Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-27

Is gaoth an té a aithníonn an ghaoth thar an ngaoth!


Le cúpla seachtain anuas tá Breandán Ó Cíobháin ag plé logainmneacha a bhfuil baint ag cúrsaí aimsire leo le Helen Ní Shé ar An Saol ó Dheas. Luaigh sé Tóin le Gaoith, sliabh a bhfuil aithne agam air i Cill Mhantáin, áit sceirdiúil a bhíonn gaofar go minic. Dúirt sé afách nach gaoth - aer ag bogadh - atá i gceist ach uisce. Dar leis is Loch Iolar a thug a ainm don sliabh. Léirigh mise amhras - níl Loch Iolar feiceálach, agus shíl mé gur góilín - caolas uisce ag gobadh isteach sa tír - is brí le "gaoth" - mar atá i gceist i gcás Gaoth Dobhair, abair. 

Sin a bheadh le tuiscint as gaoth 2 i Foclóir Gaeilge Béarla (agus an Foclóir Beag).

Lorg mé an dara tuairim ar Logainm ar Twitter, a chuaigh i gcomhairle leis an Brainse Logainmneacha. Is cosúil go bhfuil bunús leis an tuairim faoi uisce a bheith i gceist le "le Gaoith" i Logainmneacha - rud a thagann leis an bhfoirm den ginideach atá in úsáid. Tá obair ar siúl ar na léarscáileacha dailiúcháin ar logainm.ie freisin - agus an ghaoth agus an gaoth i measc na cinn atá le feabhsú.

Tá roinnt iontráil i dil.ie:

1 gáeth: aidiacht, gaoismhear (tá seo ag FBG mar gaoth 3 - focal liteartha)

2 gáeth; aer ag bogadh, gaíth sa tSean-Ghaeilge.

3 gáeth: ag freagairt don ciall goílin - ach tá an chiall sruthán luaite leis fresin, go háirithe sruthán ar féidir é a thrasnú. 

Maidir le Tóin le Gaoith Chill Mhantáin, tá abhann faoi agus clochar á thrasnú díreach lastuas d'eas. N'fheadar an é sin an gaoth atá i gceist?