Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-01-28

Portráid den ríomhchláiritheoir ina aosánach

D'iarr an déagóir, do thogra éigin dá gcuid féin, orm an cnuasach grianghraif a chartadh amach. Nuair a rinne mé amhlaidh tháinig mé ar an bpictiúr seo. Tógadh é i Halle i 1991. Bhí mé féin i mbun printíseachta mar a déarfá, agus mé i Halle le comhghleacaí níos sinsearaí. Thug sé ann mé toisc go raibh mé tar éis fadhb éigin leis an gcóras a oibriú amach agus a réiteach. Ní cuimhin liom baileach sonraí faidhbe. 

Deirim printíseacht toisc go raibh mé ámh go maith ainneoin mo chéim ollscoile san innealtóireacht leictreonach. Céim a bhain mé amach ar éigean, ní mór a rá. Is amhlaidh go bhfuair mé marcanna arda gan dua sa mheánscoil agus san ardteistiméireacht. Ar an ndrochuair domsa, chiallaigh sé sin nach raibh mé tar éis foghlaim conas foghlaim. Níor réitigh saoirse na hOllscoile liom.

Bhí an bád bán i ndán do beagnach gach duine i mo rang ollscoile ar aon nós. Bhí cleachtadh ag an Ollscoil ar an gcomhlacht Gearmánach Siemens a bheith ag fostú thart ar fiche duine gach bliain. Is amhlaidh go raibh céimithe na hÉireann cúpla bliain níos óige ná céimí faoi chóras na Gearmáine. Go háirithe toisc go raibh, an uair úd, tréimhse le caitheamh san airm ag formhór leaids na Gearmáine. Faoin am go raibh céim acu is minic go raibh leannán buan acu freisin agus iad socruithe síos. Ba dheacair ag leithéidí Siemens iad a sheoladh fud na cruinne ar gnó dá réir.

Ar aon nós, an bhliain a bhí mise ag céimniú shocraigh comhlacht eile, AEG, aithris a dhéanamh orthu. Bhí an rannóg iompair iarainn sa tóir ar innealtóirí díolacháin, pleanála agus forbróirí. Sa deireadh thairg siad post do ceathrar againn as COBÁC agus cúigear as Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Tá cuimhne orm nach raibh roinnt de mo chomhghleacaithe i gCOBÁC sásta leis an mbealach borb a cuireadh in iúl an rogha. Rinne siad rud éigin fearacht muid uilig a ghlaoch isteach i seomra amháin tar éis na hagallaimh, agus rá le cách seachas an ceathrar a roghnaíodh bailiú leo! 

 Tá meathchuimhne agam go bhfuair an naonúr againn juncaed go Beirlín. Tá mé cinnte gur casadh an dara bean as an naonúr orm, neach léinn as Corcaigh fearacht an bhean eile. Caithfidh sé gur thall a tharla sin. Níor ghlac sise leis an bpost, agus níor ghlac fear de mo chomhghleacaithe leis ach oiread. Is amhlaidh gur rugadh i mBeirlín eisean, agus máthair Gearmánach aige. Ó tharla an tír ar tí bheith athaontaithe bhí deireadh leis an díolúine ón arm a bhíodh ag cónaitheoirí Bheirlín (Thiar). Ní raibh fonn air go mbeadh air na páipéir a sháighneáil. Nó sin mo chuimhne cibé.

Táim measartha cinnte gurb é mo Ghearmáinis líofa a ghnóthaigh post dom, agus ní mo mharcanna laga. Bhí sé d'ádh orm post a fháil san rannóg forbartha.

Ó tharla Gearmáinis líofa agam, ar mo chrann a thit sé idirghabháil a dhéanamh. Ní raibh taithí ag AEG ar céimithe ón iasacht a thabhairt isteach agus bhíomar uilig buartha faoi lóistín, agus an chuid eile faoi foghlaim na Gearmáinise. Chaith mé tamaill fhada ar an nguthán chun na Gearmáine ag plé leo. Líne talún, i seomra na gcótaí faoin staighre i dteach mo mhuintire. 

