Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-03

Britz-Süd


Betriebswerkstatt Britz-Süd der Berliner U-Bahn. CC by SA, le Avda.

Mar a luaigh mé, bhí fabhtanna agus obair le déanamh ar an sraith F90/92. Tá ionad cothabhála ag an BVG i mBritz Süd, nach mór ag deireadh eile an U7 ó Spandau. Chaith mé tréimhsí éagsúla ann le trí thogra éagsúla, mar sin tá mo chuimhní beagán measctha suas. 

Ar chlé sa phictiúr thuas tá líne gairid ráillí. Sin an conair promhadh. Beagán thar ciliméadair. Díreach fada a dhóthain don próifíl caighdeánach, luasghéarú go dtí 80 km/u agus moilliú go séimh go lánstad. 
B'shin an ionad oibre. Ach bhí tús áite ag obair an chomhlachta iompair. Agus bhí orthu aon traein a bhí deisithe a phromhadh, sula raibh sé ceadaithe é a scaoileadh amach chun paisinéirí a iompar. Na coscán aer go háirithe. Toisc gur miotal ar miotal atá i gceist, bhí orthu dul suas síos cúpla uair agus lán coscán a dhéanamh len iad a théamh. Is an fórsa nuair a bhí siad te a bhí caighdeánach. 

Mar sin, chaitheamar tréan ama ag fanacht. San oifig. Bhí oifig ar leith ag AEG. Bhí inneall caife ann! Bhí laethanta ann a d'ól mé i bhfad barraíocht caife. 

Bhí ar duine de theicneoirí an BVG bheith ár dtiomáint. Ní raibh siad saor i gcónaí chuige sin. Bhí orainn a bheith foighneach. Go háirithe nuair a bhí an feachtas ag dul i bhfad (agus an custaiméir i mí fhoighne). 

San halla mór sin bhí conair ina bhféadfaí dul faoin traein chun obair air. 
(Tá breis eolais as Gearmáinis ar an leathanach ar a bhfuair mé an pictiúir seo. Tá codanna de dhá F90 le feiceáil ann. Aithním ón uimhir 27xx iad). 

Bhí an tríú ráille crochta ón díon seachas thíos mar a bhíonn sé de ghnáth. Bhí dealg air an Stromabnehmer (tiomsaitheoir srutha ) lena bhféadfaí cábla a cheangal. Bhí a leithéid de thiomsaitheor srutha ar gach cúinne den Doppeltriebwagen (aonad dúbailte tiomána). Cé go raibh an leagan amach trealamh athraithe mhair an ainm Steuerwagen (carr stiúrtha) nó S-wagen don leath tosaigh agus Kompressorwagen (carr an comhbhrúiteora) nó K-wagen don leath eile. Ach don sraith F90 bhí aonad stiúrtha do gach carr faoi seach. Agus trealamh amháin chun ceithre inneall a thiomáint, bhí gach ceann de na háiseanna tiománta. 

B'é an riail an cábla a nascadh leis an dealg ar chlé ar chúl (i dtreo cúl an halla). Nuair a bhí an traein ag dul amach bhí ar duine siúl in aice leis, i ngreim sa chábla. Nuair a shroich an traein an tríú ráille amuigh agus stad d'fhéadfaí an cábla a bhaint go sábháilte. 
Thóg mé an pictiúir seo ó alt nuachtán faoi dóiteáin a raibh tiomsaitheoir fabhtach mar chúis leis. Ba cheart an tiomsaitheoir a bheith brúite go dlúth leis an ráille cumhachta. Ní cheart go mbeadh splancacha! 

Bhí cumhacht mhór i gceist toisc go raibh toilleoir agus ionduchtóir mór i gceist. Stóras voltais toilleoir. Stóras srutha ionduchtóir. Sula déanadh aon obair ar an traein níorbh mór a bheith cinnte go raibh an cumhacht sin imithe. Agus a chinntiú nach gcuirfeadh duine éigin cábla air agus duine thíos faoi - bhí an traein fada agus ní raibh radharc maith sa halla chúng go háirithe má bhí neart traenacha ann. Bhí airdeall de dhíth, agus bhí sé tábhachtach cloí leis an riail maidir le cén dealg le húsáid. Má bhí obair gan cumhacht le déanamh, bhí sé riachtanach gearrchiorcad a dhéanamh tríd barra a nascadh idir an tiomsaitheoir agus cabhail an traein. Bhí lingeán a bhrúigh an tiomsaitheoir leis an ráille, agus bhí an barra deartha chun go mbeadh deireadh leathan ar "bhróg" an tiomsaitheora agus an deireadh eile i bpoll i gcabhail na traenach. 

