Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label comhairle werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label comhairle werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-10-12

Comhairle an seanóra don té atá ag lorg poist...

I rith na seachtaine, ar iarratas ón rannóg pearsanra, bhí mé i gCOBÁC ag caint le hábhar ríomhchláraitheoirí, idir fochéimithe agus daoine i mbun máistreacht. Bhíomar ag iarraidh duine nó beirt a mhealladh le tabhairt faoi intéirneacht (cuid dá gcúrsa) le súil is go bhfaigheadh muid fostaí buan amach anseo. Tá sé déanta le cúpla bliain againn. (Tá réchonn ag an príomhfheidhmeannach, agus aithníonn sé gur gá féachaint chuig an todhchaí, tá sciar againn ag druidim i dtreo aois pinsin!) . Cé gur ar intéirneacht a bhí an ócáid dírithe dúirt  muid lena linn go bhféachfaimis ar CV a seoladh chuig an comhlacht, agus dá mbeadh na scileanna ag teacht le gá éigin sa chomhlacht, go raibh gach seans ann go mbeadh post ar fáil.

Dúramar r-phost a sheoladh chuig careers@airtel-atn.com. Ach tháinig ceann chugamsa ó aosánach nach raibh i láthair ar chor ar bith. Ag lorg eolas faoi na postanna a bhí ar fáil. (Níl, mar a dúramar, post ar bith fógartha...). D'fhreagair mé dá réir, agus dúirt go gcuirfinn CV ar aghaidh. Chuir sé CV agus litir clúdaigh chugam. Rud a spreag mé le seo a rá ar BlueSky....

Níl a fhios agam an bhfuil éinne i measc mo leantóirí ag lorg poist. Ach má tá, i gcuntas Dé, ná seol litir chuig "Dear Hiring manager". Más mian leat obair linn, léirigh go bhfuil buntaighde fúinn déanta agat.

As lor liom ꝗ laḃrꝫ de sin

Is cosúil gur thug mé m'éitheach leis an nath deiridh sin, mar seo mé ag scaoileadh mo racht anseo. 

Mar a tharlaíonn, ní raibh mise i mo Hiring Manager ach uair amháin, agus i gcoinne mo thola an uair sin féin. Tugadh treoir dom céimí a fhostú. Ní theastaigh uaim. Níor chreid mé go raibh obair ann dóibh. (Bhí an cheart agam. Laistigh de bhliain bhíomar uilig iomarcach...  ). Níl cuimhne agam ach ar bheirt a chuir faoi agallamh as an carn mór CVanna. Fear agus bean. Bhí an fear sotalach agus seachas dul i bhfeidhm ormsa agus an bhean ón rannóg pearsanra, is amhlaidh a ghlac muid col leis. Níor léirigh sé de spéis sa chomhlacht ach sa mhéid is go raibh sé fiosrach faoi cé mhéad scair-roghanna a mbeadh teideal aige orthu. Fuair an bhean an post. Rud a bhí ina chúis imní orm ar ball, toisc gurb as an India í agus a teideal cónaí in Éirinn ceangailte leis an bpost. Shíl mé nuair  a fuaireamar uile bata agus bóthar go raibh sin caillte aici. Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh. Fuair sí, de réir mo thuisceana, post maith le hAccenture. Ach ó tharla gurbh de sainaicme ard í, bhí a cleamhnas déanta i bhfad roimhe, agus chuaigh sí as radharc cúpla bliain ina dhiaidh sin. Táim ag seachaint an taobh sin de bhainistíocht ó shin, ar cúpla cúis. Táim sásta bheith i mo bhainisteoir teicniúil, ag riaradh agus stiúradh obair. Ach níl scil agam i gceisteanna pearsanra. Dhá rud a bhí ina eire orm nuair a bhí mé i mo bhainisteoir. Fostaí lag, go raibh cathú orm léim isteach agus an obair a dhéanamh mé féin. Nó fostaí sciliúil agus éirimiúil - ach a shíl gur aige seachas an bhainistíocht a bhí fios fátha na hoibre. Is annamh sin fíor, toisc go mbíonn eolas níos leithne agus radharc níos faide ag an ard mbainistíocht - sin nó tá an fiontar chun dul go tóin poill cibé. 

 Ar aon nós, gheall mé comhairle. Chuir an "Hiring Manager" úd cantal orm toisc go bhfuil ainmneacha na bainistíochta agus a gcúraimí le fail laistigh de dhá chlic ar shuíomh na comhlachta.

