Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-05-14

Mise agus Filíocht

Níl sé chomh fada sin ó shin gur scríobh mé anseo gur beag filíocht a léim. Tá rudaí athraithe ó shin. Bhí mé ag smaoineamh cén fáth. Is dóigh liom go mbaineann sé le mé a bheith tar éis i bhfad níos mó filíochta a chlos - ó bheith ag freastal ar ócáidí liteartha, IMRAM go háirithe agus gan amhras REIC. Ealaíon don gcluas is ea filíocht, diomaite den beagán filíocht coincréiteach.

Agus cé nach reacaire nó taibheoir gach file, go hiondúil bíonn beocht ar leith san dán a léann file os ard.

Tá réimse mór filí cloiste agam le blianta beaga anuas - agus anois agus mé ag léamh a gcuid filíochta, go hiondúil cloisim glór an file le mo chluas inmheánach.

Tá físdánta ina cuid tábhachtach san athrú toighis seo.

Fós féin, is prós mo rogha scíthleithoreachta - ach is iomaí imleabhar caol filíochta atá faighte ón leabharlann agam nó ceannaithe fiú. Bíonn CDanna den file ag reacaireacht le cuid acu - is móide mo shásamh sin.