Bhí Amharclann Smock Alley lán go doras aréir agus ócáid de chuid IMRAM ar bun ann. Na filí Laoighseach Ní Choisdealbha, Jackie Mac Donncha agus Cúán de Búrca ag reic dánta. Trá Pháidín i mbun cheol.
Smaoineamh de chuid Majella Ní Chríocháin, bainisteoir IMRAM, a thug spreagadh don ócáid - d'iarr sí ar na filí scríobh faoine dtaithí ar an bus 424 ón gCeathrú go Gaillimh; agus ar ais.
Ar ndóigh An 424 is teideal don gcéad albam a d'eisigh Trá Pháidín, bhí na rianta oiriúnach dá réir don ócáid.
Trí ghuth ana éagsúla.
Tharraing Laoighseach pictiúr dúinn le focail agus meafair, meafair liotúirgeacha go minic. Taithí an chomaitéara. An solas agus an clapsholas, reanna neimhe ag damhsa; an duine nach bhfuil do rogha aige ach bheith in mochóirí. Agus daoine ag teacht ar bord duine ina nduine, cúraimí éagsúla sa Ghaillimh orthu. An bóthair sceirdiúil aniar.
Léamh eile a bhí ag Jackie Mac Donncha, ar faide an taithí aige ar mbus agus tírdhreach. Sruth comhfheasa a bhí in aistir siúd, léaspairtí fite tríd ag baint gáire as an lucht féachana. Ach dáiríreacht freisin - an iliomad teanga anois san áis nach gcloistí ach Gaeilge fadó - an Ghaeilge anois ina teanga coimhthíoch is measc teangacha iomadúla inimircigh agus teifigh.
Cé go raibh Cúán ar an mbus céanna, ar an mbóthar céanna, aistir osréalach a thug sé dúinn - alltar Chonamara seachas ceantar Chonamara.
Trí ghuth ana éagsúla. Saibhris acu triúir. Ceol sa chaint, ar threisigh ceol Trá Pháidín idir na míreanna é.
Agus saothar físe le Dónal Dineen. Tírdhreach turas an bhus claochlaithe le dath agus scileanna físe, chun an cheol agus an reacaireacht a threisiú.
Léiriú eile den scoth ó IMRAM!
