Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-05-08

Múnlaíonn teanga tuiscint

Dhá alt a tháinig mo threo ar Twitter le déanaí. Bhain ceann acu ón IASS i bPotsdam na Gearmáine le tábhacht na leaganacha a húsáidtear chun cuir síos ar imbhualadh ar na bóithre, agus an teanga a úsáidtear chun athrú córasach a bhaint amach i gcúrsaí iompair.

Déanaimis iarracht an teanga a úsáid. Tá malairt cathracha de dhíth orainn. Éilíonn sin malairt tuisceana. Agus múnlaíonn teanga tuiscint.

 Roinnt moltaí san alt: 

  • faiche stórais cairr seachas áit páirceála. 
  • bóthar oscailte (don iliomad trácht seachas carranna) seachas bóthar dúnta. 
  • Imbhualadh seachas tionóisc

 D'eascair roinnt plé ansin ar Twitter agus luadh réimse eile - gur dóigh eile amharc ar teanga nuair a deirtear "teanga mionlaithe" seachas "teanga mionlaigh" agus "Iar-Ghaeltacht" seachas "Galltacht".

Le intleacht shaorga seachas le daoine a bhaint an dara alt, nó le bheith cruinn an úsáid a bhaineann a leithéid as cnuasach teanga ar an idirlíon agus scéalta á mhúnlú aige do chluiche. Is cosúil de bharr a raibh "foghlamtha" aige ón cnuasach ar líne go raibh claonadh ag an inneall scéalta a chumadh ina raibh foréigean collaíochta ar leanaí go láidir iontu. Agus nuair a cuireadh cosc ar fhocail áirithe níor athraigh na hábhar mórán, d'aimsigh an inneall dóigh leis an ngraostacht a chuir in iúl le sofhriotal.

Bhí siar is aniar san alt faoi ach bhí abairt amháin a sheas amach dom "Lig sé dom taiscéaladh a dhéanamh ar ghnéithe de mo sícé nárbh eol dom  bheith ann".

Tá amhras orm go bhfuil a leithéid de thaiscéaladh bunaithe ar na cúinní is dorcha den idirlíon iomlán folláin. Níl gach rud san fo-chomhfhios gur ceart scóip a thabhairt dó! Tá sé go háirithe baolach dar liom barraíocht scóip a thabhairt d'fhantaisíocht faoi fhoréigean - gan amhras, is mionlach a dhéanfaidh iarracht é sin a thabhairt isteach san fíorshaol - ach is leor an mionlach sin chun eachtraí tubaisteacha a mbíonn tionchar leathan acu a chruthú. Meabhraíonn sé, mar shampla, uafás dúnmharú Ana Kriegel dom.

Tá cumhacht le teanga, ach athraíonn úsáid teanga an brí agus an tionchar. Is fiú a bheith airdeallach faoi - agus faoi cé atá á mhúnlú. Is cuimhin liom LTI - Lingua Tertii Imperii - Teanga an Treas Ríocht le Klemperer a léamh. Nótaí a thosaigh sé ag breacadh síos agus é san leathshaol ag seachaint a ghabháil ag na Naitsithe. Thosaigh sé air nuair a chuala sé freagra bean den lucht oibre ag trácht ar tuige a ghabh an Gestapo í - "Wejen Ausdruecke" - de bharr nathanna.

Tá amhras faoi leaganacha áirithe sa Ghearmáinis fós de bharr an mí-úsáid teanga a rinne na Naitsithe.

An ndóigh chíor Orwell an cheist leis an Newspeak i 1984. B'shin lomadh teanga. Tarlaíonn rudaí ar dhóigheanna níos caolchúisí anois sa dóigh is gur críonna an té a thuigeann go baileach cén brí atá le nathaíocht tráchtála agus údarásach - tá foghlamtha acu gur fearr iliomad focail bláfara d'fhonn an bhrí a cheilt!

Is mithid mar sin bheith airdeallach faoin teanga a mbainimid feidhm as.