Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label gearrthóga werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label gearrthóga werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-05-06

Gearrthóga - gaois gairme

Botún a bheadh ann ceapadh gur leis an intleacht amháin a bhaineann réiteach fadhbanna; tá ról thábhachtach ag dúthracht agus mothúcháin 

~ George Polya

sa leabhar "How to Solve It" a leagann amach modheolaíocht le fadhbanna mata a réiteach.


Múnlaíonn na huirlisí a bhaineann muid feidhm astu muid uilig: go háirithe, múnlaíonn na foirmiúlachais a bhainimid feidhm astú ár nósanna smaointeoireachta, chun leas nó aimhleas, mar sin ní mór dúinn a bheith airdeallach cad a theagascann nó a fhoghlaimímid, mar ní féidir dáiríre dífhoghlaim. 

~ Edsger Wybe Dijkstra

EWD 1305 Answers to questions from students of Software Engineering


Tá dhá dhóigh bogearra a dhearadh:
Simplí ionas gur léir nach bhfuil botún ann.
Nó
Casta ionas nach léir na botúin ann.

~ Tony Hoare

Má chuirtear breis foirne ag obair ar thogra bogearraí atá mall, beidh sé níos moille.
~ Dlí Brook

Ní féidir le promhadh ach cruthú go bhfuil fabht sa bhogearra - ní féidir leis cruthú nach bhfuil fabht ann.
~ Edsger Wybe Dijkstra

Eolaíocht ná fios a thuigimid sách maith gur féidir linn é a theagasc do ríomhaire; mura dtuigimid rud go hiomlán is ealaíon atá de dhíth chun plé leis.
~ Donald Knuth
Léacht Duais Turing 1974 - Computer Programming as an Art

Optamú roimh am fréamh gach oilc (nó a bhformhór ar a laghad) san ríomhchlárú.
~ Donald Knuth
Léacht Duais Turing 1974 - Computer Programming as an Art

Comhartha easpa aibíochta gairmiúla is ea friotal antrapamorfach a úsáid i leith córais ríomhaireachta

~ Edsger W.Dijkstra


Ní sócamas ar féidir déanamh dá éagmais is ea cuannacht matamaiticiúil, ach an ní a chinneann an teip nó bua atá i ndán. 
~ Edsger W. Dijkstra

Seachas mianach mhatamaiticiúil, an acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir chumasach ná sármháistreacht ar a theanga dhúchais.
~ Edsger W.Dijkstra
EWD498  How do we tell truths that might hurt?

Simplíocht réamhriachtanas de chuid iontaofacht.

~ Edsger W.Dijkstra
EWD498  How do we tell truths that might hurt?

2022-04-17

Laochas

Le Justus Sustermans - Foinse (ó; archive); féach freisin, Fearann Poiblí, Nasc

Andrea Sarti »Unglücklich das Land, das keine Helden hat!« 
Galilei »Nein. Unglücklich das Land, das Helden nötig hat.« 

Leben des Galilei (13. Szene). Bertholt Brecht


Duairc an tír, a bhfuil díth laochra uirthi!
Ní hea. Duairc an tír a bhfuil laochra de dhíth uirthi!

2022-02-23

Gearrthóga as Goethe....

Goethe le Karl Joseph Stieler, 1828

Don té a bhfuil Gearmáinís aige ní dócha go bhfuil éalú ó Goethe! Tá beagán léite agam thar na blianta leis, agus blianta ó shin i mBeirlín phioc mé suas trí imleabhar dá chuid saothair. De barr go raibh siad i gcló i bhFraktur fuair mé ar chaoga pfenning an ceann iad - ní raibh ar chumas éinne Fraktur a léamh, dar leis an díoltóir leabhair. Lé linn na dianghlasála spreag nath ar bhlag Sheáin Óig Uí Duinnín mé chun cúpla saothar le Goethe a léamh - an dá leabhar faoi Wilhelm Meister go háirithe. 

Ní hamháin gur nathadóir deisbhéalach é Goethe, ach fite tríd a chuid saothair tá gearrthóga dá chuid féin - nathanna as díolaim nathanna de chuid a charactair, a chuireann leis an méid atá á rá sa phríomhscéal. (Go deimhin bíonn scéal laistigh de scéal mar ghléas inste aige go minic freisin). SEo sciar den méid a chnuasaigh mé as, maraon le cúpla nath faoi Goethe ó dhaoine eile.

