Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-30

Ó Bhéal na mBan

Grúpa ban óg atá i mbun staidéar a tháinig le chéile chun roinnt ócáid a eagrú do Lá Éigse Éirinn iad "Ó Bhéal na mBan". Is ré seo na pandéime, is ar líne a chas siad ar a chéile, agus is ar líne a bhí na hócáidí - dhá cheardlann agus comórtas filíochta.

Bhí mé pas beag mall - de bharr dualgaisí cistine - d'ócáid an Sathairn, agus chaill mé cuid den súil siar ar banfhilí na Gaeilge. Ach bhí léargas le fail as an méid a chuala mé agus bhí comhráití spéisúla in ngrúpaí ina dhiadh.

Níor chuir mé peann le pár don gcomórtas, ach is cosúil go raibh na moltóirí - Ciara Ní É, Celia de Fréine agus Áine Ní Ghlinn - tógtha leis na hiarratais agus gur mhol siad dánta sa bhreis ar na duaiseanna foirméalta.

Thug an triúr céanna píosa cainte faoina dtaithí féin ag scríobh agus ag foilsiú. Bhí píosa Ciara Ní É réamhthaifeadta toisc go raibh ócáid eile aice le freastal air.

Chuaigh sí i ngleic le neantóg an téarma "Banfhile" - ar filí ar mná iad, ag cíoradh agus ag spíonadh an téarma, agus an dóigh a déantar talamh slán de go bhfuil an taithí fireann ar dhóigh éigin uilíoch. 

Mheabhraigh sé dom an sliocht a roghnaigh Emilie Pine léamh as Notes to Self ag seoladh  Scríbhneoireacht Éireannach na Linne Seo, aiste a spreagadh ag an ráiteas ag scríbhneoir fireann gur mithid "fuil a chuir ar an leathanach" - ní dócha go raibh sé ag smaoineamh gur cuid de saol na mban é fuil a chuir go míosúil - agus go fáisceann a dtorthúlacht saol na mban go bitheolaíoch agus go sóisialta ar bhealaí iomadúla. Rud nach fíor don fear - fiú muide gur aithreacha muid tá an iachall a chuireann an bitheolaíocht orainn fíor bheag, más ann dó in aon chor - agus molann an sochaí muid as an iarracht is lú a dhéanamh i gcúram clainne. 

Ní hionann sin is a rá gur craobh ar leith léinn is gá a bheith i scríobh na mban ach níl séanadh air go bhfuil streachailt ar leith acu le héisteacht a fháil, meas, urraim. Agus gur minic garda na bhfear ag cuir dris cosáin rompu.

Is cosúil go bhfuil sé i gceist anois ag Ó Bhéal na mBan, agus na himeachtaí seo curtha daoibh acu go ráthúil, fanacht le chéile chun tabhairt faoi tograí eile agus comhar na gcomharsan a chuir i bhfeidhm chun forbairt a dhéanamh ar a gcuid ealíona. 

Gnó uaigneach scríibhneoireacht ar lámh amháin - ach bíonn meitheal i gceist le saothar a thabhairt cun foirfeachta, nó ar a laghad chuig an bpointe go bhfuil sé infhoilsithe agus gur gá don bhfile scaradh leis.

Guím gach rath ar na mná ina n-iarrachtaí, agus cóir maith gaoithe!