Is mar thoradh ar bhlagmhír le hEoin Ó Riain a chuir mé fios ar an leabhar seo ón leabharlann. Scéinséir atá ann, bleachtaire aonair ag iarraidh comhcheilg foréigneach a chosc. Ag baint feidhm as daoine ó earnáil liath na coiriúlachta seachas na fórsaí oifigiúla. I ngleic le fórsaí dorchaí leathstáit. Éireannach agus Éire i lár an scéil. An cineál ficsin lán aicsin a bhíodh ag Cathal Ó Sandair nó Deasún Breathnach sna 1960í. Ach go bhfuil an scéal seo lonnaithe san am i láthair, nó sa todhchaí gar dúinn.
Scíthléitheoireacht bhreá, castaí agus corranna gan choinne. Tóraíocht.
Feicim anois gur fiche bliain ó shin a foilsíodh é. Shíl mé é bheith níos nuaí ná sin!
Táim buíoch d'Eoin a chas mo threo é.
Beirt le marú.
Seán Ó Ciaruáin.
Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2004.