Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-10

Wilhelm Meister

Johann Heinrich Wilhelm Tischbein:
Goethe i Campagna na Róimhe
(mionsonra), 1786/1787
Nath curtha i leith Goethe ar bhlag Sheáin Óig Uí Dhuinnín spreagadh.com a chuir ag tochailt mé. Is maith liom foinse agus comhthéacs (agus bunleagan) a leithéid a aimsiú. Fuair mé é i Wilhelm Meisters Wanderjahre ceann de phéire Bildungsroman a scríobh Goethe ina bhfuil Wilhelm Meister lárnach.
 
I Wilhelm Meisters Lehrjahre (Blianta daltachta Wilhelm Meister) cuirimid aithne ar Wilhelm Meister mar ógánach, mac ceannaí gustalach atá iomlán tógtha leis an ndrámaíocht. Tá sé lasta le grá do bhan-aisteoir óg - agus ise dó. Ach buaileann fiabhras intinne é nuair a chreideann sé go bhfuil sí mídhílis dó - leannán gustalach a bhí ann roimhe agus atá ag tacú léi. 

Tugann sé droim láimhe dá leannán gan labhairt léi fiú arís - agus droim láimhe leis an ndrámaíocht freisin, is cosúil. Neartaíonn a chara, mac comhalta gnó a athair é san diongbháilteacht seo. Nuair a thagann sé as a thinneas, gabhann sé ar chamchuairt gnó ar son a athair agus ar mhaithe le foghlaim. Ach tarlaíonn eachtraí dó, agus gabhann sé le compántas aisteoireachta arís. Bíonn sé ag cuimilt le mionuaisle, agus caidrimh agus leath-chaidrimh aige le mná éagsúla. Agus is dtreo deireadh an leabhair faigheann seisean - agus muidne - amach go raibh lámh nach beag ag dream diamhair - Cumann an Túir - ina chuid eachtraí. Ach aimsíonn sé an mac a rugadh mar thoradh ar a chaidreamh leis an mban-aisteoir - a fuair bás de dheasca luí seoil. Ag deireadh an úrscéil tá an chuma air go bhfuil sé ar tí bean de na mionuaisle a phósadh, agus go bhfuil roinnt pósadh eile chun eascairt as na heachtraí. Seachas roinnt diamhaireacht ag baint le Cumann an Túir, agus tragóid teaghlaigh fite fuaite tríd na heachtraí ag beirt ceoltóir fáin, tá na heachtraí measartha nádúrtha. (Bhí baint ag Goethe leis na Máisiún, agus - cé tearc m'eolas orthu - tuigtear dom gurb iadsan a spreag "Cumann an Túir" san scéal).

Rud eile ar fad is ea Wilhelm Meisters Wanderjahre (Blianta Fánaíochta Wilhelm Meister) a bhfuil an fotheideal Die Entsagenden (Na Séantóirí) air. Ag tús an leabhair, agus ag tabhairt struchtúr don iomlán, feicimid Wilhelm agus a mhac ag fánaíocht sna sléibhte, faoi gheasa ag Cumann an Túir gan stad ná cónaí a dhéanamh thar trí lá in aon áit. Tá daoine eile ó na Lehrjahre faoi na geasa céanna, agus fitear cliar mór fir agus mná isteach sna heachtraí - agus nod ann go bhfuil beartas mór eisimirce faoi scáth Cumann an Túir á eagrú.
 
Ach fite fuaite leis an iomlán tá scéalta grá, finscéalta, tráchtais ar ceirdeanna éagsúla, stair,  eolaíocht, agus fealsúnacht oideachais. Fiú na heachtraí a bhaineann do Meister agus a mhac, tá cuid acu osréalach

Agus - le teacht ar ais ag an túsphointe - tá dhá chnuasach ráite san saothar. Betrachtungen im Sinne der Wanderer - Tuairimí a thagann le meon na bhFánaithe agus Aus Makariens Archiv (as cartlann Makarie - pearsa diamhair san úrscéal, ban saoi atá, is cosúil nasctha leis an gcóras gréine ar dhóigh diamhair éigin)


Verschiedene Sprüche der Alten, die man öfters zu wiederholen pflegt, hatten eine ganz andere Bedeutung, als man ihnen in späteren Zeiten geben möchte.

Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe


Bhí brí iomlán éagsúil, ná an bhrí a tugtar níos déanaí leo, leis an iliomad rá de chuid na sinsir, a ndéantar athrá minic orthu.


Is cosúil gur chuir Goethe go leor de féin isteach sna leabhair seo. Ar ndóigh, le hais a bheith ina fhile ba pholaiteoir - Fürstendiener - giolla flaithe - é. Amhrasach dá réir faoi réabhlóid na Fraince! Mac ceannaí gustalach, a dúirt nuair a rinneadh uasal de nach athraigh sé a mheon - gur shíl paitríocha Frankfurt, dár díobh é, go raibh siad uasal cheana. Agus ileolaí, a bhí amhrasach faoi scoilteadh na eolaíochta ina mhion-ábhair. Bhí sé, is cosúil, tógtha le mná óna óige, ach é drogallach caidreamh buan a bheith aige - cúis scannail agus teitheadh uair nó dhó. Maítear áfach nach raibh caidreamh collaí aige go dtí go ndeachaigh sé, agus é meánaosta chun na Róimhe ag éalú ó ró-obair dá Phrionsa. Ina dhiaidh sin bhí sé in aontíos le leannán ón íseal mheánaicme nár phós sé ar feadh i bhfad. Bhí lé aige tráth leis na Protastúnaigh cráifeacha - Pietisten - cé nár ghéill sé go hiomlán de theagasc ar bith.

Feictear dom go bhfuil na gnéithe sin ar fad, agus an machnamh orthu, sna Bildungsromane seo (i. úrscéalta teacht in inmhe agus chun tuisceana).

Ní dócha go mbeinn tar éis dul i ngleic leo murach an tóraíocht natha a spreag alt Seán Óg!

Seo é ina iomláine:

Sage mir, mit wem du umgehst, so sage ich dir wer du bist! Weiß ich, womit du dich beschäftigst, so weiß ich, was aus dir werden kann.

 Wilhelm Meisters Wanderjahre II, Betrachtungen im Sinne der Wanderer

Goethe


Inis dom cé hiad do chomhluadar, agus inseoidh mé duit cé tú féin! Más eol dom cad leis a mbíonn tú gafa, is eol dom cén críoch is féidir leat baint amach.

Táim buíoch as an eachtra - agus is iomaí nath atá cnuasaithe agam as an leabhar! Agus tá sé spéisiúil meon ileolaí ar thairseach na nua-aoise a fheiceáil léirithe chomh grinn, leathan.