Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-07

Schaltwerksantrieb


Sula raibh fáil ar tíreastóir agus leathsheoltóirí eile, is lascanna meicniúla a bhí in úsáid. Sna sean U-bahn, bhíodh a leithéid in úsáid agus banc friotóirí chun an sruth in inneall DC a stiúradh. Bhí an rialú teoranta, agus nuair a lasadh nó a múchadh lasc thabharfaí sonc don traen, agus bheadh athrú tobann san sruth agus voltais.

Ar mhaithe le solúbthacht, ba mhian leis an BVG a bheith in ann na haonaid nua den sraith F a mheascadh leis na sean chinn ina raibh Schaltwerksantrieb - bunaithe ar lascanna.

Chun go mbeadh an luasghéarú agus an moilliú cosúil leis na sean traenacha b'éigean modh ar leith rialaithe a chur i gcrích sa bhogearra. Tríd na lascanna agus uimhreacha ar an gcomhéadan, d'fhéadfadh na teicneoirí an modh sin a chuir i bhfeidhm.
Rinne sé aithris, sa mhéid ab fhéidir, ar an luasghéarú agus moilliú le cnaganna a rinne na seantraenacha. 

Chaith, de réir mo chuimhne, Hans-Joachim go háirithe, roinnt seachtainí ag mionchoigeartú an algartaim agus na paraiméadar.

Ní cuimhin liom ainm ionadaí an BVG a tháinig le féachaint an raibh rudaí sásúil. Ach is cuimhin liom go raibh fadhb ól aige, an créatúr. Bhíodh boladh láidir biotáille uaidh, agus fuarallais, fiú ar maidin. Caolseans go mbeadh sé fós fostaithe i gcomhlacht príobháideach. Ach i gcomhlacht Stáit... 

Ar aon nós, léirigh muid an modh ar an traic promhaidh. Dúirt sé go raibh sé sásta leis an aithris ar an luasghéarú, ach cén fáth nach raibh spící le feiceáil sa sruth? Má bhí aithris le déanamh....

Mar a tharlaíonn sé, b'obair amú an t-iomlán. Bíonn na traenacha nasctha le Scharfenbergkupplung - cuplán Scharfenberg. Tá léaráid le feiceáil thuas.

An rud a tharla, nuair a bhí aonaid den sraith F agus D le chéile ná go mbíodh oiread na fríde difear san am idir lasc a dhúnadh ar an D agus an aithris ar an F. Bheadh aonaid oiread na fríde níos moille nó níos gaiste. Agus trí aonaid i gceist. De bharr an solúbthacht sa chuplán Scharfenberg, bhí na difríochtaí seo ina spreagadh do luascadh a d'fhéadfadh é féin a bhuanú. Bheadh an traein ag crapadh agus ag searradh, mar a bheadh speig neanta. Trom ar ghoile na bpaisinéir!