Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-01-29

Nonnendammallee

 BSM-Lok 1 als Denkmal in Berlin an der Nonnendammallee
Le Rohrensee, faoi cheadúnas CC By SA 3

Chuir mé tús le mo shaol gairme sa bhloc oifige a bhí os comhair monarcha AEG i Nonnendammallee (Ascal díog na mná rialta), sa cheantar sin de chuid Beirlín ar a dtugtar Siemensstadt. Bhíomar timpeallaithe ag monarchan de chuid Siemens. Is amhlaidh go raibh formhór de chuid monarchana AEG in oirthear na cathrach nó sa taobh tíre lasmuigh, agus chaill siad go leor acu tar éis an chogaidh. Bhí an monarcha iarnróid mór i Hennigsdorf (Baile Hennig, ainm dílis) a bhí soir ó thuaidh ó Bheirlín. Bhí seilbh glactha ag an rialtas thall air, agus "VEB Lokomotivbau Elektrotechnische Werke „Hans Beimler“ Hennigsdorf" baiste air. Bhí an Wende (an casadh mór) tarlaithe i 1989, agus an athaontú ar an dtairseach. Bhí an Treuhand (Iontaobhas) freagrach as úinéirí nua a aimsiú do na Volkseigenebetriebe (gnólachtaí ar leis an bpobal iad). Bhí idirbheartaíocht ar bun ag AEG (iad féin faoi úinéireacht Daimler) chun an sean sealúchas a fháil ar ais - ar fíor bheagán airgid. Comhthreomhar leis sin bhí roinnt innealtóir ón gcomhlacht thall fostaithe sa chomhlacht abhus, agus i measc mo chomhghleacaithe. 
Meascán Kultur agus aoise, agus gréasán casta Siezen, Herr sloinne nó duzen agus ainm. (Sie = dara phearsa iolra nó  du = dara pearsa uatha, foirmeálta)

Bhí formhór an fhoireann sa rannóg in oifig oscailte ar urlár na talún, Herr B, an bhainisteoir ina measc. Ba as Schwaben eisean. D'inis sé dom go raibh sé in ann comhrá ina chanúint féin le hAmish Pennsylvania! Herr Ó hAlmhain a thug sé orm i gcónaí. Lámh leis siúd bhí Herr M. Bhí sé siúd gar d'aois pinsin. Fear liath séimh. Chuala mé a ainm cúpla uair, ach ní dóigh liom gur ghlaoigh mé as air riamh. Bhí beirt teicneoir sa rannóg agus an saotharlann mar chúram orthu. Frau S agus Herr D, cé gur thug roinnt Manfred ar Herr D.
Daoine lácha ach bhí bearna aicme ann idir iad agus na hinnealtóirí, agus meas ar an dá thaobh ar an mbearna. Murar de bhunadh Beirlín Thiar iad araon, bhíodar ann le fada.
Ba ríomhchláiritheoir sinsearach é Herr F. Tar éis tamaill is Hans Joachim a thug mé air siúd. Fear iontach sciliúil, ach mura raibh an cheist cruinn ceart, ní bhfaighfeá freagra. Agus scaití bheadh comhghleacaí ag streachailt le fadhb le tréimhse ach go bhfaigheadh sé amach go raibh sé réitithe fadó ag Herr F. Ní raibh líonra ceart ann an uair úd, ní áirím idirlíon. Ní raibh bainistíocht cumraíochta éasca. Go minic bheadh duine nó beirt innealtóir amuigh le cliant, ag réiteach fadhbanna de réir mar a tháinig siad chun cinn. B'é an toradh ar sin ná gur fhás na leaganacha de clár a bhí mar an gcéanna tráth óna chéile. Rud a chiallaigh nach bhféadfaí réiteach coiteann ar fhadhb coiteann a chuir i bhfeidhm go héasca. Scaití bhíodh comhghleacaithe ar an gcoigríoch - i Milano na hIodáile, i dtuaisceart na Sualainne, i Debrecen na hUngáire. Nó fiú i nGuangzhou na Síne. Aisteach go leor, i mBeirlín ag obair ar na U-Bahn a chaith mise formhór mo shaol oibre thall, agus fiú agus mé ag obair ar thogra idirnáisiúnta i dtreo deireadh mo thréimhse is annamh a bhí mé as baile níos mó ná cúpla lá. Bhí mé breá sásta leis sin, go háirithe nuair a bhí na buachaillí agus nuachar agam.
Bhí beirt deartháir sa rannóg, Jörg agus Berndt B. Ba as Spandau, gar don láthair, iadsan. I Spandau a bhí mise freisin. Ar feadh blianta ba dís oibre mé féin agus Berndt, ag obair as lámha a chéile. Ach scéal eile sin, nár thosaigh go ceann cúpla bliain. Bhí beirt innealtóir ó LEW ag obair sa rannóg. Wolfgang B. agus Thomas W. D'fhoghlaim mé neart jóc polaitiúla ón oirthear uathu! Beirt gnaíúil cé go raibh siad crosta scaití faoi na Wessi déanamh beag is fiú de na scileanna s'acu. (Is é mo thuairim féin gurb innealtóir níb fhearr a bhí iontu toisc go raibh orthu dul i ngleic leis an easpa, agus iad seiftiúil dá réir). Ba ón oirthear freisin Matthias K. É níos óige ná an bheirt eile agus, creidim oideachas ollscoile aige áit ar fhoghlaim siadsan a gceird tríd printíseacht agus taithí. Difríochtaí beaga aicme arís. Bhí Udo S. ann. Schwabe eile. Agus Pierre M. De bhunadh gréagach measaim. Teasaí. Ba ghairid gur bhog sé go dtí an rannóg díolacháin. An taobh dorcha, dar linne forbróirí... Tharla eachtra greannmhar roimhe sin. Chuir duine éigin alt faoina bhráid faoin sofhriotail a úsáidtí i litreacha molta oibre, agus an fíor chiall leo. Ba ghnách a leithéid a éileamh agus duine ag malartú poist. Ansin, fuair sé litir ar an deasc roimhe, breac leis an sofhriotail céanna. Abhae leis le taghd go dtí an rannóg pearsanra.... Ar ndóigh, bob a buaileadh air. (Ní heol dom cé a bhuail. Bhí greann ag formhór an fhoireann, iad ar fad is dócha, agus d'fhéadfadh éinne a bheith tar éis an chleas a imirt).

