Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-05-23

Manglam Mharcuis


Deacair a shamhlú go bhfuil seacht mbliana ann ó d'fhoilsigh Marcus a chéad chnuasach, Ceol Baile. De réir an méid a dúirt sé le Tristan Rosenstock ar na mallaibh sa Chúinne Dána mheas sé go raibh sé ag éirí ró ghafa leis an fhilíocht agus chosc sé ar féin aon ní a bhreacadh síos.

Feictear dom áfach, ainneoin a iarrachtaí í a ghostáil, go raibh an Bhé gníomhach fós ina fo-chomhfhios.

Sampla maith is ea an teideal den dearcadh ar leith, beagán ar fiar, a chleachtann Marcus. Focal meamraiméise ar inneall páirceála a neadaigh ina intinn. Seal ina tugtar deis do dhuine a chairt a bhogadh i ndiaidh don táille a bheith ídithe.

Tá a leithéid déanta aige cheana leis an amhrán Géill Slí, filíocht fáiscthe as fógraíocht.

Tá éagsúlacht mhór san leabhar seo. Amhráin don gcluas. Rannta gairide dlútha. Filíocht coincréiteach ar don súil é, leagtha amach ar dóigh ar leith ar an leathanach.

Cuid de na saothair, cuireadh snas orthu ag ócáidí taibhfhilíochta fearacht Reic nó Ó Bhéal agus bhí siad feicthe agam beo nó ar líne. Cuid eile feicthe agam i gComhar nó irisí eile. 

Saol an lae inniu, ábhair an lae inniu chun tosaigh. Ach saibhreas teanga a léiríonn go bhfuil fréamhacha doimhne leagtha síos aige, slabhra na teangan athghaibhnithe.

Gan drogall air áfach an teanga a scracadh agus a lúbadh. Téacsghaeilge i ngaol gairid, abair. (Níl dán straoiseoigise, táim buíoch de sin, níl an teanga úd agam).

San dán Leah léirítear iarracht labhairt amach i dteanga atá go láidir faoi thionchar an Bhéarla - tá an teanga seo moz - bealach éifeachtach le léiriú go bhfuil tábhacht uaireanta le hábhar seachas foirm. 

San dán Tuaim tógtar cros as focail a léiríonn cnámha an choirp - ach is súile an phobail a chloch bonn. 

Tá an saol ar líne idirlín spléach anseo i ndánta fearacht Ríomhaithne agus Cruinniú Teaghlaigh. 

I léirmheas ar albam Imlé rinneadh tagairt d'fhilíocht punc Mharcuis sna liricí. Níl fhios agam féin cad is punk ann - ach tá fraoch leis an saol, col leis na deamhain i roinnt de na dánta. 

Cnuasach oscailte uileghabhálach ar a fhillfidh mé ar dhánta as anois is arís. 

Rud spéisiúil eile - tá aistriúchán go Gaeilge na hAlban le Dennis King ar dhán amháin, agus go Gaeilge Mhanainn ar dhán eile. 

Gné eile den saol Gaelach cruinne chuimsitheach atá sna dánta. 

Tá dearadh fíor dheas ar an leabhar, pictiúir le Tony O'Malley MÓINMÓR ar an gclúdach agus gnéithe de tríd an leabhar. Clár na ndánta ina scamall thart ar an teideal. Mionrudaí eile maisiúla. 

Saothar dlúth, láidir, fóinteach. 

Spásas 
Marcus Mac Conghail 
Coiscéim