Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-09

Béarla na Saor(chláir)

Gnó ríomhchláraitheora ná fadhb a thuiscint, algartaim chun é a réiteach a dhearadh, é sin a chuir in oideas le céimeanna a dhóthain chun gur féidir le ríomhaire é a ríomh. Scríobhann ríomhchláraitheoir an t-oideas sin i gceann éigin de na hiliomad teanga ríomhaireachta. De réir an suímh Ciclipéid stairiúil ar líne teangacha ríomhchláraithe  tá rogha idir 8,945 ar fáil... 

Tugann rogha teanga ar leith deis don ríomhchláraitheoir díriú ar gnéithe ar leith den fhadhb agus neamhaird nó talamh slán a dhéanamh de ghnéithe eile. Cuireann teanga iachall air ríomhchláraitheoir áfach aird a thabhairt ar nithe áirithe, sin nó íoc go daor as. 

Ní mór dúinn gan dearmad a dhéanamh nach é ár gcúram [mar eolaithe ríomhaireachta] cláracha a dhéanamh, is é ár gcúram aicmí ríomhanna a dhearadh a léireoidh an iompar atá de dhíth. 
Edsger Dijkstra 
The Humble Programmer (1972)

Tá teangacha ar leibhéil éagsúla teibithe. Pléann teanga dhíolaima go díreach le oibriú an ríomhaire agus ní mór eolas cruinn ar an gcrua earra chun é a léamh nó a scríobh. Is deacair éirim an chlár ina iomláine a fheiceáil sa chód. Bíonn sé breac le sonraí a bhaineann leis an gcrua earra, codanna an ríomhaire agus araile. 

Ní bhíonn an mioneolas sin de dhíth do mórchuid na cláracha, agus tugann sé sin deis don ríomhchláraitheoir díriú ar an bhfadhb i dteanga ar a dtugtar ardleibhéal. Agus ansin bíonn teangacha atá deartha chun plé le réimse ar leath, nach bhfuil ginearálta. Tá teangacha ann a déantar cód meaisín astu tríd tiomsaitheoir. Agus teangacha a déantar "ateangaireacht" orthu - ag an am a ritear an chlár a gintear na horduithe don ríomhaire ag bogearra eile. 
I gcás Java, agus roinnt teangacha eile, déantar beartchód san tiomsú - orduithe do ríomhaire idéalach, i ndáiríre clár eile a ritheann ar an ríomhaire. An sprioc atá ann ná na difríochtaí idir crua earraí éagsúla a cheilt ar an ríomhchláraitheoir. Agus uaireanta bíonn gnéithe éagsúla i gceist, nó rudaí idir eatarthu. 

Toisc go mbíonn mé féin ag plé le bogearraí neadaithe, is iondúil na laethanta seo - agus le tríocha bliain - gur le C atá mé ag plé.

Nuair a bhí mé i mo dhéagóir rinne mé roinnt foghlaim ar Basic. Ranganna iar scoile ag obair le Commodore 64. Ansin bhí zx Spectrum agam féin. 48 cilibheart cuimhne ann. Gan stóras ar bith. Tá ocht gigibheart cuimhne ag an bhfón ar a bhfuil seo á scríobh. Agus 128 GB stóras...
Teanga foghlama is ea BASIC - an Beginner's all purpose symbolic instruction code. (cód ilfheidhmeach orduithe do thosaitheoirí).

Nuair a bhí mé san ollscoil, san teanga FORTRAN a bhí mé ag obair. Formula Translator - léirmhínitheoir foirmlí. Tá tábhacht leis fós i réimse na n-eolaíochtaí nádúrtha, chun ionsamhail a scríobh agus a stiúradh.

Nuair a thosaigh mé ag obair leis na ríomhairí go gairmiúil is le PL/M a bhí mé ag plé. 

Ach, seachas roinnt léirmheastóireachta ar cód Ada, agus tréimhse ag obair le feidhmchlár a scríobhadh i Java, is le C atáim ag obair. Nó teanga dhíolama. 

Níl C i bhfad ón teanga ríomhaireachta. Níl mórán teibíocht i gceist leis, caithfidh an ríomhchláraitheoir a bheith airdeallach ar go leor rudaí. 

Is iondúil áfach go bhfuil tiomsaitheoir do C ar fáil do gach uile próiseasalaí. 

Is as C atá formhór na bogearraí atá mar chnámh droma an idirlíon scríofa, agus córais oibriúcháin fearacht Windows nó Android. 

Cén fáth gur C a tugtar air?
Ní hansa. Tháinig sé in áit teanga darbh ainm B.

Sna 1970í a dhear Dennis Ritchie é.

I 1994 a d'fhreastail mise ar bhunchúrsa i München na Gearmáine, in éineacht le mo leathbhádóir Berndt. Táim cinnte faoin mbliain toisc go raibh orm mo mhí na meala a chiorrú go seachtain chun freastal air. Bhí an comhlacht sásta áfach an bhreis costas aíochta a sheasamh chun go bhféadfadh mo shonuachar fanacht liom. Fad is a bhí mise agus Berndt ag éisteacht le firín mí-éifeachtach ag bladar ar C bhí sise ag turasóireacht i München agus Salzburg.

Ní dóigh liom go raibh oiread tairbhe sa chúrsa. Trí déanamh is mó a fhoghlaimíonn mé cibé. Cheannaigh mé an leabhar  údarásach thuas i Kiepert nuair a d'fhill mé ar Bheirlín. Agus ó shin is iomaí aiste léite agam. Agus na céadta míle líne cóid léite agus neart scríofa.

Tá dornán teanga scriopt úsáidte agam freisin. Ach sin mír eile.