Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-01-31

F90/92


Tá dhá chineál líne U-Bahn i mBeirlín. Kleinprofil, ná cinn níos sine. Grossprofil na cinn nua. Ní leithne ná ráillí a bhí i gceist, ach leithne na tolláin. Ba líne Grossprofil an U7.
Córas tríú ráille a bhí i gceist. Sé sin, seachas sreang lasnairde mar atá ag an DART, tá tríú ráille in aice na ráillí ar a mbíonn na rothanna. Bíonn "bróg" ag gach cúinne de na haonaid sa traen agus brúnn sé sin i gcoinne an tríú ráille chun nasc a dhéanamh. Difríocht eile idir an dá chóras ná gur ón mbarr a bhrúnn an bróg ar kleinprofil agus ón mbun ar grossprofil. Agus an voltais dearfach i gcás kleinprofil, diúltach i gcás grossprofil. 750 V san dá chás. Thart ar míle ampère a tharraingíonn aonad amháin ag an buaic, agus trí nó ceithre aonad i ngach traein. Dhá charráiste i ngach aonad.

Sraith D agus F a bhí i gceist ar an Grossprofil. 
Innill DC a bhí i gceist i dtosach. Agus an voltais a laghdú nó a mhéadú tríd lascanna a oscailt nó a dhúnadh chun níos mó nó níos lú de friotacht a bheith idir an fhoinse cumhachta agus an inneall, de réir mar a theastaigh. Schaltwerk. Ar ndóigh, is inneall AC an inneall DC dáiríre, ach gur istigh san inneall a déantar an sruth a mhalartú. Scuabanna carbóin ag tabhairt an sruth go dtí an cuid den inneall a rothlaíonn. Go leor píosa ansin a ídítear le húsáid, idir lascanna, friotóirí agus scuabanna. Cothabháil riachtanach. Deannach agus salachar san úsáid. Agus de bharr an athrú tobann a dhéanann oscailt nó dúnadh lasc, sracadh sa ghluaiseacht a chraitheann na paisinéirí! Agus, sa chóras sin, gan aon dóigh an inneall a úsáid mar ghineadóir chun é a mhoilliú. Coscán aeroibrithe. Forc miotail i ngreim ar diosca miotail thart ar an acastóir. Gleo, boladh agus deannach, arís. Agus teas - fadhb san samhradh i mBeirlín. 

Feabhas áirithe an chóras chopper. Níos lú sracadh. Giniúint le linn moilliú.

Ach buntáistí sa bhreis le hinneall AC. Níos lú codanna a ídítear. Ach an rialú níos casta.

Bhíomar ag obair ar an sraith F90/92. Níorbh an chéad sraith AC a bhí ann, ach is ríomhaire analógach a bhí ag stiúradh an sraith roimhe. Cuir chuige iomlán éagsúil de dhíth don digitiú.

Mótar ionduchtaithe iora-cháis trí phas a bhí i gceist. Sin lán béil! Ní bhíonn aon sruth leictreach san rótar - an chuid a ghluaiseann.
Is amhlaidh go ndéanann an sruth sna corna san státar - an chuid nach ngluaiseann - réimse maighnéadach a ionduchtú sna barraí miotail san rótar. Cruthaíonn sé sin casmhóimint san rótar agus casann sé. Is féidir méid an chasmhóimint a rialú. Nuair atá an sruth sa statár ag minicíocht níos airde ná minicíocht casadh an rótar, bíonn luasghéarú ann. Agus a mhalairt nuair atá minicíocht an srutha níos ísle. Ach tá teorainn cúng leis an difear eatarthu atá féideartha chun go mbeadh an córas seasmhach. 

Tá na cothromóidí dearmadta le fada agam, ní raibh greim ceart agam orthu ar aon nós. 

Sa chóras F90/92 déantar rialú ar an sruth, ag baint feidhm as chopper mar a phléigh mé sa mhír faoi na tramanna. Ach seachas dul díreach go dtí an mótar, bhí tuilleadh tíreastóir de dhíth. Leathsheoltóir is ea tíreastóir. Cuirtear bíog srutha íseal isteach chun é a lasadh, agus ansin is féidir le sruth ard dul tríd. Bíonn an dóigh chun é a mhúchadh níos casta agus tá na sonraí dearmadta agam. Sruth íseal, níos lú ná ampère an sruth stiúrtha. Ach bheadh suas le míle ampère á iompar aige agus é lasta. 

