Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Jackie Mac Donncha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Jackie Mac Donncha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-01-29

Oiread na Fríde

Sheol Cló Iar-Chonnacht cóip léirmheasa den úrscéal seo do dhéagóirí chugam. 
Covid (nó Conús-19, mar a thugann Mamó air) mar chúlra do scéal baintreach agus a beirt déagóir atá in aontíos le máthair an fhir a cailleadh cúpla bliain roimh tús an scéil. Agus madra, Leo. Gearrtha amach ón saol toisc na srianta, scolaíocht agus obair ón mbaile.

Lá breá ag triall ar Mhamó ag bailiú seanchas agus nathaíocht uaithi. 

Ansin castar fear a chuireann spéis inti ar Áine, agus é ag díol carr léi. 

Faighimid léargas ar tuairimí agus streachailt Áine, a hiníon Aoife agus Mamó. Insint ó dearcthaí éagsúla. Focail Aoife amhail is dá mbeadh sí ag scríobh ag a hathair, agus é ar shlí na fírinne. Ní fhaighimid mórán faoin leathchúpla fireann Naoise, ait go leor. Cíortar grá, cumha, amhras agus imní. Tá fonn orm milleadh scéil a sheachaint, mar sin is gá dom bheith airdeallach faoin méid a deir mé! 

Bhraith mé áfach go raibh na mothúcháin agus na himeachtaí sochreidte go maith, na pearsan nádúrtha agus bá an léitheora múscailte go healaíonta. 

An Ghaeilge soiléir ach saibhir. Tairbheach, measaim do dhéagóirí atá compordach le léamh na Gaeilge.

Fearacht Mianadóir agus Aileach tá scéal snasta soléite anseo againn ó Jackie Mac Donncha. 


Jackie Mac Donncha 
Cló Iar-Chonnacht

2016-09-21

Bróga Johnny Thómais

Thaitin 'Aileach' agus 'An Mianadóir' go mór liom agus croch mé liom 'Bróga Johnny Thómais' ón leabharlann le déanaí. Gearrscéalta atá ann, ach n'fheadar an bhfuil an cuir síos sin cruinn. Tá go leor den inseacht laistigh de chloigne na carachtair. Scéalta deireadh saoil go leor acu. Daoine ag scagadh a saoil, buaicphointí agus íosphointí á mheabhrú arís acu. Tá greann dorcha agus gaois saoil go láidir sna sleachta. Rinneadh gearrscannán bunaithe ar scéal amháin acu - scéal áiféise Cúilín Dualach faoi leanbh a rugtar agus a chloigeann droim ar ais air.  (Tá teacht air ar Vimeo)

Tá pléisiúr le baint as insint máistriúil Mhic Dhonncha agus síolta go leoir chun machnamh a spreagadh.

Beidh mé ag coinneál súil in airde do bhreis uaidh.

2015-12-11

Mo chroí i'm bhéal ag léamh

Tháinig féirín gan choinne chugam ó Chló Iar Chonnacht i ndiaidh an mór-sheoladh le déanaí. Beart mór groí leabhair.
Ina measc 'An Mianadóir', úrscéal nua le údar 'Aileach', Jackie Mac Donncha.
Scéinséir comhaimseartha. Tagann imirceach abhaile tar éis na blianta i Meiriceá go teach a muintire. Iadsan marbh le cúpla bliain. Gan aithne ar bith air san áit.
Níl sé ach fillte tamaill gairid nuair a théann mac óg na comharsana ar iarraidh, buachaill a raibh beagán caidreamh aige leis.
Tá cúpla dearcadh reicthe sa scéal, scéal an chuardaigh nochtaí diaidh ar ndiaidh ó dhearcadh athair, máthair, deirfiúr. Tranglam mothúcháin.
Scéinséir atá anseo agus tá drogall orm nod ar bith a scaoileadh a mhillfeadh pléisiúr na léitheoireachta ar dhuine eile.
Níl le rá agam ach go raibh mo chroí i mo bhéal agam le linn an chuardaigh. Corr ar chorr sa scéal. Comhbhá múscailte ionam le pearsana éagsúla an scéil.
Téamaí láidre comhaimseartha, tromaíocht ar scoil, amhras faoi strainséirí bunaithe ar nuacht léanmhar. An caidreamh teaghlaigh ina cíor thuathail ag fóin cliste (íorónta gur ar fón póca atá seo á scríobh agam).
Tá an leabhar seo dírithe ar dhéagóirí dar leis an bhfoilsitheoir.
Is cinnte go mbainfeadh siad pléisiúr agus tairbhe as, ach sílim go bhfuil sé feiliúnach do dhaoine fásta freisin, go háirithe iadsan a dtaitníonn scéinséirí leo.
An Mianadóir
Jackie Mac Donncha
Cló Iar Chonnacht