Ní fhaca mé féin é, ach chuala faoi oibrí - siúinéir creidim - a rinne iarracht an barra a chur i bhfearas. Ach rinne sé iarracht é chur ar an gcarr tosaigh seachas cúil - seans gur shíl sé nach raibh ceangal leictreach idir an dá charr, nó seans nach bhfaca sé an cábla. Bhí an dearg ádh leis - réabadh an barra le fórsa tríd an aer ach bhí sé i leataobh agus tháinig sé slán seachas an preab a baineadh as. 

Is duine mé a bhfuil ómós aige do chumhacht leictreach. Do sheachain mé an dualgas siúl leis an gcábla nó an gearrchiorcad a chuir in áit. Bhí mé airdeallach neirbhíseach ag siúil idir na traenacha sa halla. Bhí mé cúramach ag dul isteach is amach. Uaireanta bhí céimeanna sealadacha, ach go hiondúil bhí ort cos a chuir ar chéim cúnta agus tú féin a tharraingt suas. Bhí teacht amach níos deacra, agus an bearna faoin traein le seachaint. Agus uaireanta na lámha lán le trealamh, ríomhaire glúine trom na nóchaidí nó a leithéid. 

Bhí aicme na daoine san áit so-aitheanta (mar a bhíonn go ginearálta sa Ghearmáin) ar a n-éide oibre. Blaumann ar oibrí. (fear gorm go litriúil. Cé go raibh na dungaraithe seo ar fáil i dathanna eile, dúghorm ba choitianta go mór. Agus fir is iondúla a chaith iad. Bíonn cinn oráiste ar leithéidí fir bruscair nó oibrithe eile a bhíonn ag bogadh trí trácht nó suíomhanna eile ina bhfuil feiceálacht tábhachtach). Kittel (forchóta) liath ar saoistí. Gnáthéide orainne innealtóirí, cé nach mbeadh sé críonna d'éadach is fearr a chaitheamh in áit a raibh neart deannach agus ola. 
Forchóta liath a bhíodh ar phríomhtheicneoir AEG, Joco P, ar a dtugtaí Jupp. Fear ard, croiméal air. Iúgslavach. (Déanaim amach gurb Boisniach é. Bhí an cogadh ag réabadh ag baile. Níor labhair sé mórán faoi.) Fear lách. Uaireanta ní raibh ann ach mé féin agus é féin, ag ól caife agus ag allagar fad is a bhíomar ag fanacht ar an deis dul ar an gconair promhadh. 

Forchóta freisin ar Meister (máistir, i. Saoiste an BVG. Fear íseal teasaí le féasóg dubh agus blagaid. Bhí acmhainn grinn aige nuair a d'fheil ach cantalach is mó a bhíodh sé linne mar go rabhamar ag cuir isteach ar ghnáthobair an lae agus ag tógáil oibrí uaidh mar thiománaí.) 

Fir caol arda na hoibrithe gona Blaumänner. Olaf, Steffen agus Micha na hainmneacha a ritheann liom. Bhí siad oilte go maith agus eolach ar an dteicneolaíocht. Go deimhin chuaigh Micha ar ais chun na hollscoile chun céim san innealtóireacht a dhéanamh. Fuair sé intéirneacht linn ar ball. 

Bhí proinnteach san áit, beirt bhan meánaosta ina bhun. Iad cantalach mífhoighneach go hiondúil. Belegte Brötchen (rolla aráin le cáis nó salami) le fáil am bricfeasta. Kartoffelsalat agus Bockwurst nó Bulette am lóin. Bhí dinnéar ceart le fáil ach réamhordú a dhéanamh. Ní raibh an deis sin againne cuairteoirí ainneoin a fhad a bhíomar ann. Ach uaireanta bhí ceann fágtha agus ar fáil. Stobhach - Eintopf - agus babhla mór groí mar gurb é an bia capall na hoibre. 

An obair féin, suas síos an conair promhaidh. Bhí iompar an córas stiúrtha faoi réir ag tairisigh sa chlár. Bhí a luachanna sin le haimsiú tríd triail agus earráid cuid mhór. D'fhéadfaí iad a athrú leis an córas cumarsáide le ríomhaire. Bhíodar coimeádta in EEPROM - cuimhne buan a bhí inscríofa sa ciorcaid. Uaireanta áfach bhí orainn cód a athrú. Chuige sin b'éigean é a íoslódáil chuig EPROM. Ní fhéadfaí iadsan a athrú sa ciorcad. Agus bhí ort iad a chuir faoi solas ultraivialait chun iad a ghlanadh sula bhféadfaí clár nua a scríobh iontu. Bhí fuinneog beag quartz os cionn an slis chuige sin. 
Bhí sé tábhachtach gan na cosa a lúbadh nuair a bhí an slis a chur ar ais san PCB. Bhíodh soicéad chuige sin. Uaireanta, toisc go raibh na cosa bog agus leochaileach bhíodh an slis i soicéad níos buaine, a fhéadfaí baint amach is isteach níos fusa. Ba mhór an ghar é sin do mo leithéid nach raibh maith leis na lámha. 

Ar lean...