, agus cúpla ceann eile shamhlóinn.
Ar aon nós, bhí ár muinteoir, Liam Wrynne ina chónaí i gcomharsanacht Uí Dhireáin a bhí an uair úd - sna 1980í - ina chónaí ar Bhóthar an Racardair agus thug sé isteach é lá chun cainte linn. Ní dóigh liom go raibh mé aibí go leor chun tairbhe ceart a bhaint as. Táim buíoch as an méid go bhfuil cuimhne agam air - ní cuimhin liom faic a dúirt sé - ach an ócáid, fathach fir maol ag suí go ciúin i seomra ranga beag i sean teach. Is cuimhin liom a theacht i láthair, a uaisleacht nádurtha a cheansaigh sotal na hóige.
Shamhlóinn go raibh an aos léinn a chuala na cainteanna atá trasscríofa sa leabhar seo níos inniúla ar tairbhe a bhaint astu, cé nach dócha go raibh siad mórán níos sine ná an mise sin. Ach bhíodar ag dul don nGaeilge san ollcoil dá ndeoin féin, seachas ag iarraidh léimt tríd lúbanna na hArdteiste leis an trioblóid is lú!
Bhain mé féin taitneamh as an léamh - in éineacht le Feamainn Bhealtaine agus An Chuid eile díom féin tá léargas le fáil anseo ar intinn an duine nach bhfuil chomh soiléir sna dánta. Trácht ar chúlra na dánta atá anseo, plé ar an dteanga iontu agus an taithí saoil agus meoin as ar fáisceadh iad. Le tuiscint freisin gur tháinig forbairt ar an bhfear é féin.
Trácht ionraic ann ar mianta collaí an fhir ar thóg sé i bhfad air dul i ndáil mná - an ghrá nach raibh baileach éagmaiseach ó tharla nár cuireadh in iúl é fiú ós ard.
Léargas ar a omós dóibh siúd a thit i troid na saoirse agus a tharcaisne don dream a tháinig i gcumhacht:
Mothú FeirgeFeic a mhic mar a chreimid na lucha
An abhlann a thit as lámha na dtréan
Is feic fós gach coileán go dranntach
I bhfeighil a chnáimh ina chró bréan
Is coinnigh a mhic do sheile agat féin.
An abhlann a thit as lámha na dtréan - samhail cumhachtach ar bhain sé feidhm as uair nó dhó eile; an comaoineach naofa i gceist, rud éigin thar a bheith naofa sollúnta.
Léargas ar an dúlra agus an eolchaire agus an stoiteachas ar ndóigh.
Na focail a fuair sé ón gcaint; agus na cinn nach bhfuair ann. Cinn a chum sé nó a fuair sé sa litriocht.
Sa bhfilíocht go mór mór, agus sin an fáth tá daoine a rá: cuirfimid caighdeán ar a leithéid seo agus caighdeán ar a leithéid siúd. Níor cheart d'fhile ar bith cead a thabhairt dóibh níos mó caighdeánú a dhéanamh ar fhilíocht ná atá á dhéanamh ar chuile rud faoi láthair. Agus ar ndóigh, ní athrú go caighdeán. Beidh athrú éigin eile ar an gcaighdeán i gceann cúig bliana nó níos túisce ná sin.A tuiscint ar a ealaín agus a riachtanais agus a luach:
Agus sin é a thugaimse ar dhúchas, an snáth ceangal leis an tseanfhilíocht, nó filíocht nach bhfuil chomh sean sin, dáiríre. Ní le sluaistreáil focla agus abairteacha isteach i mullach a chéile le ligean ort féin go bhfuil tú ag leanacht lorg na sean.Is é sin, nach as an bhfilíocht, as an ealaín a thiocfaidh dochar an chine, ach as an eolaíocht. Tá a fhios againn cheana gur tháinig cuid den dochar sin ar Hiroshima agus dá réir sin. Ní gá dul níos faide leis sin.
Is ón leabharlann a fuair mise an leabhar - mar sin bhí mé á leamh ó chlúdach go clúdach, diaidh ar ndiaidh. Ní hé sin is fearr do leabhar mar é - tá se dlúth agus saibhir agus is gá é dhíleá. Leabhar don leabhargán le tarraingt anuas ó am go chéile. Tá na dánta átá á phlé ar fáil sa leabhar - agus nótaí léannta an eagarthóra freisin - Eoghan Ó hAnluain. (Níor léigh mé féin na nótaí).
