Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-05

Córas na bpointí – delenda est!

Tá go leor cainte ar Raidió na Gaeltachta faoi láthair faoin sonraíocht nua Gaeilge don gcainteoir dúchais agus líofa. Go leor ag dearbhú gur gá “luach saothair” do na daltaí a thugann faoi chúrsa “níos dúshlánaí” atá ceaptha barr feabhais agus forbairt a dhéanamh ar a gcumas ina dteanga dúchais. Ba cheart gur leor de luach saothar ann féin dul i ngleic le cúrsa dúshlánach – mar a bhaineann duine luach saothair as sliabh a dhreapadh nó cluiche crua spreagúil, beag beann ar bhua nó cailleadh. Cuir le saibhreas urlabhra agus tuisceana.

Agus ba leor, murach córas mallaithe na bpointí. Corás atá ina chóras ciondála ar chúrsaí ollscoile nach bhfuil an soláthar ag teacht leis an éileamh orthu (agus cuid den éileamh bunaithe ar mhíthuiscint).
Baineann láidreachtaí áirithe leis an ardteist. Is go hanaithnid a suitear é – mar sin, tá buntáiste an aithne a bheith ar cheartaitheoir nó ar dhalta  coiscthe. Agus suíonn cách an scrúdú céanna. Ar ndóigh, ní réitíonn sin an éagothroime oideachais atá fréamhaithe go maith roimh na naíonán bheaga; ach is céim i dtreo Cothrom na Féinne atá ann.


Ach corás na bpointí: chuala duine ag rá go mbíonn daltaí (agus a dtuismitheoirí) ag smaoineamh “go straitéiseach” maidir le cá háit a gcuirfidh siad a gcuid fuinnimh. Bíonn tóir ar an “onóir éasca”.

Ní go straitéiseach atá siad ag gníomhú ach go teaicticiúil. 

Buaitear cath córas na bpointí – cailltear an t-oideachas. 

Foghlaimítear conas an scrúdú a shárú, na cleasanna atá de dhíth. Ní fhoghlaimítear an ábhar. Foghlaimítear freagraí – ní tagtar ar thuiscint. Go minic, bíonn ar na hollscoileanna an dochar a leigheas; agus go minic cliseann ar dhaltaí san ollscoil ceal tuisceana agus scileanna.

I mo chás féin, (fadó) fuaireas 26 phointe ag tráth arbh é 32 pointe an líon ba airde. Cúig phointe ar A, agus 7 ar A sa Mhatamatic ardleibhéal (fuaireas B ansiúd). Fuaireas C sa chuntasaíocht – ábhar ar éirigh mé as na ranganna ann leathbhealach tríd an cúigiú bliain; ach bhí an scrúdú meicniúil sothuartha agus marcanna dá réir le gnóthú. (Ní raibh siad de dhíth orm, bhí an ardteist déanta i n-ocht ábhar agam, agus is ar bhonn an sé is fearr a ríomhadh na pointí. Bhí an scrúdú máithreánach – scrúdú de chuid Ollscoil na hÉireann déanta freisin agam, ar eagla na heagla).
 

Marcanna arda. Marcanna a ghnóthaigh mé gan mórán dua mar go raibh luí agam leis na hábhair agus mé measartha maith ag cloí leis an obair bhaile a tugadh.
 

Ní bhfuair mé marcanna mar sin ar an Ollscoil, ná baol air. Ní raibh foghlamtha conas foghlaim agam. Ní raibh féinsmacht forbartha ionam.  Rinne mé maith go leor sna saotharlanna – ach go tubaisteach sna scrúdaithe. I gcás amháin, scrúdú na dara bliana, chaith mé na maidí le sruth uilig roimh an dá scrúdú deiridh, ag ceapadh go raibh teipthe agam ar aon nós. Bhí orm filleadh luath ón nGearmáin le scrúduithe a shuí arís – an dá scrúdú deiridh sin. Fuair mé marcanna arda san athiarracht ....
 

Is in san saol oibre a d’fhorbair mé na scileanna foghlama atá de dhíth ar chách, agus na scileanna boga – obair le comhghleacaithe, cumarsáid, agus an iliomad scil eile. Tharlódh  go mbeadh cuid de sin foghlamtha san ollscoil agam dá mbeinn níos críonna; nó fiú ar scoil, murach go raibh mé i scoil beag ina raibh mé i m’éan corr.
 

Tá an soláthar ollscoile faoin éileamh. Ní léir dom – agus na hollscoileanna ag olagóin cheana féin nach bhfuil a sáith maoinithe acu, agus an ceart acu ainneoin an “táille cláraithe” atá anois beagnach ar an leibhéal céanna is a bhí na táillí foghlamtha sna 80í is mise ar an ollscoil. Agus tá srian nádúrtha spáis agus acmhainní ar aon nós i gcás ábhair ina bhfuil saotharlann de dhíth.

Mar sin, tá gá le corás éigin a thugann an deis don té is fearr atá ar a chumas é thapú. Ní corás na pointí é sin. Ach ní dóigh liom go mbeadh córas agallaimh pioc níos fearr. Bheadh baol an comrádaíocht aicme ann i dtólamh (níos mó ná mar atá cheana).
 

Ba chéim sa treo ceart na pointí ar bhronnadh ar bhonn peircintíle seachas marcanna gnóthaithe. Sé sin, gheobhadh an 10 % de dhaltaí a ghnóthaigh an marc is airde i ngach scrúdú faoi seach an líon is mó pointí don ábhar sin, agus mar sin síos. Chuirfeadh sé sin deireadh le caint ar “onóir éasca” agus luach saothar dóibh siúd a thugann faoi ábhar dúshlánach toisc spéis a bheith acu ann, nó luí acu leis.
 

Mar sin féin, is gá a bheith cúramach nach mbeimis arís san áit a bhfuil daoine ag foghlaim conas pointí a bhaint amach seachas ag forbairt scileanna agus tuisceana.
 

Ceterum autem censeo Corás na bpointí esse delendam