Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-11

Renaissance na hÉireann, gnó gan críochnú

Margadh spéisialta de chuid Amazon (sea, tá fhios agam, ach bronnadh Kindle mar fhéirín orm agus anois tá mé gafa) a spreag mé chun an cnausach seo le Ngũgĩ wa Thiong'o seo a cheannach. Aiste ar athbheochan léinn na hAfraice atá ann - bunaithe ar sraith leáchtanna a thug sé.

Tarraingíonn sé go domhain ar an dtaithí Éireannach - an codarsnacht idir cuir chuige Yeats a shíl go bhféadfaí anam an naisúin a thabhairt slán sa Sacs-Bhéarla agus de hÍde a chreid go raibh gá fáil réidh leis an Anglachas. Tagraíonn sé do aiste Nuala Ní Dhomhnaill inár luaigh sise an corpán a shuigh suas agus a labhair - litríocht na Gaeilge.

Amharcann Ngũgĩ go grinn ní hamháin ar smaointeoirí na hAfraice, iadsan a d'fhoilsigh ina dteangacha dúchasacha agus iadsan i d'fhoilsigh i dteangacha a (iar )mháistrí araon,  agus an díospóireacht eatharthu. Ach freisin ar taithí athbheochan na hEorpa - léann á chrúthú sa Ghearmáinis, sa Fraincis, agus sa Bhéarla - ag éalú o marbhfháisc na Laidine. An ról a d'imir aistriú an Bhíobla san forbairt sin - ról a d'imir sé san Afraic freisin, mar gur cuireadh an Bíobla ar fáil i gcaint na nDaoine agus teanga scríofa dá réir. Ach freisin gur thum smaointeoirí na hEorpa iad féin i léann na Gréige agus na Róimhe - a chuir ar fáil i dteanga na ndaoine. Bhí ról suntasach ag an aistriú ní hamháin ó na teangacha ársa ach freisin idir na teangacha éagsúla san Eoraip chun an léann a bhunú agus a scaipeadh.

Bhí a léithéid ar bun ag na Gaeil freisin. Ní dóigh liom gur imir an Bíobla ról chomh suntasach sin abhus - Bíobla Bhedell - mar go raibh an léann á shaothrú sa Ghaeilge i bhfad roimhe sin agus scoláirí idir cléirigh agus tuataí. Ach idir Bíobla Mhá Nuad agus Bíobla Bhedell, tá friotal againn!

Tá litríocht na Gaeilge - filíocht, gearrscéalta, úrscéalta measartha folláin, measaim. Ach tá bearnaí suntasacha eile san léinn. A bhuí leis an Aontas Eorpach, cuid mhór, tá an dlí á shaothrú as Gaeilge - agus an pobal a chnuasaíodh dá bharr ar an Mór Roinn ag saibhriú na Gaeilge i ngnéithe eile.

Ach seachas Matt Hussey, a chruthaigh roinnt ciclipéid eolaíochta, ní heol dom éinne atá ag plé leis na heolaíochtaí nádúrtha as Gaeilge. Scríobh Míchéal Ó Bréartúin, beannacht Dé le anam roinnt leabhair innealtóireachta - agus is ag amharc siar a bhí sé. Is dóigh liom go bhfuil craobhacha den léann - ríomhaireacht abair - a shaothrú as Gaeilge, má tá gaol acu le léann na teangain. Tá daoine thall is abhus a phléann cúrsaí innealtóireachta agus eolaíochta as Gaeilge. Tá roinnt staraithe - Vincent Morley agus Aindrias Ó Cathasaigh, abair - ag foilsiú as Gaeilge. 

Feictear dom áfach gur iarrachtaí aonair iad seo - agus níl fhios agam an bhfuil aon ardán a spreagann daoine chun foilsiú as Gaeilge ar abháir seachas an Ghaeilge. Déanann an Féile Imbolc daoine a cuir ag caint as Gaeilge, seachas faoin nGaeilge. 

Bhí ar sinsear ag scríobh ar leigheas, ar stair, ar na réalta as Gaeilge - ag aistriú ó theangacha léannta a linne. 

Tá cnuasaigh bréatha téarmaíochta ag téarma.ie ach n'fheadar an mó duine a bhaineann feidhm astú chun léann a shaothrú agus a scaipeadh?

Feictear dom go bhfuil go leor dá n-dúirt Ngũgĩ faoin Afraic fíor faoi Éireann freisin - gur gá dúinn ár gcuimhne, atá caomhnaithe sa Ghaeilge a athghabháil, agus í a aclú ag ransú craobhacha uile crann an léinn.

Agus foghlaim ó na náisúin eile a rinneadh coilíniú orthu. Níl an ualach céanna orainn, ar ndóigh, agus atá ar na pobail nach bhfuil cuma Eorpach orthu - ach tá cuid den ngalar céanna a eascraíonn as coilíniú, díspeagadh cultúir agus réabadh cuimhne ag cuir as dúinn. 


Milis an teanga an Ghaedhealg
guth gan chabhair choigcríche
glór géar-chaoin glé glinn gasta
suairc séimhidhe sult-bhlasta.

Gidh Eabhra teanga is seanda,
gidh Laidean is léigheanta,
uatha uirthi níor fríth linn
fuaim nó focal do chomaoinn.

Seathrún Céitinn