Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label scéinséir werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label scéinséir werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-08

Mo chuisle ag preabadh, mo chroí i mo bhéal...


Coir scéinséir atá anseo. Ní cérinneachán ná fiú conssarinnechán atá ann. Tá sé soiléir go maith go bhfuil dúnmharú i gceist, agus cé hé an fealltóir. Don triúr ban atá lárnach sa scéal ar aon nós. Beirt acu, aint agus neacht, a bhfuil bua ar leith acu bás a thuar. An tríú bean, cara leis an íospartach. 

Lonnaithe sa cheantar thart ar Gaoth Dobhair. Tagann an tríú bean aníos as Baile Átha Cliath le freastal ar shochraid a cara. Lóistín aici leis an mbeirt eile. Atá sa cheantar le fada, toisc iad a bheith corr, dar lena dteaghlaigh, de dheasca an bua atá acu a chuireann ag gol iad nuair atá bás le bheith sa cheantar. Agus i riocht níos measa nuair is anbhás atá le bheith ann. 

Ar an iargúil, tá siad sásta go maith. Beo ar fás agus díol luibheanna agus glasraí. 

An chaidreamh idir an triúr a iompraíonn an scéal, agus a n-amhras faoi bhás na céad mná. Leisce orm aon scéalmhilleadh a dhéanamh - fágfaidh mé fúibh féin é a léamh. 

Mar a dúirt léirmheastóir ar RnaG, tá neart cainte ar bhia agus béilí agus an suíomh a chruthú go mall fáilí, go dtí go dtagann luas agus teannas faoin scéal i dtreo deireadh. 

Thaithin sé go mór liom. Lonnaithe san lá atá inniu ann, tamall tar éis an phandéim. 

Ní bean mé (na Seán) - ní thig liom mar sin dearbhú go bhfuil meon na mban ceaptha go cruinn aige. B'fhearr sin a fhágáil faoi na mná. Ach tá an insint inchreidte domsa. 

Mar a dúirt léirmheastóir amháin ar RnaG, tá neart trácht ar bhia agus ar bhéilí. Chuirfeadh sé ocras ar dhuine....

⭐ ⭐ ⭐ ⭐ ⭐ 

Sí 
Seán Ó Muireagáin 
Éabhlóid 

2025-12-20

Stair ailtéarnach láidir, ficsean eolaíochta nach sroicheann an sprioc


Shamhlóinn Colm Ó Ceallacháin Éire eile, i lámha fear láidir ó chogadh na saoirse, greim daingean aige agus a scuaid brúidiúil péas rúnda ar an tír. Rud a d'fhéadfadh a bheith tarlaithe i bhfianaise an méid a bhí ag tarlú sna tríochaidí trasna na hEorpa. 

Baineann cuid den scéal leis an Ginearál, an deachtóir, a bheith ar leaba an bháis. A mhac imithe le ragairne agus drabhlás, a phósadh fuaraithe agus searc iompaithe ina ghráin. A bhean ag cuir a neart isteach i gcinntiú gurb ag a mac seachas a fear a gheobhaidh an cumhacht. 

Trasna an scéil tá scéal triúr aosánach, deich mbliana roimh tús an scéil. Bíonn lánúin ar saoire in iarthar Chorcaí, áit a bhfuil aint agus colceathrar na mná. Agus, mar a tharlaíonn, garmhac an Ghinearáil. Forbraíonn caidrimh éagsúla idir gean agus gráin eatarthu. 

Agus eascraíonn tragóid as sin. 

Baineann an ficsean eolaíochta, a theip dar liom, agus nach gcuireann pioc leis an scéal, le hiarrachtaí garmhac an Ghinearáil, am agus spás a chur as a riocht. 

Dá mbainfí as an scéal ar fad é, bheadh an t-úrscéal ina scéinséir stair ailtéarnach iontach maith. Le castaí agus corra gan choinne. 


Colm Ó Ceallacháin
200 lch; clúdach bog; 
978-1-913814-64-9
Leabhar Breac 



2024-12-13

Scéinséir cruthaitheach


Is mar thoradh ar bhlagmhír le hEoin Ó Riain a chuir mé fios ar an leabhar seo ón leabharlann. Scéinséir atá ann, bleachtaire aonair ag iarraidh comhcheilg foréigneach a chosc. Ag baint feidhm as daoine ó earnáil liath na coiriúlachta seachas na fórsaí oifigiúla. I ngleic le fórsaí dorchaí leathstáit. Éireannach agus Éire i lár an scéil. An cineál ficsin lán aicsin a bhíodh ag Cathal Ó Sandair nó Deasún Breathnach sna 1960í. Ach go bhfuil an scéal seo lonnaithe san am i láthair, nó sa todhchaí gar dúinn. 

Scíthléitheoireacht bhreá, castaí agus corranna gan choinne. Tóraíocht. 

Feicim anois gur fiche bliain ó shin a foilsíodh é. Shíl mé é bheith níos nuaí ná sin! 

Táim buíoch d'Eoin a chas mo threo é. 


Beirt le marú. 
Seán Ó Ciaruáin. 
Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2004.