Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label beirlín werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label beirlín werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-29

Guth an phobail


Agus mé ar mo Bhlitzbesuch* ar Bheirlín chonaic mé na fógraí seo. Tá sínithe á bhailiú do dhá togra. Má sroichtear tairseach, beidh reifreann ann. Má éiríonn leis an reifreann, beidh ar an parlaimint stáit i mBeirlín an dlí a phlé (níl mé cinnte an bhfuil ceangal orthu glacadh leis).

Tá an togra Berlin autofrei ag iarraidh gnáthúsáid carranna príobháideacha a chosc laistigh den S Bahn Ring, go bunúsach cuid mhór de lár na cathrach.


Ní dóigh liom go bhfuil mórán seans ag an togra, ar an ndrochuair. Tá spleáchas gluaisteáin iontach láidir sa Ghearmáin. Níor chuir sé iontas orm go raibh na Daonlathaigh Críostaí ag feachtasaíocht ina choinne, agus ag tapú an deis gnúis polaiteoirí dá gcuid a chur faoi bhráid an phobail. Ach bhí fógraí freisin ag an Bündnis Sahra Wagenknecht. Cumannach neamhghéilliúil í Sahra Wagenknecht, a rugadh i Jena i 1969. Chuaigh sí isteach san SED, páirtí an rialtais san DDR, agus bhí ina dhiaidh sin chun cinn san PDS agus die Linke (an chlé). Cúpla bliain ó shin scoilt sí ó Die Linke agus bhunaigh a páirtí féin, ainmnithe aisti féin. Is cosúil áfach go bhfuil sí á bhrú as sin. Cé gur páirtí clé atá san BSW, tá a seasamh ar cheisteanna áirithe, fearacht inimirce agus comhshamhlú gar don eite fíordheis. Chuir sé cineál iontais orm áfach iad a fheiceáil ag stocaireacht ar son an ghluaisteáin príobháideach. 

Is í gcoinne fógraíocht leictreonach atá an togra eile. Go háirithe fógraí a ghluaiseann. Maíonn siad go gcuireann a leithéid strus agus tuirse ar dhaoine. 

Bheinn go pearsanta ar son an dá thogra. 

Tá úsáid reifrinn srianta go maith faoi Bhunreacht na Poblachta Cónaidhmí. Is furasta do dheachtóir, a bhfuil gnaoi an phobail air, mí úsáid a bhaint as a leithéid, agus rinneadh sin san Treas Reich. Dá réir, tá tairseach sách ard chun Volksentscheid a chur i gcrích, agus is ag an parlaimint atá an focal scoir (mura dtagann na cúirteanna isteach sa scéal). 

* Blitzbesuch cionn is nach raibh mé ann ach ar feadh ocht n-uaire déag. Bhí mé ag freastal ar chóisir breithlae mo chéad saoiste. Ochtó bliain slánaithe aige. D'fhoghlaim mé go leor sna céad deich mbliana sin, agus tá mé go mór faoi chomaoin aige. B'fhiú an sciurd dá réir.
Fágann sé sin go raibh sé i lár na daichidí an uair úd. Imíonn an t-am. 

2024-04-24

Opa agus Opina

Scar tuismitheoirí mo nuachair nuair a bhí sí an óg. Tá deirfiúr bliain níos sin aici, agus scaradh na páistí freisin. Mein Erzeuger, an té a ghin mé, a thugann sí ar a hathair bitheolaíochta. Tá caidreamh éigin againn leis, a bhean agus leis an dá mhac a bhí aige léi, ach is beag é, fiú nuair a bhíomar sa Ghearmáin. 

Duine eile a thugann sí athair air. Bhí Manfred thart i mblianta a hóige agus na luatha déaga. Fear mór ard. Fear amharclainne agus léinn. Intleachtóir. Cainteoir - fadálach uaireanta. 

Nuair a scar sé ó mháthair mo nuachar bhí céile eile aige. Gisela. Bean beag ciúin stuama. Eolaí - bitheolaí, mura bhfuil dul amú orm, i réimse an leighis. Ard éirimiúil. Agus í in inmhe a chuid cainte a stop go séimh nuair a chuaigh sé chun fadálachta. 

