Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-05-03

Seal ag fáisceadh miotail

Chaith mé dhá samhraidh ollscoile ag obair i monarcha Kromschröder in Osnabrück na Gearmáine. Ag déanamh codanna de méadar gáis. An chéad samhraidh ba iníon léinn eile mó pháirtí oibre ar an stáisiún oibre agus bhíomar ar aon bhuille mórán. Ní raibh ceachtar againn ag sárú an Akkord ná baol air - i. Bhí gné den tuarastal ag dul don líon píosa a bhí déanta in aghaidh an lae. Ní cuimhin liom muid fiú a bheith ag trácht air ná ag faire air seachas lá amháin. Bhí snua gréine uirthi go hiondúil, í seang aclaí - ach an lá áirithe seo bhí sí mílítheach agus ghabh sí leithscéal as nach mbeadh aon éachtaí oibre á dhéanamh againn. Bhí mé óg sotalach aineolach go maith, ach ní chomh haineolach sin nár thuig mé éirím an tagairt do "gach mí". Ní cuimhin liom bheith ró shuaite ar aon nós, mar níorbh aon rúpálaí mé féin. Bhí gá na píosaí a chuir isteach go cruinn san inneall. Rud a thóg am ormsa ach go háirithe.

 An dara bliain cuireadh ar an stáisiún céanna arís mé, ach is banoibrí oilte a bhí mar pháirtí agam. Bean ard sheang fhionn. Caiteoir toitíní. Ba bheag a foighne leis an mbogán de mhic léinn a bhí ina chonstaic uirthi an uasmhéid pá a bhaint amach. Thug a dúil san tobac faoiseamh áirithe dom - deis breith suas ar an obair agus í amuigh i gcóir gal. Bhí uimhir ar chúl an innill chun an líon páirteanna a chuntas. Bhí scáthán beag láimhe ann chun amharc ar. Shíl mé go n-íosfadh sí ar fad mé nuair a bhris mé é - ag ligean do titim go ciotach... Ní dócha go raibh sí chomh crua sin in aon chor, ach mífhoighne uirthi, mífhoighne dlisteanach. Tá cuimhne éigin agam uirthi a bheith ag déanamh roinnt de mo chuid oibre nuair a bhí an carn eadrainn ró ard - ar a cumas sise trí nó ceithre oiread a dhéanamh san am a thógfadh sé ormsa. Is dóigh liom gur fill a ghnáthpháirtí oibre ón saoire - níor chaith mé i bhfad ar an stáisiúin sin cibé. Rinne mé cúpla lá oibre ar líne eile ach arís ba bhac mé ar an ghnáthluas oibre. Tá cuimhne orm ar an mbean ghealgháireach chatach fhionn a bhí i mo dhiaidh ar an líne, arís ag teacht trasna chun roinnt de mo chuid oibre a dhéanamh chun maolú luais an líne a chosc.

Chaith mé an chuid eile den samhradh ag líonadh agus ag folmhú cineál de mhiasniteoir ollmhór ina nglantaí dhá leath cás an méadair. Mac léinn eile, níos aosta (mar a bhíonn aos léinn na Gearmáine) mar compánach oibre.

Tá cuimhne agam ar chúpla aghaidh ón tréimhse, cé go bhfuil na hainmneacha imithe as mo chuimhne. Firín beag feosaí a mbíodh boladh láidir biotáille as tráthnóna Aoine agus muid ar an seal tráthnóna ab ea an Meister. Os a chionn bhí bainisteoir, fear ciúin liath nár tháinig as an oifig, a bhí i gcúinne den urlár oibre, ach ar éigin. Feisteoir floscach, croiméal agus gruaig go guaillí aige. Níl mé iomlán cinnte faoin gcéimleathas a bhí i réim, ach bhí údarás aige. Inimircigh ón Iúgslaiv. Fear mór tanaí agus a chomrádaí firín beag íseal le caipín urnaí seasta air. Chuir ceist orm an tír Moslamach í Éire. Coirdíneach catach - teifeach aitheanta a bhí ina mhac léinn - ónar fhoghlaim mé gur mó leigheas ar an dtart atá le fáil as tae te a ól ná deoch súilíneach fuaraithe.

Dá mbeadh níos mó eolais agam féin gach seans go mbeadh níos mó foghlamtha agam ón gcomhluadar ilghnéitheach úd!

Rud amháin a chuir iontas orm an uair siúd, agus a dhéanann fós ná an flosc dochreidte oibre a léirigh siad agus am á thomhas chun an Akkord - an candam a bhí le baint amach - a shocrú. Shílfeá gur míbhuntáiste a leithéid. Níl fhios agam an mórtas oibre a bhí i gceist, nó an raibh buntáiste eile i gceist. Nó an raibh iomaíocht i gceist le meitheal an seail eile.

Ba luachmhar an taithí a bhí ann, cé nach ndearna mé aon saibhreas airgid!