Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-10

Gradaim Nós

Rinne mé mo bhealach aneas ar an mbus go Béal Feirste do gradaim Nós. Bhí mé ag éisteacht le Bladhaire ar an mbealach, agus Damien ag seinm buaiteoirí ó bhlianta eile. Ullmhúcháin oiriúnach!

Bhí fearthainn fuar fliuch i mBéal Feirste... 
Bhí seomra óstáin faighte agam timpeall an chúinne ón Black Box. Tar éis siúl chomh fada leis ní raibh fonn orm dul amach arís sa cheobhrán cuisneach agus mar sin is san óstán a chaith mé proinn. 

Bhí mé - ar ndóigh - ró luath fiú mura raibh moill bheag ar chúrsaí. Shuigh mé isteach sa bheár agus ní raibh mórán de mo phionta (Wicklow Wolf!) ólta agam nuair a casadh roinnt de na Gaeil, nach raibh feicthe agam le fada, orm. Admhaím gurb an deis sin, casadh ar dhaoine, cuid mhór den gcúis a chuaigh mé ó thuaidh. 

Chuir Tomaí tús le rudaí, an rua ag dul chun leith ina fholt a bhí carntha ina chocán aige. Meas sibh an bhfuil trádmharc aige ar sin? 

Chuir Imlé tús leis an gceol - an ionchollú is déanaí den gcomharghrúpa. Cian Mac Cárthaigh, Róisín Seoighe agus Neil Ó Briain. Agus amhránaí/geabaire nua leo - James Shannon. A chonaic mé cheana ag Reic. EP nua ar na bacáin, thug siad meascán de na rianta ón halbaim agus stuif nua dúinn. 

Ní raibh mé ag tabhairt aird ar sonraí na gradaim, admhaím. Ach bhailigh Síle Denvir ceann di féin (ealaín clúdaigh) agus ceann thar ceann Bláth na hÓige - a mbaill siúd scaipthe ar fud na cruinne ag obair, toisc gur ceoltóirí bisiúil aonair iad uilig. Bhí Trá Pháidín ag seinm ag gig Bánú thiar, agus Seaghan Mac an tSionnaigh, cara leo, a bhailigh na gradaim - ceann do albam na bliana, an 424. Níl mé cinnte faoin gceann eile. Físeán? Bhí Rob Mulhern ann chun gradam a bhuaigh sé féin agus Súil Amháin (Séamus Barra) a bhailiú. Bhí Rossa Ó Snodaigh ann chun gradam a bhuaigh Rónán a bhailiú. (Bhí sé beagán díomách a laghad de na buaiteoirí a bhí i láthair. Mheas mé freisin go bhféadfadh níos mó daoine ó lasmuigh den Tuaisceart a bheith i láthair). 

Bhí iníon Rónáin Mhic Aodha Bhuí, Fionnuala, ann chun an gradam ainmnithe as a hathair a bhronnadh - ar Huartan. Grúpa Tradtronica
Bhí an bhean a labhair ar a son siúd corraithe go maith freisin, gradam ainmnithe as Rónán a bhuachan.

Bhí ceoltóirí eile ar ardán le ceol - guth binn, measartha traidisiúnta Múlú a dúirt linn nach raibh Gaeilge ar bith aici cúig bliana ó shin ach a bhuí le Gaelphobal Feirste go raibh anois. Thaithin a glór go mór liom. Bhí eagarthóir nua Nós, Torby ag geabaireacht. 

Bhí fuinneamh dochreidte ag an grúpa Grooveline a mheall go leor den slua ar urlár an damhsa. Déagóirí ó Chluainín Uí Ruairc. 

Agus ansin thug Huartan, lena feisteas ar leith agus a gceol aduain taispeántas ón alltar dúinn - beirt damhsóirí in éineacht leis na ceoltóirí. 

Ard oíche agus an áit plódaithe le daoine, cuid mhór acu níos óige ná mo mhic! (Seanduine liath mé, cois amháin san uaigh...)

Ardoíche a bhí ann, agus tá mé sásta go ndearna mé mo bhealach ann. Cé go mbeinn géaránach faoin caighdeán fuaime. Agus mholfainn do lucht Nós go mbeadh siopa ann chun táirgí na gceoltóirí a dhíol! Nó ar a laghad cóid QR chuig bandcamp nó a leithéid na gceoltóirí! 

Is deas na gradaim a bheith ar ais. Go dté siad agus na ceoltóirí ó neart go neart!