‘Tá’s againn gur féidir le duine Goethe agus Rilke a léamh sa tráthnóna, Bach agus Schubert a sheinneamh san oíche, agus éirí ar maidin chun dul i mbun a chuid oibre in Auschwitz.’

George Steiner, luaite ag Alan Titley

Dante, Goethe, Chateaubriand, appartiennent à toute l'Europe, dans la mesure même où ils étaient respectivement et éminement Italien, Allemand et Français. Ils n'auraient pas beaucoup servi l'Europe s'ils avaient été des apatrides, et qu'ils avaient pensé et écrit en quelque esperanto ou Volapük intégré.
Baineann Dante, Goethe, agus Chateaubriand leis an Eoraip uilig sa mhéid díreach a raibh siad thar a bheith Iodálach, Gearmánach agus Francach. Ní bheadh siad tar éis fónamh níois fearr don Eoraip dá mbeadh siad eaitírghrách, dá mbeadh siad tar éis scríobh agus smaoineamh go líofa in esperanto nó Volapük.

Charles de Gaulle,  23 avril 1961
Wer fremde Sprachen nicht kennt, weiß nichts von seiner eigenen.

An té atá dall ar theangacha coimhthíocha, tá sé aineolach faoina theanga féin.

Johann Wolfgang von Goethe

Was verkürzt mir die Zeit?
Tätigkeit!
Was macht sie unerträglich lang?
Müßiggang!
Was bringt in Schulden?
Harren und Dulden!
Was macht Gewinnen?
Nicht lange besinnen!
Was bringt zu Ehren?
Sich wehren!

Cad a giorraíonn am dom?
Gníomhú!
Cad a chuireann fad dufhulaingthe leis?
Leisce!
Cad a thugann fiacha?
Fanacht agus foighne!
Cad a thugann brabach?
Gan smaoineamh ró-fhada!
Cad a thugann oineach?
Cuir i gcoinne!

----
Getretner Quark
Wird breit, nicht stark.

Schlägst du ihn aber mit Gewalt
In feste Form, er nimmt Gestalt.

Leathan a éiríonn gruth satailte, ní láidir
Ach má bhuaileann tú i múnla daingean é le forneart, tagann cruth air.

Goethe
West östlicher Diwan

Die Künste sind das Salz der Erde; wie dieses zu den Speisen, so verhalten sich jene zu der Technik.
 
Salann na cruinne na healaíona; mar atá  san don mbia tá siúd don dteicneolaíocht. 

Der Abbé
Wilhelm Meisters Wanderjahre 
Goethe

Die Gebirge sind stumme Meister und machen schweigsame Schüler.

Máistrí balbha iad na sléibhte agus oileann siad daltaí beagchainteacha.

Jarno /Montan
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe


Sage mir, mit wem du umgehst, so sage ich dir wer du bist! Weiß ich, womit du dich beschäftigst, so weiß ich, was aus dir werden kann.

Inis dom cé hiad do chomhluadar, agus inseoidh mé duit cé tú féin! Más eol dom cad leis a bhíonn tú gafa, is eol dom cén críoch is féidir leat baint amach.

Wilhelm Meisters Wanderjahre II, Betrachtungen im Sinne der Wanderer
Goethe

Niemand darf sich freuen oder Leiden als zum Zeitvertreib der übrigen; und so springt's von Haus zu Haus, von Stadt zu Stadt, von Reich zu Reich und zuletzt von Weltteil zu Weltteil, alles veloziferisch.

Ní cheadaítear d'éinne athás nó dólás a bheith air seachas mar siamsaíocht do chách; agus dá réir scaiptera ó theach go teach an scéil, ó bhaile go baile, ó riocht go ríocht, faoi dheireadh ó Mhór Roinn go Mór Roinn, ar luas lasrach.

(faoi iriseoireacht - ach tráthúil i ré na meáin shóisialta)
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Betrachtungen im Sinne der Wanderer
Goethe 

Wahrheitsliebe zeigt sich darin, daß man überall das Gute zu finden und zu schätzen weiß.