Bhí Jens-Peter ann freisin, an fear a thug go Halle mé. Agus tar éis bliana nó dhó thosaigh céimí eile Micha P. Ach bhí fiú eisean, bhí sé níos sine ná mé. Tharlódh nach raibh siad ar fad an oiread sin níos sine ná mé, ainneoin mar a shamhlaigh sé dom. Is mór an ní cúpla bliain agus tú sna fichidí luath.

Ní ar an urlár talún a bhí mise, ach ar an gcéad urlár. Seomra le fuinneog mór. Ceithre deasc i gcruth muileata agus planda ollmhór glas eadrainn. Bhí an fhuinneog ar chlé uaim agus an doras ar an dtaobh eile den mhuileata. Axel B. lena dhroim leis an bhfuinneog. Más buan mo chuimhne, as Beirlín thiar eisean. Iartharach cinnte. Ar mo aghaidh amach Frank W. Oirthearach ciúin stuama éirimiúil. Sar a bhfad bhí sé ina leasbhainisteoir. Ar dheis uaim Herr B. Iartharach. Bhain seisean le rannóg eile, agus ba oibrí ar chonradh é. Tar éis tamaill bhí sé imithe agus duine eile ina áit. Manfred O - cé gur Herr O a thug mé air níos minice ná a mhalairt. An chuimhne is gléine atá agam ar Herr B ná gur chuir sé ina luí orm freastal ar dhráma a bhí iontach maith, dar leis. Rinne mé rud air, agus chuaigh - liom féin. Ní raibh mé in ann ciall ar bith a bhaint as, agus dúirt sin leis. Ar léigh tú an clár roimh ré? ar sé. Bhí mise den tuairim, agus tá fós, go mba cheart do dhráma ciall a dhéanamh as féin!

Cé nár chaith mé riamh tobac, chaith Axel agus na deartháireacha B. Ní raibh cead caitheamh san oifig. Sa log staighre a bhíodh siad ag ól tobac. Théinn síos le hAxel ar mhaithe leis an gcomhrá - agus d'fhoghlaim mé go leor mar sin. Bhíodh cúrsaí oibre á gcíoradh chomh maith le cúrsaí an tsaoil.

Ba gheanúil an dream iad, agus tá teagmháil éigin fós agam leis na deartháireacha B. Castar ar a chéile muid nuair a bhím thall do béile agus cúpla deoch.