Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-12-11

Mo chroí i'm bhéal ag léamh

Tháinig féirín gan choinne chugam ó Chló Iar Chonnacht i ndiaidh an mór-sheoladh le déanaí. Beart mór groí leabhair.
Ina measc 'An Mianadóir', úrscéal nua le údar 'Aileach', Jackie Mac Donncha.
Scéinséir comhaimseartha. Tagann imirceach abhaile tar éis na blianta i Meiriceá go teach a muintire. Iadsan marbh le cúpla bliain. Gan aithne ar bith air san áit.
Níl sé ach fillte tamaill gairid nuair a théann mac óg na comharsana ar iarraidh, buachaill a raibh beagán caidreamh aige leis.
Tá cúpla dearcadh reicthe sa scéal, scéal an chuardaigh nochtaí diaidh ar ndiaidh ó dhearcadh athair, máthair, deirfiúr. Tranglam mothúcháin.
Scéinséir atá anseo agus tá drogall orm nod ar bith a scaoileadh a mhillfeadh pléisiúr na léitheoireachta ar dhuine eile.
Níl le rá agam ach go raibh mo chroí i mo bhéal agam le linn an chuardaigh. Corr ar chorr sa scéal. Comhbhá múscailte ionam le pearsana éagsúla an scéil.
Téamaí láidre comhaimseartha, tromaíocht ar scoil, amhras faoi strainséirí bunaithe ar nuacht léanmhar. An caidreamh teaghlaigh ina cíor thuathail ag fóin cliste (íorónta gur ar fón póca atá seo á scríobh agam).
Tá an leabhar seo dírithe ar dhéagóirí dar leis an bhfoilsitheoir.
Is cinnte go mbainfeadh siad pléisiúr agus tairbhe as, ach sílim go bhfuil sé feiliúnach do dhaoine fásta freisin, go háirithe iadsan a dtaitníonn scéinséirí leo.
An Mianadóir
Jackie Mac Donncha
Cló Iar Chonnacht