  1. Bíodh do thaighde déanta agat. Mura bhfuil eolas éigin agat ar an gcuideachta, conas tá fhios agat gur mian leat obair ann?

  2. Bíodh idir CV agus litir clúdaigh in oiriúint don bpost. Murar fiú duitse dua a chuir ort féin leis sin, ní fiú dúinne am a chuir amú ort.

  3. Glac leis go bhfuil pé innealtóir a bhfuil tú ag plé leis gnóthach. Mura bhfuil, b'fhearrde tú gan post a fháil ón gcuideachta: ní mhairfidh sé!

  4.  Glac leis, má fuair tú scairt go dtí agallamh, go bhfuil an chuideachta den tuairim go bhfuil an cumas ionat. Tá an agallamh ann le féachaint an bhfuil scileanna sóisialta oibre agat. An réiteoidh tú leis an meitheal?

  5. Cuirfear ceisteanna theicniúla. Ach ní an freagra ceart atá á lorg, ach tuiscint agus cuir chuige stuama chun fadhb a réiteach.
  6. As lor liom ꝗ laḃrꝫ de sin

     
    (Dáiríre, an uair seo. Tá súil agam ... )

2022-01-21

Tabhair aird ar ara seancharbaid

Athchruthú ar charbad ó Musaém Hallein
Wolfgang Sauber, CC BY-SA 3.0 , via Wikimedia Commons

Aranécath arid sencharpait. 
Ar nícon chotli are senḟonnith. 
Remi déci, íarmo déci, tair sceo desiul sceo túaithbiul. 
Deéci, imdích, imdídnathar, arna bó
co foill na forráin fonnath fodrethat. 

Tugadh sé aird ar ara seancharbaid
Óir ní chodlaíonn ara seanfheadháin
Féachann roimhe, féachann ina dhiaidh, 
agus ar aghaidh agus deiseal agus tuathal
Féachann, imdheaghlann, díonann, chun ná briseadh sé
trí faillí ná foréigean na feadháin a ritheann faoi


Sliocht as Audacht Morainn, aimsithe anseo ó ollscoil Texas.

2019-02-06

Roinnt Chomhairle

1. Mol Dia i dteangaidh na nGaedheal.
 
2. Bí ag síor-mhachtnamh ar leas na Gaedhilge.
 
3. Is beag an maith machtnamh gan gníomh.
 
4. Tagadh na gníomhartha i ndiaidh an mhachtnaimh dhuit.
 
5. Is ag baile is fearr is féidir leat bheith Gaedhealach.
 
6. Má tá rún agat le hinnsint innis tré Ghaedhilg é.
 
7. Ná labhair acht Gaedhilg led' chloinn.
 
8. Is mór is ion-mholta léigheamh seanchais na hÉireann.
 
9. Má thograir Fiannuidheacht bíodh Fiannuidheacht fhóghanta agat
.
10. Bíodh baint ag gach éinne le craobh éigint de'n Chonnradh.
 
11. Má loirgir aigneadh na nGaedheal ní fachtar i mBéarla soin.
 
12. Ná bí mór-chúiseach as do chuid Gaedhilge.
 
13. Is suarach is fiú Gaedheal gan Ghaedhilg
.
14. Ná grádhuigh thú féin thar an gcraoibh go mbainir léi.
 
15. Ná grádhuigh do chraobh féin thar an gConnradh go léir.
 
16. Is iad dála na nGaedheal is taithneamhnaighe le Gaedheal.
 
17. Má gheallann tú nídh do dhéanamh brostuigh gan mhoill is déin é.
 
18. Bí ag síor-bhailiughadh na sean-ráidhte.
 
19. Bíodh na mná leat is beidh an t-ádh ort.
 
20. Sáruigheann saothar éin-mhná bhige amháin obair na mílte fear gan áird.
 
21. Is le muinntir na hÉireann bhaineas an Ghaedhilg.
 
22. Ní'l ceart na Gaedhilge ag Cúige seoch Cúige eile.
 
23. Foghluim do chanamhaint féin ar dtús.
 
24. Má leanfam an chomhairle thuas, ní fuláir gan buaidh bheith linn.

Foilsithe san Claidheamh Soluis i 1901 agus aimsithe i gCartlann Téacsanna  ARÉ