Beirt a bhí compordach le chéile. 

Bhí árasán lán de leabhair acu i lár na cathrach. Agus bhí tigh muintir Gisela fós acu, cois locha i Zeuthen. Iad idir an dá áit, go háirithe nuair a bhí cúram de dhíth ar mháthair Ghisela. Diaidh ar ndiaidh bhí orthu bogadh amach go hiomlán de bhrí go raibh an cúram sin níos riachtanaí. É roinnte le mac Gisela, an tigh roinnte idir an dá theaghlach. 

Bhí caidreamh áirithe eadrainn síos tríd na blianta. Mé ar mo chompord ina gcomhluadar. Comhráite spéisiúla. 

Opa a thug mo mhic air. Ach cén ainm a fheilfeadh do Ghisela? Ní fheilfeadh Oma, ní raibh gaol ann. Níl mé baileach cinnte conas a tháinig muid ar an leagan Opina - cineál bainneanú geanúil ar Opa. 

Tamall sular rugadh an déagóir chuaigh Manfred ar shlí na fírinne. Mar is iondúil uaireanta, rinneadh é a chreimeadh agus bhí sochraid roinnt míosa níos déanaí, mar ar chuireadh an próca san úirchill. Searmanas daonnachtúil, ceiliúraí mná ag tabhairt píosa cainte faoina shaol. Gan sólás an chreidimh. 

I gcuimhne air go pointe atá Frederike (Freddie) ar an ndéagóir. 

Maireann Opina fós, cé go bhfuil ailse á moilliú. Glaoch gutháin cúpla uair sa bhliain an teagmháil anois. 

Rinne mé blagáil cheana, litríocht leabhrán lasáin as cúpla eachtra iar chogaidh a d'inis sí dom agus mé ar cuairt. Ní cuimhin liom anois cén fáth nach raibh ach an bheirt againn ann. Sílim go raibh an chuid eile gafa ar eachtra éigin eile. 

Scéalta faoi gual a ghoid ón traein i ngeimhreadh crua 1947. Agus an teach a bheith i seilbh an NKVD, ach an teaghlach fós i gcuid. 

Daoine iad Gisela agus Manfred a mhair tríd dhá dheachtóireacht ach ar éirigh leo bheith caoin daonna geanúil (fiú má bhí Manfred beagán údarásach!) 

Is mór agam an aithne a chur mé orthu. 


2024-04-16

Milliméadair, méadair agus botúin fánacha eile

Theip orm teacht ar phictiúir de chrannóg an tiománaí ón sraith H. Seo ón sraith HK, atá ar na línte Kleinprofil. Ach tá sé cosúil leis. 
 
Ceann de gnéithe a bhí nua as an bpíosa i mBaureihe H ná an Leittechnik -  córas ríomhaireachta eolas ar leibhéal an traein iomlán. I lár na nóchaidí ba theicneolaíocht sách nua fós bus cumarsáide ar thraein - agus ní raibh an bandaleithead - an méid eolais arbh fhéidir iompar air - iontach. Ach bhí an Projektierung - an rannóg a bhí ag pleanáil rudaí i gcónaí ag iarraidh feidhmeanna nua a bhrú isteach, a d'éiligh breis eolais a scaipeadh idir an ríomhaire láir agus na ríomhairí eile, an ríomhaire a bhí faoinár gcúram ina measc. Ní raibh ach cúpla rud de dhíth orainn dáiríre. Ina measc bhí stiúradh luais ar leibhéal an traein, bogearra a bhí ag feidhmiú ar an lár ríomhaire ach faoinár gcúram. 

