Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-05-29

Reic ag Féile Litríochta Idirnáisiúnta Átha Cliath

Táimid éirithe cleachtaithe anois ar léamha filíochta ar líne, cé go bhfuil go leor in easnamh - go háirithe an comhluadar.
Bhí ócáid ag REIC mar chuid de Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath inné - ag am sách ait, ní mór dom a rá - 18:00.

Rinne Ciara Ní É na taibheoirí a chuir i láthair, ag reic cuid dá dánta féin sna headarlúid. Bhí na taispeántais réamhthaifeadta ach snasta go maith mar sin féin.

Roxanna Nic Liam, Tadhg Ó Grifín, Celia de Fréine ⁊ Sorcha Fox a bhí i gceist.

Thug Roxanna léargas ar an Ghaeilge uirbeach athfoghlamtha - blas na cathrach ach foclóir dúchasach fuinte. Macarónach, meabhrach, meanmnach. Tá súil agam go nglacann sí an deis leathnú amach ina bhfilíocht Ghaeilge /macarónach chun téamaí seachas an teanga agus a gaol léi a chíoradh! Tá fuinneamh agus tinfeadh aici.

Tá guth shaibhir ag Tadhg Ó Grifín agus cumas iontach ceoil binn a mhealladh as an méarchlár leictreonach. Admhaím go raibh mé ag éisteacht níos mó leis an fhuaim ná na focail agus mar sin ní thig liom breith a thabhairt orthu!

Dánta paindéime a bhí ag Celia de Fréine dúinn, agus samhail iontach aici don aois agus óige i ndán faoi dul amach arís tar éis clutharú - gach ré dá saol luaite le coisbheart cuí. A leaganacha san dá theanga a léigh sí, taifead ar an ré dearóil seo ina bhfuil cúiseanna dóchas fós ann.

Sorcha Fox a chuir críoch leis an ócáid. Trí dhán a bhí aici, ach an ceann a bhfuil seilbh glactha aige ar mo shamhlaíocht ná a hathinsint bhríomhar láidir ar scéal Medusa, díbeartha ag Athena tar éis dó Poseidon í a éigniú - íospartach eile ag iompar ualach ainghníomhartha lucht cumhachta, damnaithe ag an bpobal, a clú agus a cuma curtha as a riocht ag béadán agus bladar.

Ócáid taitneamhach spreagúil go leor ach is fada liom bheith in aon seomra le lucht éigse, i gcomhluadar éisteoirí eile, ag cuir agus ag cúiteamh. Ní hionann in aon chor an taithí suite ar tolg sa bhaile agus scáileán idir tú agus an file, agus gan nasc in aon chor le daoine eile.