Sé chinn de tíreastóir san Drehstromwechselrichter - (cás-sruth-athraigh-rialóir = inbhéartóir). Péire do gach phas. An sruth ag dul isteach i phas amháin, an tíreastóir uachtar lasta do sin, amach phas eile tríd an tíreastóir íochtar. Minicíocht á stiúradh tríd na bíog cearta a ghiniúint. 

Is minic go mbíonn fadhbanna teicniúla agus polaitíochta le p beag fite fuaite trína chéile. Tá airgead mór i gceist le conarthaí iompair phoiblí. Bhí sé de nós codanna de na conarthaí a roinnt idir na comhlachtaí móra - AEG agus Siemens go háirithe i gcás an trealamh leictreach. Bheadh comhlacht eile freagrach as na coscán aeroibrithe (a bhí de dhíth ar eagla go dteipfeadh ar an gcóras leictreach, agus i gcás éigeandála ar aon nós, agus chun an traein a choinneáil stoptha). 

Ar ndóigh, iomaitheoirí na comhlachtaí. Teannas eatarthu. Margaí neamhfhoirmeálta. Gheobhaidh sibhse an giota seo den gconradh seo, agus gheobhaidh muide an giota siúd den gconradh eile sin. AEG i gceannas ar grossprofil, Siemens mar soláthróir. An bealach eile thart ar kleinprofil. 
Federführer a thugann an Ghearmáinis ar an gceannas sin - eadhon an té a stiúrann an cleite (peann). Nath seanbhlastúil gur minic a chaill an Federführer neart cleití. Ar a bhí an fhreagracht as fadhbanna, fiú más an soláthróir ba chúis leo. Go hiondúil ar ndóigh ní raibh an fhreagracht soiléir toisc gur as idir oibriú idir na córais a d'eascair sé, gach cuid profa as féin faoi cúinsí saotharlainne. Ach le chéile.... 

Bhí fadhbanna tromchúiseacha ann. Anois is arís, lasadh tíreastóir nár cheart a bheith lasta. Theipfeadh ansin air, dóite ag an sruth tríd. Lánseoltóir seachas leathsheoltóir. Agus aonad traenach eile as seirbhís...

Ba an ríomhaire a bhí nua. Na bogearraí. Cinnte, ar sin a bhí an locht. Ba le AEG an ríomhaire. Aighnis! Agus an custaiméir míshásta.

Bhí deacrachtaí eile le réiteach freisin, coimisiúiniú le déanamh ar feidhmeanna éagsúla an ríomhaire, é a chuir in oiriúint don fíorshaol seachas cúinsí saotharlainne. Ní 750 V seasmhach a bhí sa foinse cumhachta, ach é dul suas agus síos agus glórach de réir mar a bheadh traenacha ag luasghéarú nó ag moilliú. (Bhí an t-amchlár oiriúnaithe chun go mbeadh, in aon limistéar cumhachta traein amháin ag luasghéarú agus ag ídiú cumhachta fad is a bhí traein eile ag moilliú agus ag soláthar cumhachta. Ach Ealaíon seachas eolaíocht ab ea sin!)

Bhí brú mar sin an fhadhb a aimsiú agus a réiteach, agus obair ar na gnéithe eile ar fad freisin. 

Chaith cuid mhór de hinnealtóirí na rannóige go leor ama ar shuíomh an BVG i mBritz Süd. Bhí rian tástála thart ar km ansin, agus is ann a tugadh na haonaid a bhí tar éis teip. 

Faoi dheireadh déanadh sraith mór tomhaiseanna ar an trealamh cumhachta. Glanadh an ríomhaire. Is amhlaidh go raibh cáblaí ard cumhachta ró ghar do na cáblaí stiúrtha. Nuair a bhí éirí nó titim tobann sa chábla ard cumhachta, d'fhéadfadh sé bíog bréige a spreagadh trí ionduchtú. 

Ba faoiseamh áirithe don rannóg s'agamsa sin - ní muide a bhí fhaillíoch. Ach bhí neart fós le déanamh agus chaith an mac seo neart ama i mBritz Süd nuair a bhí innealtóirí níos sinsearach de dhíth níos práinní in áiteanna eile.

Ar lean....