Níor thug siad ach beart - ocht ghiotán dúinn don luas. Uimhir ó 0 go 255 mar sin. Ní cuimhin liom cén méid a bhí san uimhir a tháinig ar ais, ná go deimhin cén brí go baileach a bhí leis - céatadán fórsa sílim. Ní raibh ach taifeach 0.5 km/h ann don luas, mar sin ní raibh an rialú chomh maith is gur mhian linne é a bheith. Bhíomar cúramach na riachtanais a scríobh síos go soiléir agus aontú an chliant - an BVG - a fháil roimh an cuir i láthair. Sheachain sé sin cuir is cúitimh nach mbeadh toradh air. An deacracht ba mhó a bhí againn ná nuair a bhí an rialú ag éileamh coscánú iontach lag - ach nach raibh an líonra in ann an bheagán cumhachta a ghlacadh. Mar sin, bhí orainn tairseach íosta a chuir ar an choscán, rud chiallaigh go raibh roinnt moilliú faoin sprioc luas i gceist. Bhí orainn bheith cúramach nach dtosóidh an traein ar fad ag luascadh mar a bheith speig neanta ann - bhí i gcónaí difríochtaí beaga san cumhacht idir na haonaid. Bhí nasc idir na carráistí a bhí cineál scaoilte agus dá mbeadh carráiste amháin ag brú nó ag sracadh as charráiste eile d'fhéadfadh athshondas bheith i gceist. Rud a thabharfadh tinneas taistil cinnte do na paisinéirí! D'éirigh linn sa deireadh. Agus bhíomar buíoch go raibh sé scríofa síos againn conas mar a oibreoidh rudaí! 

Ach ó tharla go raibh an luas a sheoladh ar an mbus, shíl lucht an Projektierung go mba leor é sin don dream a bhí ag cuir eolas faoin gcéad stad eile ar fáil do na paisinéirí. Bhí an fhaid a bhí taistealta de dhíth orthu sin. Dúradh leo go mbeadh ceithre sampla den luas a fháil acu gach soicind. D'fhéadfadh siad é a suimeáil agus an fhad a oibriú amach. Ach bhí an fhaid ríofa i gcónaí 75% den méid ceart. Is amhlaidh go raibh barraíocht eolas ar an mbus, agus ní raibh á fháil acu ach trí shampla i aghaidh an soicind. Tharla go raibh mo chomhghleacaí agus mé féin ar an traein agus iad á phlé seo le lucht an Projektierung. Chuireamar ár ladar san scéal. Tar éis an tsaoil, is amhlaidh go raibh muid ag ríomh an luas bunaithe ar an fhaid! Sé sin le rá, bhí eolas againn ar chasadh na rothanna. Bhí athróg againn a ríomh an líon méadar ó thosaigh an ríomhaire. Athróg 16 giotán - ach toisc go raibh sín i gceist freisin is é 32768 m an méid is mó a d'fhéadfaí cuir in iúl leis sula tosaíodh sé arís ó náid. Tráthúil go leor tá an líne U7 i mBeirlín beagán thar 32 km ar fhaid ... Bhí rudaí go breá mar sin nuair a bhí lucht an córais eolais ag fáíl eolas faoin bhfaid. Ba chuma dá gcaillfeadh siad teachtaireacht nó dhó de bharr iomarca tráchta ar an mbus, bheadh ceann eile ann ar ball. Ní raibh le déanamh acu ach cuir san áireamh go bhfeadfadh timfhilleadh tarlú. Níor chuir, áfach agus bhí fadhb ann tar éis 33 km ... (Réitíodh é, ar ndóigh. Agus bhí faill againne a rá "Ná dúirt mé libh é!)

Bhí píosa eolais de dhíth orainn chun an fhaid a ríomh, sé sin trastomhas na rothanna. Tá rothanna traenach déanta as miotail. Ídítear miotail. Ídítear go neamhchothrom é. Ach ba den riachtanas é nach mbeadh difríocht mór idir trastomhas na rothanna a bhí ar acastóirí a éagsúla a bhí á thiomáint ag leictreonaic cumhachta amháin - toisc go mbeadh dáileadh míchothrom ar an fuinneamh idir na hinnill de bharr difríochtaí san minicíocht. Anois is arís mar sin bhí ar an comhlacht na rothanna a bhearradh chun go mbeadh siad ar aon trastomhas. Ach bhí an trastomhas nua de dhíth orainne chun faid agus dá réir an luas.  Bhí fearas ar fáil san "comhéadan duine innill" - scáileán beag ar chrannóg an tiománaí. I mm a bhí an uimhir sin le cuir isteach ag an teicneoir.

