Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-11-15

Pygmalion 26


Ní minic a bhíonn dráma Gaeilge (nach ionann agus dráma dátheangach) le feiceáil san ardchathair. I ndáiríre tá Axis Bhaile Munna ró fhada ó bhaile dom d'ócáid um 20:00 má tá obair agam an lá ina dhiaidh. Ach tá ardmheas agam ar saothar Aisling Ghéar. Mar sin, Déardaoin seo caite, rinne mé mo bhealach trasna na cathrach ó Dhún Laoghaire go Baile Munna.

Baineann bun dhráma Shaw le cé mar a léiríonn urlabhra aicme. Tá urlabhra lárnach san dráma seo, Ollamh ardnósach cantalach a bhfuil an Ghaeilge foghlamtha aige agus caighdeán ard foghraíochta á leagan síos aige. Scoláire. Feirsteach í Eilís, agus a cara Freddie - an bheirt acu tar éis teacht trí córas na gaelscolaíochta agus an pobal in iarthar Bhéal Feirste. Daideo Eilís tar éis a chuid Gaeilge a fhoghlaim sa Jailtacht. Daoine ón nGaeltacht sa chathair. 

An tOireachtas in áit Bál an Ambasadóra. 

Ceisteanna iomadúla faoi féiniúlacht, Gaeilge "cheart", cultúr agus ceannasaíocht. 

Cliar de naonúr ar fad, líon ard do dhráma na laethanta seo. Seán T Ó Meallaigh ina Higgins cantalach borb. 

Ach b'í Eithne Carson i bpáirt Eilís an réalta. An nóta ceart de mórtas as a cúlra ag streachailt leis an dtuiscint go bhféadfadh sí breis a fhoghlaim, Gaeilge níos gaire do Ghaeilge na Rosann a bhaint amach. Sásta obair air. 

Greann sa dráma freisin, uirlis éifeachtach chun mórtas míchuí a pholladh, nó chun tuiscint a nochtadh. 

Eilís a chuireann críoch leis an ndráma, ag fógairt a tuiscint agus a féiniúlacht trí amhrán féinchumtha a chanadh ar ardán an Oireachtais, ag Corn Uí Riada. 

B'é an Déardaoin an léiriú deiridh de chamchuairt timpeall na tíre. Ach seans go mbeidh athléiriú.