Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-05

Iníon an tábhairneora agus mac an fonsóra

Nuair a bhí mé sna déaga luatha chaitheamar dhá samhraidh i ndiaidh a chéile i mBun Machan cois trá. Bhí tigh saoire ag lucht aitheantais de chuid mo thuismitheoirí díreach trasna an bhóthair ón trá. Bhí láthair campála ar na dumhcha. Bhí Gearmáinis agam cheana féin. Tharla sé an dá bhliain gur chuir mé aithne ar buachaill Gearmánach thart ar chomhaois liom, agus mé ag spraoi ar an dtrá. Ba as gar do Hamburg duine acu agus as Beirlín Thiar an fear ar casadh orm sa dara bhliain. Bhabthaigh muid seoltaí agus ansin litreacha ar feadh tamaill.

Ansin idir dhá Nollaig - 1983 - measaim, chuaigh mé chun na Gearmáine le cúirt a thabhairt orthu. Níor mhair an gcaidreamh le fear Hamburg ina dhiaidh sin, bhíomar ró éagsúil le chéile.

Choinnigh mé i dteagmháil le lucht Bheirlín áfach, agus thug mé cúirt arís orthu in '87 measaim agus '89 cinnte. Bhí mé ag obair san íar Ghearmáin na blianta sin. Ar dhóigh is mó leis na tuismitheoirí a bhí mé cairdiúil faoi sin ná lena gclann!

Dodo (Dorothea) agus Bernd. Ba oibrí i naíscoil ise. Ba chlódóir eisean nuair a chuir mé aithne i dtosach air, ach d'athraigh an teicneolaíocht agus bhí sé gan phost. Triúr clainne orthu, iníon Birgit ar chomhaois díreach liom ach níos fásta suas mar is dúil do dhéagóir mná. Ben, an mac, mo chara pinn, bliain nó trí níos óige ná mé. Iníon eile Annika cúpla bliain níos óige arís.

Cónaí orthu ar an urlár barr, an naoú urlár measaim, de ceann de na bloc árasáin i nGropiusstadt. Cúpla céad slat ó Bhalla Bheirlín. Bhí radharc ach gan teacht orthu ón árasán ar pháirceanna fairsinge. Is cuimhin liom ceapadh an uair sin nach bhféadfainn cuir suas le bheith sáinnithe mar sin. Cleachtadh agam ó Bhaile Átha Cliath ar bheith saor chun fánaíocht faoin dtuath. 

In '83 chuir siad ar turas treoraithe bus mé tríd Beirlín Thoir. Is cuimhin liom moill fhada a bheith orainn ar an teorainn toisc go raibh fadhbanna le páipéir duine de na turasóirí eile. Ba as Beirlín thiar an tiománaí. Cuireadh treoraí ar bhord Thoir. Is cuimhin liom go thug siad go hiarsmalann Pergamon muid, agus go dtí an reilig cuimhneacháin Sóivéadach i Treptow. Chaith muid proinn áit éigin freisin. Ba as Béarla a bhí an turas, ach le linn an bhéile shuigh mé leis an tiománaí agus an treoraí, ag caint Gearmáinise. 

Is cosúil go raibh flosc chun rudaí a fheiceáil orm, go dtí an pointe go raibh m'aíonna á thraochadh agam. D'inis Dodo dom blianta ina dhiaidh sin go ndúirt mé. "Ach is turasóir mé. Sin a dhéanaimid". 

In '87 chuaigh mé trasna mé féin de shiúl na gcos. Tríd an trasnú ag Friedrichstraße. An cuimhne is soiléire atá agam ar an dturas sin ná go bhfaca fear thoir an deis bob a bhualadh ar an turasóir saonta. Bhí iachall ar an teorainn 25 DM a iompu ina 25 Ostmark. Bhí sin déanta agam. Thairg seisean ráta níos fearr dom, ní cuimhin liom anois an 2:1 nó fiú 4:1 a bhí i gceist. Mhaígh sé go mbeadh ar mo chumas, toisc gurb eachtrannach mé, é a athrú ar ais. Ní cuimhin liom cé mhéad airgid a bhabhtáil mé leis. Airgead nach raibh le spáráil agam dáiríre, agus mé i mo mhac léinn gan pingin rua. Ar ndóigh, tharla nach raibh admháil agam, ní raibh gar ar bith dul go dtí an banc leis an airgead, rud a mhínigh siad dom go leamh ag an gcuntar. Ní raibh le déanamh ach iarracht a dhéanamh an t-airgead a chaitheamh. Bhí rudaí iontach saor sna siopaí thart ar Alexanderplatz. Tá teora áfach leis an méid is féidir ithe agus ól. Cheannaigh mé leabhar mór tiubh faoin innealtóireacht leictreonach. Ceann tanaí faoi maitrísí. Cúpla ceirnín claisiceach. Roinnt seafóid eile. Bhí airgead fós agam. Ní raibh neart air. Rinne Dodo trócaire orm ar ball agus cheannaigh na ceirnín uaim. Slí béasach chun roinnt den airgead a chuir mé amú a chúiteamh liom.