Bhí píosa eile eolais a bhí le n-athrú. An teorainn srutha go bhféadfaí a tharraingt. Is amhlaidh go raibh teorainn éagsúla ar líne U Bahn éagsúla. De dheasca gearradh agus greamú is "mm" an aonad a luadh leis an sruth sin. Seachas Ampere.
Go magúil dúirt muid le fear an Projektierung go bhfeadfaí gan amhras an sruth a ríomh ó na mm: tar éis an tsaoil (an uair úd, athraíodh an sainmhíniú ó shin)
 Tá an t-aimpéar mar an tairiseach a fhaightear i sruth, má tá dhá seoltóirí comhthreomhar le fad éigríochta, méadar óna chéile i bhfolús, a dhéanann fórsa cothrom le 2×10–7 niútan gach méadar.

Bhí botún eile níos tromchúisí, agus chosain sé roinnt uaireanta an chloig ormsa. Athraíodh roinnt codanna de chuimhne an lár ríomhaire. Bhí na paraiméadar sa chuimhne sin, na cinn a bhain le rialú an luais ina measc. Bhí an ríomhaire ceaptha na paraiméadar a athscríobh tar éis do na hinnealtóirí an cárta cuimhne a athrú. Bhí lár ríomhaire ag gach deireadh an traein. Bhí pé ríomhaire ba ghiorra do chrannóg an tiománaí i gceannas. Athraíodh na cártaí cuimhne faoi bhrú ama agus an traein ar tí dul i mbun oibre. Bhí gach rud go breá go dtí gur shroich sé an stáisiún deiridh. Níor oibrigh an ríomhaire a bhí gceannas anois (agus ar chúis éigin nach cuimhin liom ní fhéadfaí an ceannas a bhaint de). Is amhlaidh go raibh fabht ann - níor seiceáil an ríomhaire ach áit amháin sa cuimhne chun fáil amach an raibh an cárta athraithe. Ar mí-ámharaí an tsaoil, tharla go raibh an luach a bhí sé ag súil leis san áit sin, go randamach. Bhí na paraiméadar eile ar fad mícheart áfach, agus ní fhéadfaí an traein a bhogadh. 

Tráthúil go leor, bhí modh éigeandála againne san ríomhaire chun go beadh an traein in ann bogadh ar a laghad. Ach bhí luasteorainn 15 km/h leis sin. Thógadh sé breis is dhá uair an chloig an traein a thabhairt ar ais go dtí an Betriebswerkstatt, agus chuirfí isteach go mór ar an ghnáth trácht. Lorg mé - agus fuair mé - cead an teorainn luais a athrú go sealadach san ríomhaire. Agus thugamar ar ais an traein go rathúil ...



 

2024-02-13

Richter

Ach conas ar tharla bean óg ó oirthear Bheirlín i dtábhairne Éireannach i Kreuzberg ar an gcéad ásc?

Ní hansa. 

Bhí Uta cairdiúil le roinnt ealaíontóirí. Tar éis 1989 fuair duine acu deis taispeántas a dhéanamh sa Ghaillimh. San ionad ealaíne.
Chuaigh grúpa mór trasna don vernissage - oscailt, Uta ina measc. Ba cheoltóir í roimhe, ag seinm an Schalmei (arb ionann é agus seamsúr an phíob mór) le grúpa a rinne ceol ó na meánaoiseanna. 

Bhíodar ar Árainn. Agus - mura bhfuil dul amú iomlán orm - in Áras na nGael. Áit ar chuala sí ceol traidisiúnta na hÉireann agus thit faoina gheasa. Rud a thug go dtí an Highlander í an oíche úd, le castáil le ceoltóir agus seit cleachtadh píb uilleann a fháil (nach raibh aon dord leo). Píb a chaith i bhfad i mbosca go dtí gur thosaigh Fionn ag foghlaim. Ach sin scéal eile. 

