Bréag sanasaíocht Dreoilín mar éan na ndraoi a chuir mé i dtreo DIL áit ar aimsigh mé tagairt do thrí pheata ó Beatha Colaim Chille le Maghnus Ó Domhnaill. Tá meathchuimhne agam ar thagairt don scéal a léamh fadó, fadó. D'aimsigh mé leagan anseo:
Do batar trí pheata ag C .c i. cat ⁊ dreolann ⁊ cuil. Aguis do thuiged sé urlapra gach beathadaigh dibh, ⁊ do chuiredh an tighearna techtairecht lev cuige ⁊ do tuigedh seisin gach enní uatha amail do thuicfed ó aingel no o duine do cuirfide a tectairect cuigi. ET tarla doib gur ith an dreollan an chuil ⁊ gor ith an cat an dreollan. Acus do labhair C. c. tre spirad faidhedoracta ⁊ adubairt se gorab amliad sin dogendais daíne deridh aimsiri .i. go n-isadh an duine bud tresi acu an duine bud anfhainde .i. go mbenfad se a spreidh ⁊ a airneis de ⁊ nach denadh se coir nó cert ris. Acus adubairt C. c. an uair do beidis Gaidil Erenn mar sin, go mbeith tren allamharuch orra, ⁊ gebe huair do beith coir ⁊ cert ar congbail acu, go mbeith a tren fein aris acu. Acus do bi do cin ag C. c. ar na beathadacaib becca sin do bi aicce gor íarr sé ar Día a n-aithbeougad dó, .i. aissec na cuile d'fhagail on dreollán ⁊ aisseg an dreollain do faghail on chat. Acus fuair se sin o Día, ⁊ do bhatar mailli ris ó shin amach, amail do batar ó thus nó gor caithetar an saegal nadurdha do bi acu. Con[ad] and sin dorinde an rann-sa
IN gnimh-sin doransatar masached le Dia romcluin;taibhghedh om chat mo dreollán taibged óm dreollán mo chuil.
Bhí trí pheata ag Colmcille, .i. cat ⁊ dreoilín ⁊ cuil. Agus thuig sé urlabhra gach beithíoch díobh ⁊ do chuireadh an Tiarna teachtaireacht leo chuige ⁊ do thuigeadh seisean gach aon ní uatha amhail is a thuigfeadh ó aingeal nó ó dhuine do chuirfí le teachtaireacht chuige. Agus tharla dóibh gur ith an dreoilín an chuil ⁊ gur ith an cat an dreoilín. Agus do labhair Colmcille tré spiorad fáidheadóireachta ⁊ dúirt sé gurb amhlaidh a dhéanfadh daoine deireadh aimsire .i. go n-íosfadh an duine ba threise acu an duine ab anbhainne .i. go mbainfeadh sé a spré agus a airnéis de ⁊ nach ndéanfadh sé ceart ná cóir leis. Agus dúirt Colmcille an uair a mbeadh Gaeil Éireann mar sin go mbeadh tréan ag allúraigh orthu ⁊ cibé uair a bheadh ceart ⁊ cóir a choinneáil orthu go mbeadh a tréan féin acu arís. Agus bhí de chion ag Colmcille ar na beithígh beaga sin a bhí aige gur iarr sé ar Dhia iad a athbheochan dó, i. aiseag na cuile a fháil ón dreoilín, agus aiseag an dreoilín a fháil ón chat. Agus fuair sé sin ó Dhia, ⁊ do bhíodar maille leis ó shin amach amhail a bhíodar ó thús nó gur chaitheadar an saol nádúrtha a bhí acu. Ar a shon sin rinne sé an rann seo:
an ghníomh do rinneadar más áil le Dia mé a chlos
gheobhaidh mé óm chat mo dhreoilín gheobaidh mé óm dreoilín mo chuil
Ní cuimhin liom ar chor ar bith cár léigh mé an scéilín seo fadó, fadó, agus níl mé cinnte fiú gur Colmcille a luadh leis - ach bhí an scéilín maisithe leis an gcabhair a thug na créatúir dó - an cuil ag marcáil a áit sa leabhar dó, an dreoilín ag meascadh an dúch, agus níl baileach cinnte anois cad a rinne an chat!