Ar aon nós thuirling seachtar againn i mBeirlín an 30 Meáin Fómhair 1990. Le tosú ar an 1ú Deireadh Fómhair. Ar an 3ú Deireadh Fómhair a tharla athaontú na Gearmáine. (Cuid den fáth nach ndearna AEG filleadh ag lorg céimithe as Éirinn. Bhí teacht acu ar innealtóirí le taithí ón oirthear, agus iad ábalta pá níos ísle a íoc leo...)

Bhí lóistín sealadach socruithe ar feadh cúpla lá go dtí gur socraíodh lóistín níos buaine dúinn. Formhór againn in árasáin aon seomra d'oibrithe óga. 

I dtús báire cuireadh an t-iomlán againn chuig ranganna Gearmáinise. Thóg sé tamall orm cuir ina luí ar an rannóg pearsanra nach raibh siad de dhíth orm, go raibh mé ag cuir mo chuid ama amú. Agus bhí. Ag léamh nuachtán (Gearmáinise) nó ag déanamh crosfhocail. Chuir sé sin isteach roinnt ar an gcuid eile, a bhí ag iarraidh foghlaim.

Scaoileadh i mbun oibre mé go luath. Is ansin a thosaigh an foghlaim i gceart. Bhí mé ámh. An chéad lá, le teann aineolais, chaith mé culaith ar obair. Le meangadh ar a aghaidh, d'fhiafraigh mo bhainisteoir dom an raibh mé sa tóir ar a phostsa! 

Bhí mé sa rannóg a bhí ag plé le stiúradh na hinnill i traenacha agus tramanna. Bhí rudaí ag athrú go mall ó innill srutha díreach go hinnill srutha ailtéarnach. Sruth díreach - 750 nó 1500 V a bhí ar an sreang in airde go hiondúil. Nó, i gcás U-Bahn Bheirlín ar an tríú ráille. 

Chun an sruth go dtí an inneall a smachtú baineadh feidhm as "chopper" (focal a bhí in úsáid sa Ghearmáinis cé go bhfeicim go bhfuil Zerhacker ag Wikipedia). 

Is éard a bhí i gceist leis sin ná lasc a osclaíodh agus a dúnadh chun an voltais a stad agus a thosú. Bhí ionduchtóir mór i sraith leis an inneall, rud a rinne scagadh ar an sruth chun go mbeadh sruth seasta ag an inneall. Tríd an lasc a fhágáil air níos faide, d'fhéadfaí an sruth a mhéadú. Chun an traein a mhoilliú casadh treo an srutha, ag déanamh gineadóir as an inneall. Dá bhféadfaí, chuirfí an fuinneamh ar ais sa líonra. Mura b'fheadfaí, b'éigean an fuinneamh sa bhreis a iompú ina theas i bhfriotóir. Bhí lasc eile chuige sin. Leathsheoltóirí a bhí i gceist leis an dá lasc, tíreastóir.

An cúram a bhí ar an ríomhaire stiúrtha a bhí á fhorbairt ag an rannóg ina raibh mé ag obair ná na horduithe - luasghéarú agus moilliú - ón tiománaí a iompú ina n-orduithe lasadh agus múchta do na tíreastóir. Agus cúram a dhéanamh de go mbeadh an luasghéarú nó moilliú seasta, gan aon sracadh a chuirfeadh as do na paisinéirí! 