B'é Thomas J. Richter an t-ealaíontóir sin. Chuir mé aithne ar a ealaíon i dtosach. Bhí taispeántas aige i gKöpenick, agus bhí iarrtha aige ar Uta grianghrafanna a ghlacadh daoibh. Thionlaic mise í. I measc na nocht is na n-aonbheannach chonaic mé an pictiúr thuas agus thit faoi gheasa. Mheabhraigh sé Éireann dom, go hairithe Bun Machan áit ar chaith mé cúpla saoire sona i lár mo dhéaga. 
D'fhiosraigh mé an féidearthacht é a cheannach. Chuaigh Uta i dteagmháil le Richter agus thángthas ar socrú go n-íocfainn as i ngálaí. Tá sé ar an mballa againn ó shin, in árasán Uta i dtosach. 

D'éirigh mé cairdiúil le Richter. Tá sé deich éigin bliain níos sine ná mé. Chaitheamar go leor ama ag cíoradh cúrsaí an tsaoil, allagar éadrom aerach. 

Having, Rügen 1992 
Loch sáile. Giolcacha arda. Cé adhmaid. Bád ceangailte leis. Beirt ann. Iad ag luí siar. Buidéal eatarthu. Ealaíontóir & innealtóir. Ainrialaí & Críostaí. Deoch ag tarraingt scéal. An saol á chíoradh. Bráithreachas. Na biotáille, nó níos doimhne? Fós ní fheadaraím. Ach sheas sé liom lá mo phósta! 
(scríofa i dtosach mar mhír litríocht leabhrán lasáin) 

(An t-ainrialaí agus an sagart paróiste. Síniú an leabhair) 
(Richter agus Uncail liom le linn ár mbainis a ceiliúradh i dteach mo mhuintire) 

Bhí teach saoire ag a mhuintir ar Rügen, agus cónaí air i Friedrichshagen gar do Bheirlín. Is iomaí comhrá leathanréimseach a bhí againn. Corr deoch le chéile freisin. 

Tá cuimhne orm ar an ngreann a bhain sé as m'iarrachtaí iasc ar leith a ithe i mbialann. Ba mhó de chnámha agus craiceann a bhí san iasc ná feoil, agus bhí mé ag streachailt le cothú ar bith a bhaint as! 

Faraor, an uair deireanach a d'fhéach mé le teagmháil a dhéanamh leis, nuair a chuir mé scairt ghutháin air ó Éirinn sula ndeachaigh muid sall chun casadh le máthair Uta, ní raibh fonn dá laghad aige buaileadh le duine ar bith. Is cosúil go bhfuil na néaróga go dona aige. Saol corrach aige a d'fhág rian. Éiginnteacht na healaíne, caidreamh deacair le máithreacha a pháistí (bhí sé le bean amháin nuair a chasamar ar a chéile, mac sna luath déaga acu. Ach bean eile aige cheana i ngan fhios agus bunóc ar an slí), díomá polaitiúil leis an dóigh ar slogadh an DDR isteach sa chaipitleachas. Fearacht go leor, bhí dóchas aige go mbeadh an tríú bealach ann idir craos an chaipitileachas agus an chaipitleachas Stáit a thug sóisialachas ar féin. 

Cuimhní maithe agam air agus is dócha nach raibh na comhráití gan a dtionchar féin ar mo mheon, cé go bhfuil ár bealaí scartha le fada anois.


2024-02-12

Ag suirí le d'iníon

Nuair a bhí mé ag siúl amach le mo shonuachar anois, bhí níos mó ná an ghné collaí i gceist. Bhí spéis san siúl againn araon. Bhí spéis sna leabhair againn, cérinneacháin go háirithe. Bhí spéis sa cheol againn. Bhíomar sásta i gcomhluadar a chéile fiú gan a bheith ag suirí (cé go ndearna muid neart de sin).

