Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-20

Cumhacht an ilteangachais

I measc na gcuntas a leanaim as focalbhá ar Twitter tá cuntas an Duden Verlag - a fhoilsíonn focal an lae as a bhfoclóirí - na foclóirí a dhearbhaíonn an litriú caighdeánach sa Ghearmáinis. Ach ní foclóirí amháin a fhoilsíonn siad - ach leabhair a chíorann gnéithe go leor den teanga agus a húsáid.
Mar sin a chonaic mé fógra uathu don saothar seo, agus phrioc sé m'fhiosracht.
 
Die Macht der Mehrsprachigkeit: Über Herkunft und Vielfalt
 
Cumhacht an ilteangachais: maidir le Dúchas agus Ilchineálacht.

Herkunft rud beag níos caolchúisí ná dúchas - ciallaíonn sé "cé dar díobh/cárb as"

Is as a taithí féin agus taithí a teaghlaigh atá Olga Grjasnowa a scríobh. De bhunadh Giúdach sa Rúis, rugadh í féin i mBaki san Asarbaiseáin. Nuair a bhí sí 11, i 1996 d'imigh an teaghlach mar theifigh chun na Gearmáine. D'fhoghlaim sí Gearmáinis agus is scríbhneoir as Gearmáinis í, a bhfuil ceithre úrscéal léi foilsithe. Tá sí pósta ar aisteoir de bunadh na Siria, agus tá beirt clainne acu. De bharr a sinsir, tá taithí aici ar an aistriú teanga sa teaghlach - ó Giúdais go Rúisis - is beag Asairis a bhí riamh aici. Rúisis a labhraíonn sí lena clann i mBeirlín; labhraíonn a athair Araibis leo. Go teoiriciúil, cibé - is minic iad ag códmheascadh.

Shéan an Ghearmáin ar feadh i bhfad gur "tír inimirce" atá ann - "Gastarbeiter" a tugtar fós ar inimircigh a thagann chun oibre sa Ghearmáin - mórchuid acu ann ó 60í an chéad seo caite agus sliocht a sleachta anois ann - ach de bharr dlí na Gearmáine ní gá gur saoránaigh iad. Fiú agus mé i mo chónaí i mBeirlín ba chás liom staid na dTurcach óga a raibh orthu seasamh sa scuaine ag athnuachan a cead cónaithe. Ar feadh tamall bhí mé féin sa scuaine céanna, scuaine a raibh ort bheith ann i lár na hoíche chun seans a bheith agat coinne a fháil san oifig. Ar ball áfach bhí oifig ar leith ann do shaoránaigh an Comhphobal Eorpach agus roinnt tíortha pribhléideacha (léigh - geala ) eile.

Na daoine óga seo a rugadh sa Ghearmáin, ba Alman (Gearmánach) a tugadh orthu i dtír a sinsir ar saoire; agus Turcach (agus rudaí níos measa) a tugadh orthu ag an mórphobal i dtír a mbreithe.

I bhfianaise go bhfuil inimirce go hÉireann ag treisiú, agus an reifreann lofa a cheileann saoránacht gan cheist ar páistí a rugadh anseo, tá imní orm go bhfuil na botúin a chíortar san saothar seo maidir le teanga agus cumhacht á aithris againne.

Tar éis an tsaoil, Bhabh uachtaránachta ba luach saothar nuair a phearóidigh Eilís II leath-abairt foghlamtha Gaeilge - síor-cheistiú a fhaigheann an bhean de sliocht Yoruba a fuair a scolaíocht iomlán trí Ghaeilge.

Tá plé sa leabhar ar an dóigh a mbíonn an ilteangachas "dearfach" ann agus an t-ilteangachas "amhrasach". Cé gur eisceacht an aonteangachas is eisceacht atá ann a bhaineann le mionlach cumhachtach. Éilítear foirfeacht i dteanga an Leitkultur (Cultúr ceannais) ar an inimirceach is a shliocht - foirfeacht nach ngéilltear dó má tá a chneas nó a dhreach mí-cheart nó a ainm as an gnách.

Moltar an aicme ceannais as roinnt de theanga eile a shealbhú - go háirithe más teanga eile cumhachta é. Séantar luach teanga agus dúchas an inimircigh.

Daoine breaca mo chlann féin - ach tá an cneas ceart orthu. Níor fhág sin iomlán saor ar thromaíocht ar scoil iad de bharr dúchas a máthair, ar ndóigh. Ach níl sé le aithint orthu ar an bpointe gur "eile" iad. Agus tá sé measartha éasca Gearmáinis a chothú in Éirinn.

Ach céard faoi Yoruba, Igbo, teangacha eile na hAfraice? Cuirtear an ard-teist ar fáil i dteangacha an Aontais, agus foghlaim dá réir. Tá Araibis - an teanga chaighdeánach, glacaim leis - ar fáil freisin.

Ní bóthar aon-treo an imeascadh agus b'fhearrde muid dá mbeadh teacht ag ar bpobal uilig ar a fréamhacha uilig. Tá níos mó i gceist le teanga agus cumarsáid - tá gaois agus seanchas i ngach teanga, dóigh an domhan a fheiceáil. Foinse samhlaíochta agus athnuachana. 

Is ola ar mo chroí é nuair a chloisim tuismitheoirí a labhairt teanga a tíortha dúchais lena gclann - creidim gur láidre muid an chineál ilchineálacht sin a aithníonn go bhfuil bua agus tallann i ngach pobal, le roinnt leis an mórphobal. Ní mór áfach an deighilt agus an aicmiú dá réir a sheachaint - an gaois a roinnt seachas é a theorannú do scothaicmí.