Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-01-15

Taibhreamh agus Tromluí Kepler


Is maith liom ficsean eolaíochta agus le déanaí bhí mé ag léamh gearrscéalta iomadúla ar líne. Nuair a thagaim ar údar a thaithníonn a stíl liom, is minic mé ag lorg breis eolais orthu. Is mar sin, tríd sleaschéim a chuala mé trácht ar Somnium Kepler. Saothar a bhfuil éileamh áirithe aige ar an teideal "céad iarracht ficsean eolaíochta". (Tá iomaitheoirí eile ann, ag dul i bhfad siar agus ag brath ar cá chuirtear an deighilt idir fantaisíocht agus eolaíocht san ficsean samhlaíochta). Fuair mé cóip den saothar féin as Gearmáinis ar Kindle - úrscéilín gairid 33 leathanach. Admhaím gur shíl mé an matamaitic atá ann a bheith tur go leor - ní haon saineolaí mé ar fithis is reanna neimhe, agus ní chuireann triantánacht áthas ar mo chroí. 

Ar shlí is spéisiúla stair an scéil ná an scéal féin dom. 

Tháinig mé ar an aiste seo á phléann conas ar tháinig ann do Thaibhreamh Kepler, saothar a d'oibrigh sé air i dtréimhsí éagsúla dá shaol agus a d'fhoilsigh a mhac tar éis a bhás. Sa leagan foilsithe Laidine bhí fonótaí agus mínithe a raibh dhá oiread toirt orthu agus sa bhunscéal. Tá tráchtas máistreachta a rinne an scéal agus na nótaí a aistriú go Béarla ar fáil anseo. I 1962, tús ré an spás ráis a rinneadh an obair, nuair a bhí spéis thar na bearta sa ghealach. Mar atá arís faoi láthair. 

Nuair a bhí Kepler ar an ollscoil, bhí sé ag staidéar le hOllamh le matamaitic a raibh glactha aige le teagasc Copernicus faoin ghrian a bheith i lár na cruinne. Cé go raibh glacadh éigin, roimh raic Galileo, le Copernicus mar theoiric matamaitice sa saol Chaitliceach, bhí cosc air i saol Liútarach an sola scriptura a bhí i réim i Heidelberg. Mar sin féin scríobh Kepler aiste faoi conas mar a fheicfeadh breathnóir ar an ngealach reanna neimhe agus na réalta "socair" mar a tuigeadh an uair úd iad. (iad sin a bhfuil an cuma orthu go bhfuil ionad buan acu). 
Níor tugadh cead dó, ná do chara leis a bhí ina mhac léinn dlí, an tráchtas a chur i láthair na hOllscoile le plé. Choinnigh sé an aiste áfach agus d'fhorbair a rith a shaoil é. 

Ar mhaithe le raic a mhaolú neadaigh sé é i bhfráma scéal samhlaíoch, taibhreamh faoi mhac fhiachailleach ó Inse Tuile. Bíonn deis ag an mac dul chun na Danmhairge agus staidéar le Tyco Brahe. Nuair a fhileann sé ar an Íoslainn, foghlamtha i gcúrsaí réalteolaíochta, maíonn a mháthair go bhfuil an eolas céanna aici de bharr cumarsáid le deamhain. Cuireann sí fios ar deamhan ón ngealach (Levania, bunaithe ar an Eabhrais, sa scéal). 

Insíonn an deamhan do mac agus máthair conas a d'fhéadfaí duine a thabhairt go dtí an ngealach, agus nach raibh an turas oiriúnach ach do dhaoine fáiscthe seanga. Na Gearmánaigh ró bheathaithe, Spáinnigh oiriúnach. (Dhá chine a bheadh in iomaíocht i gcúirt na n-impirí Hapsburg, mar a raibh Kepler ina matamaiticeoir impiriúil). Agus seanmhná a bhfuil cleachtadh orthu ar eitilt ar ghabhair nó scuab thar a bheith oiriúnach... 

Ansin tugann an deamhain cur síos ar an ngealach agus mar a fheictear an domhan seo - Volva - uaidh. Agus reanna eile neimhe. Ar ndóigh, níl ach taobh amháin den ngealach a bhfuil radharc ar an ndomhain uaidh, agus dhá leath an éagsúla dá réir ar an ngealach. Shamhlaigh sé uisce agus neacha beo ar an ngealach, cé gur thuig sé an tionchar a bheadh ag an ngrian agus an domhan ar chúrsaí. Is cosúil freisin go raibh tuiscint éigin aige ar imtharraingt. 

Cé nár fhoilsigh Kepler an saothar lena bheo, bhí an lámhscríbhinn ag cúrsaíocht. Is cosúil go bhfuair daoine nach raibh mórán gean acu air seilbh air, agus bain míbhrí as tagairtí a shíl sé féin a bheith magúil. B'éigean dó, toisc gur maíodh na tagairtí a bheith dírbheathaisnéiseach, a mháthair a chosaint ó líomhaintí gurb fiachailleach í. Cé gur éirigh leis í a ghlanadh ón líomhaint, bhásaigh sí luath de dheasca na coinníollacha sa ghéibheann. 

Bhí Kepler beo i ré conspóide creidimh, níos leithne ná ceist Copernicus. Is cosúil go raibh sé cráifeach ach nár ghéill sé go hiomlán don seanteagasc ná don dteagasc nua. Bhí cairde aige, dlúthchairde, i measc Caitlicigh agus Liútaraigh araon - ach frídín an amhrais faoi mar sin féin. Chaill sé postanna de dheasca a sheasamh creidimh. 

Meabhraíonn a scéal nath dom - 

Viele, die ihrer Zeit vorausgeeilt waren, mussten auf sie in sehr unbequemen Unterkünften warten.

Stanisław Jerzy Lec

B'éigean do neart, a bhí chun cinn ar a ré, fanacht i lóistín sách míchompordach air. 

Scéal iontach spéisiúil scéal na heolaíochta ar thairseach an Nua aois, agus leithéidí Kepler lárnach ann. Agus corr bhreise sa scéal de bharr na conspóid reiligiúnach a bhí fite fuaite le polaitíocht agus ceisteanna na bprionsaí chomh maith le fealsúnacht agus eolaíocht.