Chaith muid roinnt mhaith deireadh seachtainí san Eilvéis Boihéamach, measaim go bhfuil blagmhír dá chuid féin dlite do sin.
Shiúl muid roinnt i mBrandenburg freisin, go dtí Rheinsberg agus áiteanna eile. Agus thaisteal muid suas go dtí an Muir Bhailt - oileáin Rügen agus Hiddensee. Thug muid turas amháin go dtí ceann de na hoileáin san Muir Thuaidh - Borken, creidim. 

Chuaigh muid ag amharc ar scannáin. Bhí neart pictiúrlanna beaga, bídeacha fiú, i mBeirlín agus scannáin neamhghnácha le feiceáil iontu. Chonaic muid Zorba an Ghréagach. Thaithin ceol Theodorakis liom, ach n'fheadar faoin scannán. Chonaic muid Insel der Schwäne, scannán faoi déagóir a thagann ón tuath go Beirlín lena theaghlach chun cónaí i gceann de na bloc árasáin nua. Tharraing an scannán achrann ar lucht a dhéanta... 
Radharc as Insel der Schwäne. 

Agus chuir mé aithne ar a gaolta. Rud a raibh castacht áirithe ag baint leis. Scar a tuismitheoirí nuair a bhí sí ann óg. Bhí beirt iníon acu, agus d'fhan Uta lena máthair. Chuaigh a deirfiúr leis an athair a phós arís. Saol cineál Luaithríonach a bhí i ndán di siúd. Beirt leasdeartháir aici. "Mein Erzeuger", i. An té a ghin mé, a thugann sí ar a hathair bitheolaíochta. Tá teagmháil fós eatarthu ach ní mórán é. Bheadh níos lú is dócha murach gur casadh ar a chéile í féin agus a deirfiúr de thaisme ar shráideanna Bheirlín. 

Ceathrar clainne ar an deirfiúr. Triúr athair de bhunadh na hAfraice eatarthu. Caidrimh nár mhair, na fir ag teacht i dtír uirthi go pointe. Fadhbanna cead cónaithe acu freisin. Saol deacair. Cónaí uirthi i mbloc árasán ard i Marzahn nuair a chuir mé aithne uirthi i dtosach. Ar ball bhog go Altbau (foirgneamh sean) i Treptow. Árasán a bhí roimhe ag Heide agus Sascha. Níos compórdaí go mór. 

Fear eile a thugann sí athair air, an té a bhí pósta ar a máthair formhór a leanbaíochta. Manfred N. Fear ard léannta, sáite i gcúrsaí cultúir. Eisean é féin bogtha ar aghaidh agus in éineacht le bean eile, Gisela. Eolaí. Árasán mór i Friedrichstraße acu, lán de leabhar. Teach a muintire sise i Zeuthen mar a raibh clann Gisela agus a máthair fós ina gcónaí. Cúram na mathrach orthu ar ball, agus ansin bhog siad isteach sa teach Cois Locha. Opina, leagan de Opa (Daideo) a thugann muid ar Gisela fós. Tá Manfred ar shlí na fírinne ó 2006. I gcuimhne air a bhaist muid Frederike ar an duine is óige dár gclann. 

Bhí leasdeartháir cúig bliana déag níos óige ag Uta, ó chaidreamh sealadach a bhí ag a máthair. Caidreamh maith aici leis. É sna déaga an tráth sin agus é soiléir go mbeadh sé ina fhathach ar ball! Tá sé thar an dá méadar ar airde anois. 

Bhí máthair Uta an uair úd i gcaidreamh le fear darbh ainm Sascha. Duine deacair nár réitigh mé féin ró mhaith leis. Beag. Bíonn fir bheaga nach mór i gcónaí achrannach i mo thaithí. Phós siad thart ar an t-am céanna linne ach scar go nimhneach tar éis deich mbliana nó mar sin - bhíomar in Éirinn faoin dtráth sin. 

Thuas seal thíos seal a bhí mo ghaol le máthair Uta, go háirithe nuair a bhí Sascha sa phictiúr. Má bhí seisean míshásta faoi rud éigin a dúirt nó a rinne mise, ise a chloisfeadh an racht. Agus a leagan seisean den méid a thit amach... 