In Meán Fómhair '89 thug mé turas go Beirlín le Gearmánach a bhí ag staidéar in Osnabrück agus a bhí ag cuir faoi san lonnaíocht mic léinn céanna liom. Johannes W. É pas níos sine, creidim go raibh máistreacht ar bun aige. Ag plé le garraíodóireacht ar scála mór. Cibé, bheartaigh Ben, Johannes agus mise dul soir. Bhí trí scuaine ar leith ann i Friedrichstraße. Ceann do mhuintir Bheirlín Thiar, a raibh passierschein acu. Bhí Ben tríd laistigh de nóiméad. Chuaigh Johannes tríd an geata do Gearmánaigh. Rud beag níos faide. Bhí fanacht fhada orthu thall ormsa. Is amhlaidh go raibh fear ón Ungáir romham sa scuaine. Bhí amhras ar na gardaí teorainn faoi - ag an am bhí sruth daoine ón DDR ag éalú tríd an Ungáir. Nuair a scaoil siad tríd sa deireadh é, bhí mise nach mór sna sála air. Ní rabhadar buartha fúmsa.

Bhíomar ag siúl thart sa chathair ar feadh roinnt uaireanta an chloig, ag ól agus ag ithe ag Alexanderplatz. Bhí níos mó le n-íoc as an éarlais don ngloine ná mar a bhí ar an leann!
Bhí saighdiúirí faoi éide gach áit. Rúisigh i nglasdonn. Gardaí teorann i liath. Bhí an cuma air nárbh baol don réimeas. Laistigh de dhá mhí, bhí Balla Bheirlín tite. An rud nár thuig mé gurbh turasóirí mo leithéid féin ab ea lucht éide. Fiú agus iad saor, bhí ceangal orthu éide a chaitheamh. Cinnte, bhí póilíní thart ag faire freisin. Ina triúr go hiondúil. D'inis comhghleacaí ón oirthear jóc dom faoi sin.

"Tuige a mbíonn na péas i gcónaí ina dtriúr? Tá léamh agus scríobh ag duine acu, tá úsáid teileafón ag an dara duine. Tá an tríú duine de dhíth chun faire ar an mbeirt intleachtóir rí-bhaolach"

Mar sin, bhí fhios agam nuair a bhog mé go Beirlín go mbeadh aithne agam ar a laghad teaghlach amháin, agus fáilte romham ann. 

Ba as Remscheid in Iarthar na Gearmáine ó thús iad. Bhog Bernd go Beirlín chun an coinscríobh a sheachaint. Bhí díolúine ag cónaitheoirí Bheirlín Thiar ón gcoinscríobh, toisc nárbh cuid den gcónaidhm iad go hoifigiúil. Bhí údarás fós ag na ceithre cumhacht ar Beirlín. Casadh Dodo air ar thuras abhaile dá chuid. Lean sí é.

Nuair a rinneadh an Ghearmáin a athaontú, cuireadh deireadh leis an díolúine sin. Fuair Ben a chuid páipéar. Ní raibh fonn dá laghad air dul. Rinne sé gach iarracht é a sheachaint. Ach ar ócáid amháin bhí air éalú amach ar an díon, Dodo ag iarraidh moill a chuir ar na péas míleata ag an ndoras...

Bhí mé ceanúil ar an muintir. Bhí árasán deas cluthair acu. Seomra an duine ag na leanaí. Seomra thuas staighre ar mezzanine ag na tuismitheoirí. Seomra suí mór, le suíocháin compordacha thart air. Cistineacha. Ar bhord na cistine céanna d'imir mé tréan cluichí cártaí, agus boird. Tá an chluiche a theagasc siad dom, Fahrstuhl, fós á imirt againn le mo chlann féin.

Bhí pearóid liath acu, Joey, a raibh réimse focail agus fuaimeanna aige a ndearna sé aithris orthu. Bernd ag glaoch ar a iníon. Feadaíl. Agus oscailt buidéal beorach Flensburg, a bhfuil fuaim ar leith leis. Fuaim a chuala sé go minic mar go raibh Bernd ceanúil air. Mise freisin! 


Bhí turtar acu freisin. Archimedes. Ar ócáid amháin, thit an turtar den balcóin, ocht n-urlár go talamh. Bhris sceach a thitim agus tháinig sé slán. 

Ba árasán de chuid an chathair a bhí i gceist, agus nuair a bhog na leanaí amach bhí ar na tuismitheoirí bogadh go dtí árasán níos lú. Ansin, cúpla bliain tar éis domsa filleadh ar Éirinn, bhog siad ar ais go tig mháthair Dodo i Reimscheid. Mar a bhfuil cónaí orthu fós. Cuirimid scairt gutháin ar a chéile, cúpla uair sa bhliain, ar laethanta breithe.

Scéilín grinn mar fhocal scoir, agus léiriú ar cairde bréaga idir Béarla agus Gearmáinis. Bhí Dodo agus Bernd i láthair inár n-árasán agus baisteadh Fhinn á cheiliúradh againn. Nuair a bhí orthu imeacht dúirt Dodo le mo thuismitheoirí, a bhí ann freisin "We must leave this ghastly house". Gastlich, i. Compordach do chuairteoirí a bhí i gceist aici.

Teideal an mhír seo? Krüger (tábhairneoir) sloinne Dodo. Boettcher sloinne Bernd, i. Fear déanta Bairillí.