Roimh na ríomhairí, bhíodh ríomhairí analógacha i mbun an chúram. D'éiligh an digitiú cuir chuige eile áfach. Mar atá le feiceáil sa phictiúr thuas, bhí dhá raca 3U i gceist le dosaen nó mar sin cárta. Cuid mhór acu d'inchur agus aschur digiteach. Dhá chárta leis an próiseálaí (níl mé cinnte anois, ach sílim go raibh dhá phróiseálaí i gceist agus cuimhne roinnte eatarthu) agus an cuimhne, cuimhne buan san áireamh. Bhí na ríomhairí sách mall le hais inniu, agus an cuimhne teoranta go maith. Mura bhfuil dul amú iomlán orm, 8086 a bhí i gceist. 
 Bhí cúpla cárta eile a ghin na hord do na tíreastóir. Bhí plána cúil a nasc na cártaí le chéile, cuid de ina clár ciorcad priontáilte, ach bhí cineál spící ann freisin chun nascanna eile a dhéanamh le sreang sreangfhilleadh. 

Chun go rachainn i dtaithí ar na bunphrionsabail, chuir mo bhainisteoir ag spraoi le bréagán iarnróid mé! Bhí samhail den sean chóras ríomhaireachta ann. D'fhéadfaí an cárta a ghin an pátrún voltais a thiomáint uaidh sin. Agus ionduchtóir i sraith leis, d'oibrigh sé sách maith. Is beag is cuimhin liom faoi sonraí an tasc úd. Na faoin léamh a bhí á dhéanamh agam. 

Ní cuimhin liom ach an oiread cad é an fabht a d'aimsigh mé sa chóras do Jens-Peter. Bhí baint ag sreang nua a tharraingt leis an réiteach. 

Bhí fadhb eile ann áfach, a bhí ag tarlú ar fud an bhail leis na córais nua. Anois is arís, lasadh an ríomhaire an ttíreastóir, agus ní mhúchadh. An toradh a bheadh ar sin ná ardú ana thobann san sruth ón líonra. De ghnáth, toisc a ghéire is a bhí an t-ardú mhúchadh an trealamh cosanta an cumhacht - toisc go raibh an cuma air go raibh gearrchiorcad ann. Agus stopfaí gach traein, ar a laghad sa chuid den líonra a bhí múchta. 

Agus muid i Halle dúirt duine ón gcomhlacht iompair le seanbhlas Alle Räder stehen still wenn die AEG es will. 
Casadh á bhaint aige as sean nath ceardchumainn:
A fhir na hoibre, múscail! 
Agus aithin do neart! 
Seasfaidh gach roth, 
Más sin atá ó do ghéag láidir. 

Ar ndóigh, níorbh é ár mian in aon chor é. Thóg sé i bhfad, agus saothar foirne go leor chun rúta an fhaidhb a aimsiú. Sách luath áfach bhí sé soiléir go raibh athrú i slis áirithe mar chuid den fhadhb. Ba chosúil go raibh an leagan nua den slis, a bhí in ainm is a bheith díreach mar an gcéanna leis an seanleagan, níos leochailí. Ar chúis éigin, anois is arís léigh sé an luach OxFFFF - gach giotán lasta - seachas an luach i bhfad níos lú a scríobh an ríomhaire ar an mbus sonraí. An toradh a bhí ar sin ná an lasc oscailte go buan. 

Tharla go raibh dhá slis den déanamh céanna ar an gclár. Ba é an bealach thart ar an bhfadhb ná sean slis a chur in ionad amháin, agus slis nua san ionad eile. D'éirigh leis an gcomhlacht soláthar leordhóthanach de na seansliseanna a fháil, tugadh treoir don monarcha a bheith airdeallach. Agus ar aghaidh linn. Gach anois is arís seoltaí cárta amach leis an slis mícheart - ach ar ámharaí an tsaoil bhí an slis i soicéad, agus d'fhéadfaí é athrú go héasca. 

Cúram eile a bhí orainn i Halle an turas úd. 

Lean an cuardach ar aghaidh san saotharlann, agus faoi dheireadh aimsíodh an chúis. Bhí clog 8hz ar chonair a bhí ingearach leis an bus sonraí gan don slis. B'shin ba chúis leis an luach mícheart. Ó tharla go raibh réiteach sásúil ar an bhfadhb, ní dóigh liom gur rinneadh aon athdhearadh ar an clár ciorcad priontáilte - rud a bheadh daor agus stoc mór déanta cheana féin.