Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-05-26

Litríocht, Scolaíocht agus Tuismitheoireacht


Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.


Is cosúil go bhfuil, de réir an méid a thug mé leathchluas dó ar Barrscéalta, tuismitheoirí áirithe buartha faoi na téacsanna atá ceadaithe don Ard teist. Chaith mé súil fánach ar an mblag léirmheastóireachta a bhí luaite ach d'fhág mé sách gasta é - bhfacthas dom go raibh pé duine atá ina bhun ag lorg agus ag aimsiú graostacht, ag réabadh tagairtí do chollaíocht go hiomlán as comhthéacs. 

Damnaíodh 1984 mar shampla de bharr roinnt de shamhlaíocht Winston Smith i leith na mná a bhíonn caidreamh collaí aige léithe ar ball. Ní luaitear gur i gcomhthéacs an fuath ghríosadh san dá nóiméad fuatha a tharlaíonn sin. Agus gur cuid de forlámhas an stáit forlámhas ar chollaíocht, ag baint gach brí as seachas "páistí a chur ar fáil don Stáit" ar "dualgas don bpáirtí" é dar le bean scartha Smith. (Botún seo atá ceartaithe ag teagasc na hEaglaise féin, a aithníonn nach bhfuil sa seachadadh beatha ach gné amháin den gcollaíocht idir lánúin phósta). 

Sé sin le rá, tá collaíocht agus graostacht agus go deimhin mí úsáid neadaithe in insint Orwell. Ach feictear dom go bhfuil sé sách soiléir faoi ionad cuí na collaíochta i gcaidreamh grámhar - caidreamh atá dodhéanta de bharr forlámhas an pháirtí ar gach gné de shaol a mbaill. Sa dóigh is go ndéanann an lánúin brath ar a chéile nuair a bristear iad i seomra 101. 

Tá agus bhí mé féin, mar phápaire a roinneann an tuiscint go fireann agus baineann a cruthaíodh daoine, agus gur laistigh de phósadh buan grámhar oscailte do bheatha nua atá ionad dlisteanach na collaíochta, buartha faoin méid a léann mo leanaí. 

Ach tá an saol mar atá. Is seasamh é seo nach bhfuil i dtreis sa chomhluadar - go deimhin tá sciar suntasach den comhluadar nimhneach i gcoinne na tuiscintí sin. Tá sciar den locht ar an Eaglais féin de bharr an dóigh a leagadh síos rialacha agus a cuireadh i bhfeidhm iad seachas an soiscéal - dea scéal - a scaipeadh. 

Ní féidir le creidmhigh dul i bhfolach ón saol, ná a gcuid leanaí a scoitheadh amach as. Agus ar aon nós tá daltaí ardteistiméireachta ar thairseach an saol fásta. 

Tá sé dlisteanach agus riachtanach go mbeadh fhios ag tuismitheoirí cad iad na tionchar atá a gclann ag teacht fúthu. Agus tá sé dlisteanach agus riachtanach iarracht a dhéanamh na tionchair a mheasann siad a bheith dochrach a mhaolú. 

Ach is an tionchar is lú a bheadh imní orm faoi ná litríocht a phléitear agus a chíortar i rang scoile. (Seachas aon rud eile súnn cíoradh acadúil aon tarraingteacht as litríocht). 

Agus tá amhras orm go n-oibríonn cinsireacht agus ceilt. Tharlódh go mbeadh an t-ábhar faoi thoirmeasc níos tarraingtí, agus nach mbeadh na leanaí sásta é phlé leat. 

Tá beirt mhac fásta agam agus leanbh sna déaga. Níl mé cinnte go ndearna mé mo dhícheall an creideamh a roinnt leo go héifeachtach, má táim ionraic. Creidim áfach go dtuigeann siad mo sheasamh agus go bhfuil tuiscint agus meas againn ar a chéile. Agus go bhfuil cumarsáid eadrainn. 

Tá an treoir bheith "chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm" soiléir ach deacair cuir i bhfeidhm. Ach is Íosa agus a spiorad naomh atá mo dhóchas - agus cumarsáid seachas cinsireacht an modh oibre, dar liom. 

Agus sin mo racht go n-uige seo