Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-05-02

guth na ngreabhróg 'sa céatteamain

 

Inné, lá Bealtaine, bhí an aimsir go maith, agus chuaigh mé ag siúl (arís - is beag deireadh seachtaine nach bhfuil cúpla uair an chloig siúl déanta agam!). Nílim teoranta níos mó do na 5 km timpeall orm. Thosaigh mé inné thart ar dó i gCill Chomhghaill - tá siopa glasraí ansin a thaithíonn muid  agus fuair mé síob chomh fada leis. Tá sé buailte le Charraig Chill Chomhghaill - cnap mór d'aill nach bhfuil feiceálach ón mbaile níos mó, ach tá ó thaobh na farraige. Is cosúil  gurb ann a lonnaigh daoine i dtosach, ar mhaithe leis an léargas ar an dúiche thart orthu. Tá roinnt cuairteanna tugtha agam air ó thosaigh mé ag cuir eolas as an nua ar an gceantar ina bhfuilim lonnaithe, de bharr na paindéime.
Carraig Chill Chomhghaill
An Radharc uaidh
Tá roinnt siúlóidí marcáilte thart ar Chill Chomhghaill, ina measc Lúb Bhaile Dhonncha Riabhaigh. Leanann leath amháin de seo an bóthar, ach an leath eile is lánaí agus imeall páirceanna atá i gceist, agus is mar sin a shiúl mé chomh fada leis an trá - ag stáisiún traenach Chill Chomhghaill. Shiúl mé fán trá in aice an iarnróid ansin agus dul ó dheas. Tá coilíneacht thábhachtach póraithe ag Geabhróga Beaga ar an trá seo idir Chill Chomhghaill agus an Caisleán Nua. Ar feadh formhór an bhealaigh bhí siad le clos agam - ba léir go raibh na céadta acu ann, ach is ar éigean a chonaic mé iad - seachas nuair a bhí siad san aer nó ag titim mar a bheadh cloch isteach san fharraige! Clocha duirlinge an trá, agus na geabhróga ar aon chuma leis na clocha, geal leis. (Agus níl radharc ró ghéar agamsa)

Ar an dtaobh eile den iarnród tá tailte fliucha agus go leor éanlaithe ann freisin - chonaic mé ealaí agus éigrit - agus chuala mé go leor eile, ainneoin claisceadal na ngeabhróg!

Gar do phointe an sé mhíle bhí guthanna eile in iomaíocht leis na héin. Tá aerfort ann ag lucht eitleáin spóirt agus bhí dordán ingearán agus innill le clos.

Thug mé cuaird ar thearmann na n-éin cúpla seachtain ó shin, ach bhí na cosáin fós dúnta ar mhaithe leis na cuairteoirí geimhridh. Inné bhíodar ag oscailt agus chuaigh mé ag fánaíocht tríd riasc agus coill. Chonaic mé splanc daite anois is arís, agus chuala mé longhaire ilchineálach - ach ní fhaca mé le cinnteacht ach fáinleog. 
Shíl mé nach raibh romham anois ach siúlóid fadálach ar bhóithre cúnga tuaithe abhaile. Shiúl mé go dtí an Claí Dubh ó Phointe an Chúig Mhíle ar a leithéid, agus ansin ar bhóthair níos gnóthaí i dtreo an Caisleán Nua. Ar amhraí an tsaoil, agus mé ar bhord le hÁras an Túir Faire chonaic mé dreapadh as cúinne mó shúil agus chuaigh ag amharc níos grinne air. Bhí fógra ann do lúb-shiúlóid a thabharfadh timpeall an chuid eile den bhaile mé agus ar an mbóthar go dtí Baile an Chinnéidigh.

Siúlóid thaitneamhach a bhí ann - cé gur shíl mé go mbeadh táinrith bulláin i mo threo ag pointe amháin. Buíochas le Dia is cosúil go raibh ar a laghad an méid céanna imní orthu fúm agus a bhí orm fúthu.
I ndiaidh dom cúpla ghort a thrasnú tháinig mé amach ar lána cré a d'iompaigh ina lána tarra tar éis tamall. Bóthar an Rí go Cill Mhantáin, tráth dá raibh ón gCaisleán Nua - Caisleán Nua Mhic Fhionnagáin. Chonaic mé droichead ársa fán bhealach - droichead nua tógtha comhthreomhar leis. Lámh le fothrach an Chaisleáin tá Eaglais de chuid Eaglais na hÉireann agus doras ana bhreá práis air. Do San Proinsias atá an eaglais tiomnaithe agus is é a iomann don dúlra atá léirithe ann ag Imogen Stuart. 

Ina dhiadh sin áfach ní raibh romham ach truslóga fada ar chosa a bhí ag lagú ar bhóithre tuaithe abhaile. Ceithre huaire san iomlán a bhí mé ag siúl. Siúlóid ana bhreá murach na stráicí bóthair a raibh orm cuir díom go hairdeallach!

Aguisín - is cosúil gur Feadóg chladaigh seachas Geabhróga beaga cuid de na héin a chonaic mé san áit go mbíonn an coilíneacht póraithe.