Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-05

Doiligh dán tuismitheora

Ar mo shiúlóid maidin inniu bhuail mé isteach go reilig Chill Mhuire agus mé ag dul thairis. Dúirt mé paidir do na marbh. Agus mé ag siúl tríd an reilig luigh mo shiúl ar an dtrúig briseadh croí seo. 

Caoimhe 
15-16 Aug 1991 

Mheabhródh sé an gearrscéal apacrafúil a leagtar ar Hemingway do dhuine. 

Ar díol. Bróga linbh. Nár caitheadh. 

Ní labhraítear mórán faoi bhreith anabaí. Ná faoi bhás naíonáin. Ainneoin go mbíonn an toradh sin ar toirchis as cúig. 

Thug mo mháthair deichniúir ar an saol beo. Ach chaill sí ceathrar sa bhroinn. D'airigh sí iadsan mar baill chlainne freisin. Ainmníodh iad, agus nuair a b'fhéidir cuireadh iad. Bhí seal amháin crua thar na bearta. Bhí an leanbh marbh sa bhroinn, ach ba é an chomhairle leighis ligeann don nádúr an breith a thabhairt chun cinn, seachas obráid. Mhothaigh mo mháthair ar nós gurb cónra í ar feadh an seal sin.

Ansin sciob bás cliabháin mo dheartháir beag leis in aois a sé seachtaine. Bhí mise ar an ollscoil. Bhí mé tar éis dul chuig oifig m'athair chun roinnt "oibre" a dhéanamh ar an ríomhaire. Ní raibh sé ann. Ní raibh a rúnaí sásta aon rud a rá ach go mba fhearrde dom díreach abhaile. Rothaigh mé liom, cantalach mar a bhíonn déagóir a chuirtear a phleananna de dhroim seoil. Ar an slí abhaile chuaigh mo thuismitheoirí tharam sa charr, ach ní fhaca siad mé. Iad ag stánadh díreach ar aghaidh. Bhíodar ar an mbealach go dtí an ospidéil. Stop comharsa ag an crosaire mé gar don mbaile. Ba mar sin a fuair mé an scéala.

Le dea thoil dúirt daoine le mo mháthair go bhféadfadh leanbh eile a bheith aici. Agus bhí, mar a tharlaíonn. Ach is leanbh gach leanbh fá seach. Bhí slabhra órga ar caol láimhe mo mháthair agus diosca fá seach do gach páiste le ainm agus dáta. Na leanaí nár rugadh san áireamh.

(mise i ngreim láimhe le mo mháthair agus í ag saothrú an bháis) 

Sa chnuasach Cuimhní poircealláin, sa scéal Trampailín samhlaítear gur féidir duine a chlónáil ó ribe gruaige, abair. Feiceann an athair deis a iníon a thabhairt ar ais. Tá amhras ar an máthair, a thuigeann go bhfuil níos mó i gceist le leanbh ná seicheamh ADN. Is duine ar leith gach duine - fiú leathchúplaí a tháinig as aon suth, tig leo bheith thar a bheith éagsúil i meoin fiú más deacair iad a aithint thar a chéile.

Maidir linn féin, cailleadh beirt sa bhroinn orainn. Sin cuid den chúis go bhfuil bearna deich mbliana idir an bheirt is sine agus an duine is óige.

Nuair a bhí an duine is sine sa bhroinn, bhí ar mo nuachar roinnt seachtainí a chaitheamh ar fhleasc a droma, toisc go raibh sí ag cuir fola. Bhí sí buartha mar sin nuair a bhí beagán fola léi arís. Bhí mise le taisteal chun na Gearmáine le bheith i m'athar báistí d'iníon cara. Ní raibh mé léi mar sin nuair a tharla an tubaiste. Chuala mé an scéal thall, ar an bhfón. Bhí mo chroí réabtha, an leanbh imithe agus gan mise ann le seasamh le mo bhean. Nuair a d'fhill mé go hÉirinn bhí sí fós san ospidéal. Ghol muid araon go faíoch. Bhí mise ceaptha bheith páirteach i ndráma leis an Béal Binn i mBré. Níor tharla sin. Go deimhin, bhí mé chomh dobrónach gur sheol m'fhostóir abhaile mé nuair a chuaigh mé chun na hoifige.

An dara uair bhí mé i láthair nuair a léirigh an ultrafhuaim nach raibh croí an linbh ag buaileadh níos mó... Laghdaigh sin an dólás beagáinín. Ach ní mórán. 

Tá cuimhneacháin againn ar na leanaí ar an gclabhar. Píosa cloiche. Agus Aingilín criostail a sheol máthair mhór Uta chugainn. 

Rugadh leanbh eile dúinn ina dhiaidh sin. Ach ní líonann sin bearna. 

Go bhfaighe gach tuismitheoir dobrónach sólás agus faoiseamh.