Bhain mé pleisiúir agus tairbhe as. ba bhreá liom, má tá siad fós ar fáil, na téipeanna féin a chlos lá éigin. Tá CD de fhilíocht an Direánaigh agam agus tá roinnt cur i láthair agus nathanna á mhíniú aige ansin, Bhí guth ana dheas aige freisin.
Ón Ulán Ramhar Siar: Máirtín Ó Direáin ag caint ar Chúlra Saoil cuid dá Dhánta
Eag Eoghan Ó hAnluain
2022-02-11
Turscar agus teanga
'The Death of Irish’
The tide gone out for good,
Thirty-one words for seaweed
Whiten on the foreshore.— Aidan Carl Mathews, 1986
Bhí mé ag smaoineamh le déanaí faoin idirdhealú seo - tríocha haon ainm ar fheamainn ag bánú ar an gcladach. Caointear an caillteanas saibhreas teanga, nó an teanga féin fiú, ach is éard atá caillte ná saol ina bhfuil an t-idirdhealú sin fóinteach agus riachtanach. Comhartha sóirt an tanú teanga ní cúis. Agus ní réiteach iad altanna nó leabhair snasta boird caife le liostaí focail agus béaloideas gáifeach, cé gur cabhair iad chun an t-eolas faoin ndúlra a athghabháil, má tá an t-eolas cruinn.
Is minic screamh scéil iontais ag ceilt na heolaíochta, ar ndóigh.
Ar aon nós, tá dóchas ionam ó cláracha teilefíse fearacht Bailte, An Cósta Thiar agus na seoda a bhíonn ag Eoin Warner, nach bhfuil baol ar bith go mbeidh focail ag triomú ar an dtrá, pé acu an cineálacha feamainne atá i gceist, nó lusanna, nó éisc.
Tá cainteoirí óga Gaeltachta agus Gaeil eile ag cuir lena n-eolas ar an ndúlra agus ag baint slí beatha as. Go deimhin bhí bainteoir óg feamainne ar Iris Aniar ar Raidió na Gaelachta le déanaí, ag plé faoi conas mar a bhí sé féin ag baint tairbhe as an saol agus ag athfoghlaim faoin dúlra. Táim ag súil leis an gclár Faoi Bhláth atá le tosú ar an Luain beag seo ar teilefís RTÉ 1. Tá ana chnuasach déanta ag Aedín Ní Thiarnaigh ar bhéaloideas bainteach le lusanna; agus an cuma air go bhfuil neart daoine eile aimsithe ag Abú Media.
Ar ndóigh, mar fear cathrach agus ríomhchlairitheoir, is scáinte m'fhoclóir dúlra; ceal riachtanas. Ach - cé nach mbainim feidhm as an Ghaeilge le linn cúrsaí oibre go hiondúil, tá foclóir agam inti maidir le mo chuid oibre agus scata aistí scríofa anseo agam faoi.
Agus léiríonn An Dara Rogha le Celia de Fréine, nó Tinte na Farraige Duibhe Tim Armstrong aistrithe ag Eoin P Ó Murchú, gan ach dhá shaothar a lua, go bhfuil an Ghaeilge breá in ann dul i ngleic leis an bhficsean eolaíochta.
Ní chaomhnítear teanga tríd í chuir faoi ghlas i leabhair bord caife - níl i ndán dí ansin ach meirg agus leamhan. Is trí usaid a chuirtear snas ar theangacha agus a méadaítear a luach.
Deirtear nach sabhálfaidh caint an Ghaeilge. Ní fíor. Ní sabhalfaidh ach caint an Ghaeilge. Caint i nGaeilge.
2022-02-10
Báisteach ó Dhia chughainn, ach gan é bheith fliuch...
Báisteach ó Dhia chughainn, ach gan é bheith fliuch.is cuid an lae amáraigh go gcuirfidh sé anocht!