Tá sí in aontíos anois le roinnt blianta le fear darbh ainm Manfred. Duine gnaíúil, réitím go maith leis. Agus mo chaidreamh le mo mháthair céile feabhsaithe freisin! 

Chuir mé aithne freisin ar a Mamó. A rugadh i Dresden i 1911. Agus ar mhair tríd an dara cogadh mór ann, agus an scrios a himríodh ar Dresden. 
Ní raibh sí pósta ar athair Heide, mo mháthair céile. Ba amhránaí í agus b'aisteoir eisean. Chaith Heide go leor dá leanbaíochta ar altram. Bhí cónaí uirthi fós i nDresden nuair a chuir mé aithne i dtosach uirthi. Ar an ndrochuair bhí sí bodhar go maith an uair úd agus ní raibh ar ár gcumas mórán ceart a bhaint dá chéile. 
Tic tac Oma a thug mo chlann uirthi. (imeartas focail. Uroma = sin seanmháthair. Uhr = clog) Mhair sí go haois 105. Is cuimhin leis an té is óige de mo chlann muid a bheith ag brú a cathaoir rotha ag rásaíocht le Fionn ar cothrom céad bliain a lae breithe... 










2024-02-07

Schaltwerksantrieb


Sula raibh fáil ar tíreastóir agus leathsheoltóirí eile, is lascanna meicniúla a bhí in úsáid. Sna sean U-bahn, bhíodh a leithéid in úsáid agus banc friotóirí chun an sruth in inneall DC a stiúradh. Bhí an rialú teoranta, agus nuair a lasadh nó a múchadh lasc thabharfaí sonc don traen, agus bheadh athrú tobann san sruth agus voltais.

Ar mhaithe le solúbthacht, ba mhian leis an BVG a bheith in ann na haonaid nua den sraith F a mheascadh leis na sean chinn ina raibh Schaltwerksantrieb - bunaithe ar lascanna.

Chun go mbeadh an luasghéarú agus an moilliú cosúil leis na sean traenacha b'éigean modh ar leith rialaithe a chur i gcrích sa bhogearra. Tríd na lascanna agus uimhreacha ar an gcomhéadan, d'fhéadfadh na teicneoirí an modh sin a chuir i bhfeidhm.
Rinne sé aithris, sa mhéid ab fhéidir, ar an luasghéarú agus moilliú le cnaganna a rinne na seantraenacha. 

Chaith, de réir mo chuimhne, Hans-Joachim go háirithe, roinnt seachtainí ag mionchoigeartú an algartaim agus na paraiméadar.

Ní cuimhin liom ainm ionadaí an BVG a tháinig le féachaint an raibh rudaí sásúil. Ach is cuimhin liom go raibh fadhb ól aige, an créatúr. Bhíodh boladh láidir biotáille uaidh, agus fuarallais, fiú ar maidin. Caolseans go mbeadh sé fós fostaithe i gcomhlacht príobháideach. Ach i gcomhlacht Stáit... 

Ar aon nós, léirigh muid an modh ar an traic promhaidh. Dúirt sé go raibh sé sásta leis an aithris ar an luasghéarú, ach cén fáth nach raibh spící le feiceáil sa sruth? Má bhí aithris le déanamh....

Mar a tharlaíonn sé, b'obair amú an t-iomlán. Bíonn na traenacha nasctha le Scharfenbergkupplung - cuplán Scharfenberg. Tá léaráid le feiceáil thuas.

An rud a tharla, nuair a bhí aonaid den sraith F agus D le chéile ná go mbíodh oiread na fríde difear san am idir lasc a dhúnadh ar an D agus an aithris ar an F. Bheadh aonaid oiread na fríde níos moille nó níos gaiste. Agus trí aonaid i gceist. De bharr an solúbthacht sa chuplán Scharfenberg, bhí na difríochtaí seo ina spreagadh do luascadh a d'fhéadfadh é féin a bhuanú. Bheadh an traein ag crapadh agus ag searradh, mar a bheadh speig neanta. Trom ar ghoile na bpaisinéir!