Feictear grá na fírinne san méid seo, go mbíonn duine ag síoraí lorg an maith agus urraim aige dó.

Es gibt Pedanten, die zugleich Schelme sind, und das sind die allerschlimmsten.

Tá saoithíní ann ar rógairí freisin iad, agus iadsan is measa ar fad.

Wilhelm Meisters Wanderjahre
Betrachtungen im Sinne der Wanderer
Goethe


Verschiedene Sprüche der Alten, die man öfters zu wiederholen pflegt, hatten eine ganz andere Bedeutung, als man ihnen in späteren Zeiten geben möchte.

Bhí brí iomlán éagsúil, ná an bhrí a tugtar níos déanaí leo, leis an iliomad rá de chuid na sinsir, a ndéantar athrá minic orthu.

Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe

Alle Gesetzen sind von Alten und Männer gemacht. Junge und Weiber wollen die Ausnahme, Alte die Regel.

Seanóirí agus fir a rinne gach dlí. An eisceacht is mian le ógánaigh agus mná. An riail is mian le seanóirí.

Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe

Einer neuen Wahrheit ist nichts schädlicher als ein alter Irrtum. 

Níl faic níos dochraí d'fhírinne nua ná sean mheancóg. 

Aus Makariens Archiv 
Wilhelm Meisters Wanderjahre 
Goethe

Dieser schnelle Wechsel von Ernst und Scherz, von Anteil und Gleichgültigkeit, von Leid und Freude soll in dem irländischen Charakter liegen. 

Deirtear gur i gcarachtar an Éireannaigh atá an iompú gasta idir súgradh ⁊ dáiríre, comhbhá ⁊ neashuim, pian ⁊ lúcháir, fréamhaithe. 

Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe
Laurence Sterne faoi chaibidil aige 

Es ist nicht genug, zu wissen, man muß auch anwenden; es ist nicht genug zu wollen, man muß auch tun. 

Ní leor eolas, ní mór é úsáid. Ní leor fonn chuige bheith ort, is gá é dhéanamh. 

Aus Makariens Archiv 
Wilhelm Meisters Wanderjahre 
Goethe

2022-02-20

Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.

Bhí rud éigin eile á lorg agam i mo L-spás nuair a leag mé lámh arís ar an seoid beag seo de leabhar a chnuasaigh Antain Mac Lochlainn. A rogha fhéin de ghaois na n-údar atá ann, bailithe as a chíoradh ar na haistriúcháin go Gaeilge ar saothair ón mBíobla go filíocht Michael Augustin. 

Tá obair na n-aistritheoirí móra le fáil anseo; an fhoireann a réitigh Bíobla Mhá Nuad, Breandán Ó Doibhlin, Maighréad Nic Mhaicín, Gabriel Rosenstock agus neart eile.

Fealsúna na Gréige agus na Fraince, an Bíobla, agus neart eile mar fhoinse do na nathanna gairide seo. Iad eagraithe de réir ceannfhocail in ord aibítre chun fáil éasca a bheith ar nath nó dhó ar mórán ábhair - nathanna a bheadh fóinteach mar eipeagraf d'aiste nó caibidil leabhair.

Nó chun úsaid mar a bhainim as - é tharraingt chugam anois is arís agus blaiseadh den ngaois agus don deisbhéal.
 
Agus tá nótaí agus liosta foinsí don duine gur mian leis dul níos doimhne i scéal ar bith acu. Leabhairín gleoite cuanna fóinteach.

Focail le gaois
Antain Mac Lochlainn
Cois Life, 2002

Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim. 



2022-02-19

Gearrthóga


Blúiríní a bhí cnuasaithe ar Twitter agam as rudaí a léigh mé, atáim á gcuir  anseo ar mhaithe le rochtain níos fusa orthu. Is dócha go mbeidh mé ag cur leis ó ham go chéile.  Tá mé ceanúil ar a leithéid riamh anall agus tá cúpla cnuasach agam as Gearmáinís - ó na meánaoiseanna ar aghaidh! Tá cnuasach Sengoídelc Dennis King ann. Chruthaigh Mauro Maver bot a chuireann mír an lae amach ar Twitter agus tá sé de nós agam Gaeilge an lae inniu a chuir orthu. Is deas na bloghanna beaga gaoise, agus is minic iad fós tráthúil. Leabhairín beag le Kurt Tucholsky a chuir teideal an mhír seo i'm intinn - Schnipsel. Tá Focal le Gaois Antain Mac Lochlainn ann sa Ghaeilge, ar ndóigh.