Báisteach
| bruth báistí | teas a leanann báisteach é |
| seadbháisteach, seadbhraon, braon i mbéal na gaoithe | braonacha báistí ar an ngaoth, ceobhrán |
| draonán, drothán, fliuchbháisteach, salachar báistí, salacharaíl báistí, fearthainn bhog. | báisteach ceomhar le braonacha beaga |
| brádán, ceobhrán | rud beag níos troime ná an ceann roimhe seo |
| Ag deoradradh fearthainne | braonacha ag titim |
| bogfhearthainn | báisteach eadrom le braonacha beaga |
| craobhmhúr | báisteach scaipthe |
| breacbháisteach | ceathanna anois is arís |
| clagarnach | báisteach trom a bhainfeadh ceol as an díon! |
| dallcairt | titim trom báistí nó sneachta |
| forlacht | titim an-trom báistí |
| Ag gleadhradh báistí | ag cuir go trom |
| léidearnach | fearthainn trom tiománta ag an ngaoth |
| spútrach | braonacha troma báistí a dhéanann preabadh ón dtalamh |
| gailfean báistí | báisteach trom tiománta ag an ngaoth |
| bailc, bús báistí, tuile, tulca | múr trom bháistí |
| Ag balcadh fearthainne | ag cuir go trom |
| batar/batarnach fearthainne, Ag dubhfhliuch fearthainne | cith trom báistí |
| brúisc fearthainne | cith tobann báistí |
| Lá buan fearthainne | fearthainn ar feadh an lae |
| Lá duartain | fearthainn trom ar feadh an lae |
| Fearthainn chinnte | fearthainn gan stad |
| Ag caidhleadh báistí | báisteach fearacht buillí |
| Báisteach dheannachtach | báisteach fuar a dhéanfadh libín asat |
| Ag cur de dhíon is de dheora, ag cuir sceana gréasaí | báisteach trom |
| díle bháistí | báisteach thar a bheith trom |
| báisteach | |
| fearthainn | |
| aimlithe | millte ag an bhfearthainn |
| Ní dhéanfaidh sé brí (fearthainne) | ní thitfidh mórán báistí |
| cafarr | caipín báistí ar chnoc |
| cídeog | clúdach don cloigeann agus na guailne ó bháisteach nó gaoth |
| fáfall | glanadh báistí |
| turadh | stop le fearthainn |
| aiteall | sos idir dhá chith |
| frasach | ceathach |
| cithnéal, frasnéal | scamall báistí |
| múrabhán | scamall dorcha fearthainne |
| brollach na fearthainne | ar tí tosú a chuir |
| Tháinig an lá ina chac báistí | milleadh an lá ag báisteach |
| Cúpla ceann eile a bhí ag Toose ar Eachtraigh Dom 2022-02-28 agus atá in FGB | |
| Sreangán báistí | Ní thabharfá puinn aird air ach fliuchadh sé go maith tú (ceobhrán) ~ Toose |
| Péatar báistí | báisteach trom |
| cáitheadh sneachta / báistí | ag stealladh báistí |
| Ceo doininne ar chnoc, ceo soininne ar aibhnte | |
2022-01-21
Tabhair aird ar ara seancharbaid
| Athchruthú ar charbad ó Musaém Hallein Wolfgang Sauber, CC BY-SA 3.0 |
Aranécath arid sencharpait.Ar nícon chotli are senḟonnith.Remi déci, íarmo déci, tair sceo desiul sceo túaithbiul.Deéci, imdích, imdídnathar, arna bóco foill na forráin fonnath fodrethat.Tugadh sé aird ar ara seancharbaidÓir ní chodlaíonn ara seanfheadháinFéachann roimhe, féachann ina dhiaidh,agus ar aghaidh agus deiseal agus tuathalFéachann, imdheaghlann, díonann, chun ná briseadh sétrí faillí ná foréigean na feadháin a ritheann faoi
Sliocht as Audacht Morainn, aimsithe anseo ó ollscoil Texas.
