Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-01-29

Oiread na Fríde

Sheol Cló Iar-Chonnacht cóip léirmheasa den úrscéal seo do dhéagóirí chugam. 
Covid (nó Conús-19, mar a thugann Mamó air) mar chúlra do scéal baintreach agus a beirt déagóir atá in aontíos le máthair an fhir a cailleadh cúpla bliain roimh tús an scéil. Agus madra, Leo. Gearrtha amach ón saol toisc na srianta, scolaíocht agus obair ón mbaile.

Lá breá ag triall ar Mhamó ag bailiú seanchas agus nathaíocht uaithi. 

Ansin castar fear a chuireann spéis inti ar Áine, agus é ag díol carr léi. 

Faighimid léargas ar tuairimí agus streachailt Áine, a hiníon Aoife agus Mamó. Insint ó dearcthaí éagsúla. Focail Aoife amhail is dá mbeadh sí ag scríobh ag a hathair, agus é ar shlí na fírinne. Ní fhaighimid mórán faoin leathchúpla fireann Naoise, ait go leor. Cíortar grá, cumha, amhras agus imní. Tá fonn orm milleadh scéil a sheachaint, mar sin is gá dom bheith airdeallach faoin méid a deir mé! 

Bhraith mé áfach go raibh na mothúcháin agus na himeachtaí sochreidte go maith, na pearsan nádúrtha agus bá an léitheora múscailte go healaíonta. 

An Ghaeilge soiléir ach saibhir. Tairbheach, measaim do dhéagóirí atá compordach le léamh na Gaeilge.

Fearacht Mianadóir agus Aileach tá scéal snasta soléite anseo againn ó Jackie Mac Donncha. 


Jackie Mac Donncha 
Cló Iar-Chonnacht