Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-23

Cliabhán Shéas

Bhíomar sna fichidí, óg, aclaí agus tugtha don siúil. Maith go leor, bhí taithí againn ar shiúlóidí marcáilte go soiléir na mór roinne - cé go raibh taithí agam féin ar fásaigh gan chosán na hÉireann. Ní raibh léarscáil ar scála fiúntach le fáil - ach bhí treoirleabhar againn.Thabharfaimis faoi Psiloritis a dhreapadh. B'fhiú dul sa tseans.

Thaisteal muid ar bhus agus tacsaí go sráidbhaile Kamares agus d'aimsigh brú don oíche. Labhair muid le roinnt turasóirí eile - thug sin misneach dúinn. Chuamar a luí luath, é ar intinn againn éirí agus tabhairt faoin sliabh roimh breacadh an lae chun an bhrothall a sheachaint, agus oíche a chaitheamh thuas.  Ach tháinig teas na hoíche agus an iliomad corrmhíol glórach idir muid agus codladh - ainneoin slad a rinne Uta orthu ar feadh deich nóiméad i lár na hoíche.

Thosaigh muid ag siúl thart ar a cúig, agus bhí rudaí togha ar feadh tamall. Go luath tar éis dúinn tosú chuaigh fear cnagaosta tharainn, é seang lúfar griandóite, clic clic an dá bhata siúil aige ag fógairt a fhlosc. Ní raibh mórán á iompar aige. Bhí barraíocht á iompar againne...

Dúirt an treoirleabhar go mbeadh an conair marcáilte le spotaí dearga, agus gur chuaigh sé go géar in aghaidh an fána. Bhí spotaí dearga thall is abhus ar na carraigeacha. In aghaidh an fhána linn, é ag éirí níos géire agus níos géire. Ní raibh neach le feiceáil. Ar aghaidh níos faide. Chas ar aoire - ach ní raibh teanga i gcoitinn againn. Lean orainn. Géar. Te. Tuirsiúil. Gan cosán soiléir. 

Chinn faoi dheireadh go rabhamar ar strae. Chas ar ais. Síos le fána. Chonaic an áit a chuamar ar strae. Ach bhí ar sáith againn. Síos arís go dtí an sráidbhaile. Ní rabhamar ann fiú nuair a chuaigh fear na mbataí tharainn arís, an barr bainte amach aige cheana. Gan aon mhoilliú ar luas an clic clic rithimeach.

Ní raibh coinne ag lucht an bhrú linn. Bheadh orainn fanacht ar bhéile - ní raibh an uain ach maraithe acu.

A leithéid de fheoil bhog níor ith mé cheana ná ó shin.

Chodail muid an oíche sin. Bhíomar righin go maith ag lá dar gcionn! Bhí an sráidbhaile spéisiúil - gan ann ach seandaoine agus leanaí. Is dócha go raibh na daoine fásta eile ag fónamh do thurasóirí cois cósta. Cheannaíomar sailéad don lón ó seanbhean a raibh leabhar aíonna aici; go leor Gearmáinis, Ísiltíris is Fraincis ann. Roinnt Béarla.  Tá Gaeilge anois ann, más ann  dó fós. Sailéad gréagach blasta, le cáis feta. Agus rud a bhí ar fáil go flúirseach ar an oileáin - frappe, i. caife fuair le bainne agus uachtar. Bhí iógairt gréagacha ar fáil go coitianta freisin - iad gan a bheith chomh leachtach is a bhíonn abhus, agus ana dheas le mil nó torthaí úra.


Bhí na daoine aosta feistithe go traidisiúnta, go leor éadaí dubha. Sariki - ceannbheart fite - ar na fir. Cheannaigh mé ceann dom féin níos déanaí agus vástchóta. Táid fós agam.Níl an nós áirithe sin níos sine ná tús an chéid seo chaite - deirtear go seasann na scothóga a chaitear thar an ceannaghaidh do dheora na daoirse faoi na Turcaigh.

Tá gnó gan críochnú agam ar an sliabh ina raibh seomra naíonáin Shéas mar sin. Tá súil agam é dhreapadh lá éigin. Gan ualach, agus le treoraí!
Sariki