2022-01-19
Briathartheagasc Chon Chulainn
| Bríatharthecosc Con Culaind inso. | Briathartheagasc Chon Chulainn anseo |
| ‘Nírbat taerrechtach debtha déne dóergairce.’ | Ná bí i do ghríosaitheoir deafa déine daorga! |
| ‘Nírbat díscir doichlech díummasach.’ | Ná bí díscir doicheallach díomasach! |
| ‘Níbbát ecal ocal opond esamain.’ | Ná bí eaglach tógálach obann dásachtach! |
| ‘Nípát tairne ó main mandartha mesctha.’ | Ná baintear tuisle asat ag milleadh meisceach! |
| ‘Níbat dergnat cholla coirme h-i tig rurech.’ | Ná bí i do dreancaid chollaí choirme i dtigh ruirí! |
| ‘Níbat ilfhurig im írad n-echtrand.’ | Ná fuirigh um ionradh eachtrannaigh! |
| ‘Ní sáis daíne dochla díchumaing.’ | Ná tóraigh daoine díchlúiteacha díchumhachtacha! |
| ‘Ní íadat iubaili for étechti ail.’ | Ná bunaítear tréimhsí dlí ar aindlí! |
| ‘Airliter cumni cóich comarbai cré.’ | Céadaítear cuimhní chun comharba cré a chinntiú! |
| ‘Cuibsigter senchaid sin co fírinne fíu h-it fhíadnaisi.’ | Ceistítear seanchaithe le fiúntas fírinne i'd fhianaise! |
| ‘Finnatar brethamain bráthir scéo m-broga.’ | Fiosraíodh breithúna ceisteanna gaoil agus maoine! |
| ‘Mrogatar genelaigi gésci úa genither gein.’ | Leathnaítear na ginealaigh nuair a rugtar leanaí! |
| ‘Gairter bí, béoaigter fri óethu airm irro trebsat mairb .’ | Gairtear na beo, agus athbheoigh na mairbh de bhithín móide san áit ina raibh cónaí orthu! |
| ‘Maínigter comarbai fora théchtu thoich.’ | Maoinítear comharbaí de réir a n-oidhreacht cuí! |
| ‘Tochomlúat anfini coa nemthe nert.’ | Cuiridís siúd nach den bhfine iad a pribhléid in iúil! |
| ‘Ní fresnesea co labur.’ | Ná freagair go foclach! |
| ‘Ní aisnéisea co glórach.’ | Ná fiafraigh go glórach! |
| ‘Ní fuirse. Ní chuitbe. Ní faithchither senóri.’ | Ná déan fonóid ná ná bí ag fáireach ná ag imeaglú seanóirí! |
| ‘Nípá míthomtinach ó neoch.’ | Ná bí faoi drochmheas ag aon neach! |
| ‘Ní géis co ansa.’ | Ná héiligh go dian! |
| ‘Ní ettis nech cena domanches.’ | Ná heitigh neach seachas más neamhfhóinteach é! |
| ‘Caín-ois. Caín-éra . Caín-airlice.’ | Bí caoin i do thairisicint, is do bhronnadh agus i dtabhairt iasachtaí! |
| ‘Bát umal múnta ó gáethaib.’ | Bí umhal do mhúineadh ó ghaoithe! |
| ‘Bat cumnech coisc ó t-senaib.’ | Bí cuimhneach ar choisc ó sheanóirí! |
| ‘Bát seichmech ríagla athardai.’ | Bí airdeallach ar rialacha aithreacha! |
| ‘Nípat úarchraidech im chardiu.’ | Ná bí fuarchroíoch le cairde! |
| ‘Bat gusmar im náimtiu.’ | Bí gusmhar le naimhde! |
| ‘Nípa frithenech debtha h-i tilchomraicib.’ | Ná cuir i gcoinne díospóireacht i dtionóil! |
| ‘Nírbat scélach athchossánach.’ | Ná bí scéalach achasánach! |
| ‘Ní fáisce. ‘Ní thaisce inní ba torba’ | Ná fáisc is ná taiscigh, ní bheidh tairbhe ann! |
| ‘Consecha do chúrsachad i n-gnímaib antechtai.’ | Coinnigh guaim ar do chasaoid i leith gníomhartha atá cuí! |
| ‘Ní chomainse th' írinne ar thoil daíne.’ | Ná satail d'fhírinne ar thoil daoine eile! |
| ‘Níba tathboingid ar nárbat aithrech.’ | Ná buail gan gá chun ná beadh aithríochas ort! |
| ‘Níbat comromach ar nábat miscnech.’ | Ná bí comhlannach chun ná beadh tú miscneach! |
| ‘Nírbat lesc ar nárbat meirb.’ | Ná bí leisciúil chun ná beadh tú marbh! |
| ‘Nírbat róescid arnábat dóescair.’ | Ná bí tobann chun ná beadh cuma daoscair ort! |
| ‘Ardotchuibdig fri sechem na m-bríathar sin, a meic!’ | Glac le seicheamh na briathra seo, a mhic! |
Bríatharthecosc Con Culainn in the Context of Early Irish Wisdom-Literature. / Fomin, Maxim. In: Ulidia 2: Proceedings of the Second International Conference on the Ulster Cycle of Tales, Maynooth 24-27 June 2005, Vol. 2, 05.04.2009, p. 140-172.