Tá rud ann ar a [dtugann Pat Butler] ‘Céad Phrionsabal Cathal Goan’. Deireadh sé linn agus sinn ag obair ar na gclár Cúrsaí fadó gan a bheith ‘ag bladar faoin nGaeilge. Cuirigí in úsáid os comhair an phobail i bhfoirm nádúrtha thaitneamhach í’.

Is ar shlí mhaireachtála, agus cúrsaí cultúrtha san áireamh leis an dtéarma sin, a bhraithfidh an foclóir a bheidh in úsáid in aon teanga ar shneachta, nó báisteach, nó feirmeoireacht, nó ríomhaireacht, nó litríocht nó aon rud eile, seachas ar an dteanga féin.
Paddy Bushe
Qui se sibi magistrum constituit, stulto se discipulum subdit.

An té is mian leis é féin a oileadh, bíonn amadán mar dhalta aige.

Epistola LXXXVII, sect. 7
Bernard Clairvaux

'Má fhaigheann tú amach go bhfuil duine ag cúlchaint fút, ná bac le tú féin a chosaint ar na ráflaí ach abair seo, ‘Ó is ea, ach is léir nach bhfuil aige ach leath an scéil nó déarfadh sé i bhfad níos mó ná sin.’

Eipictéatas, Enchiridion: 33.9 (Antain Mac Lochlainn)

Is ar éigean atá aon tsnáithín d'ár gceangal do Shasana anois - ó tá, agus téad téagartha .i. teanga na Sasanach. Mara an ngearraimíd an téad sin tá baoghal go dtarraingeochaidh an Sasanach chuige féin arís sinn.

Éamonn Mac Giolla Iasachta 1938

ní chodlaíonn siad néal
na leabhair, ná mé
fairim an chathair i mo chlóca tréigthe
ex-libris, feidhmím gan dlí
feicim chuile chluaisín cait, gach ní stróicthe
scabhait a líontaí le leabhair chrua
anois lán dromanna damnaithe 
mé uasal, mé an oíche
mé Leabhrach

Gráinne Ní Mhuilneoir @ansiopaleabar in aithris ar leagan Béarla @sotherans

Ro chuattar iar sin na Lochlannaig fon tír, & ro airgsiot & ro loisgsiod an tír uile. Tugsad dna slúagh mór dhíobh a m-brait léo go h-Eirinn: .i. siad-sin na fir ghorma. Uair is ionann Mauri & nigri; Mauritania is ionann is nigritudo. 

tagairt do "fir ghorma" in Annála neamhiomlán na hÉireann

Auferre trucidare rapere falsis nominibus imperium, atque ubi solitudinem faciunt, pacem appellant.

Tugann siad an t-ainm bréagach impireacht ar ghoid, creachadh agus ár, agus nuair a chruthaíonn siad fásach tugann siad síochán air.

Calgacus athluaite ag Tacitus in Agricola

 

Irren ist das Recht dessen der die Wahrheit sucht  

Is ceart de chuid an té, atá ag lorg na fírinne, dul amú

Erich Mühsam

Das war ein Vorspiel nur, dort wo man Bücher Verbrennt, verbrennt man auch am Ende Menschen.  

Ní raibh ansin ach réamhrá, san áit a dóitear leabhair
Dóitear daoine faoi dheireadh.

Heinrich Heine Almansor 

On ne voit bien qu’avec le coeur. L’essentiel est invisible pour les yeux.

Leis an croí amháin a feictear i gceart. Tá an eisint dofheicthe do na súile.

Antoine de Saint-Exupéry / Le Petit prince

Trí daoine a déantar duine den nduine

Umntu ngumntu ngabantu.

Seanfhocal Xhosa 

Ein Buch ist ein Spiegel, aus dem kein Apostel herausgucken kann, wenn ein Affe hineinguckt

Scathán is ea leabhar, ní thig le aspal féachaint amach as má fhéachann ápa isteach ann.

 Georg Christoph Lichtenberg.