2023-12-07
Teifeach eacnamaíochta? Tic!
2023-05-19
Reic agus roll...
2022-10-11
Súil amháin
2022-05-15
Reic sa Beckett Locke
2022-02-27
Focalfhéile Feirsteach
2021-11-19
Draíocht na reacaireachta
![]() |
| Eoin McEvoy, dalta an draoi! |
![]() |
| Súil amháin... |
2021-05-29
Reic ag Féile Litríochta Idirnáisiúnta Átha Cliath
2021-05-14
Mise agus Filíocht
2020-11-14
Físdánta
2020-04-14
Mná Dána
Bhí mé ann, duine den beagán fear a bhí i láthair, ag ócáid a bhí ag ceiliúradh na mBan. Sin ráite, thug Llio Maddocks, an chéad file Breatnach a reic, suntas dó gur ag scríobh faoi thionchar na bhfear a bhí sí ainneoin go raibh fúithi dánta feimineach a scríobh. Ceal Breatnaise, is taobh le ceol a gutha a bhí mé seachas do mír amháin den chiogal "Nithe a deir Stócaigh Liom" ar chuir a comhghleacaí Taylor Edmonds Béarla air – sin agus an achoimre gairid a thug sí féin ar ábhar a dánta. Ba tréan a ceol áfach.
Thug Dairena Ní Chinnéide a rogha dánta féin dúinn san dá chanúint a bhfuil smacht ag a teanga gabhlach orthu! Searc mná, idir máthair, leannán agus bé: mealltach nó maíteach. Cíoradh ar an dúchas – ag iarraidh doimhneacht fréamhacha an fhocail a cheapadh i mBéarla. Líonadh an phuball de chumhacht a héigse.
Ceol dáiríre a bhí ag Siân Miriam – le agus gan tionlacan lirchruit. (Lyre harp – theip orm aistriú a aimsiú). Amhrán ceana dá máthair. Dúlra Ynys Môn. Screamh agus doimhneacht a sráidbhaile dúchais. Ní raibh mé ar adhastar ag brí na bhfocail – ach bhlais mé go doimhin den gceol.
Is léir go bhfuil Sionainn Ní Ghreácháin tar éis a cuid féin a dhéanamh den nGaeilge atá foghlamtha aici ón meánscoil agus Ollscoil. Agus tá guth agus teacht i láthair aici a lig di an phuball a chrith le ceol a héigse, searc, féiniúlacht, neart, neamhspleáchas.
As Caerdydd do Taylor Edmonds ach tá rútaí aici san Bhreatain agus sa Chairb. As Béarla a reic sí, dánta aduaine faoi máthair i ngleic le tréigean, bandia na Sabhrainne ag cosaint na mban agus ag baint díoltas as easurraim agus foréigean; nó caidreamh bia le seanathair ón Chairb ar fhág an saol a sháith coilm air agus rúin gan insint. Dhíol Llio Maddocks an cóir léi tríd Breatnais a chuir ar an dán sin, Patois.
Bunaitheoir Reic, Ciara Ní É – an Phenomenal Women í féin - a chuir clabhsúr leis an ócáid. Bhí a mháthair i láthair, agus chomh maith leis an dán idirtheangach a scríobh sí do Cumann Peil na mBan reic sí péire dán seirce dá máthair, ceann i ngach teanga. Bhí an aer trom le mothúcháin, agus bhain fírinne na dánta deora asam – an ghrá laistiar den streachailt idir máthair agus iníon; an muinín a fhágann amhlaidh é.
Ba chineál faoiseamh é go bhfuil an dán a spreag ridire anaithnid méarchlár – Ramhar, Gránna, Iomarca smidiú, béalscaoilte agus lán di féin, chomh greannmhar céanna as Béarla agus atá as Gaeilge agus gur chuir sí an chruinneog ag canadh an curfá léi!
Ard oíche éigse agus léiriú ar bhláthú ginias na mbain ar dhá thaobh Muir Meann, sna teangacha ársa a fáisceadh as an ithir agus san teanga eile úd a ligeann dúinn caint le chéile agus léargas éigin a thabhairt ar anamacha a chéile.
Go gcoinní an Bé na mná éigse seo ághmhar, dána, cuí-smidithe, béalscaoilte ag dáileadh orainn féin!
2019-10-07
Stiofán Ó Briain
Tá Stiofán Ó Briain ag glacadh páirte i Reic ó thús ach níl mórán ráite agam faoin méid a reiceann sé, mar go mothaím gur seánra eile seachas an taibhfhilíocht is láidre ag reic atá á chleachtadh aige.
Chuala mé, agus é ag caint le mná Beo ar Éigean ó chlub an chonartha, gur Gaeilgeoir de thaisme é. Nár éirigh leis na pointí a fháil do leigheas agus gur chuaigh sé le Gaeilge in ionad.
Feictear dom ní hamháin gur thum sé é féin inti ach go bhfuil idir teanga agus seanchas ina dhlúth agus inneach anois ann.
Focalbhách mo dhála féin é Stiofán agus baineann sé feidhm as foclóir shaibhir ina chuid scríbhneoireachta (rud atá ina chonstaic uaireanta do lucht éisteachta reic, mothaím).
Reic sé dán ag baint casadh as Oidhe Chloinne Tuireann - ag athshamhlú eachtra Bhriain ag goid ó Oileán faoi thoinn na mBan.
Ach is é an mórshaothair atá ar na bacáin faoi láthair aige ná ag scríobh seanchas samhlaithe áit samhlaithe ar a dtugann sé Tulach an dá Thadhg. Ní cuimhin liom anois cén clár ar chuala mé é ag leagan amach an scéal. Áit samhlaithe ina bhfuil gá thraidisiún i ngleic ann, Tadhg Easpaig Naofa agus Tadhg págánach File.
Ag an reic is déanaí d'aithris sé ceann dá scéalta - fear daonna tite i ngrá le bean den slua sí, atá faoi gheasa. Mar a sháraíonn sé na geasa le cabhair spideoige.
Na comharthaí sóirt scéalaíochta go paiteanta ann - ruthaig, carn aidiachtaí, athrá, meafair.
An t-amhras a bheadh orm go bhfuil an saibhreas Ghaeilge agus na móitífeanna ina chonstaic don gnáthphobal Gaeilge uirbeach a bhíonn ag reic. Ach b'fhéidir gurb é sin an chúis gur fiú tabhairt faoi? N'fheadar....
2019-09-30
Reic
Bhí mé i bpluais na cúise i bhfad ró luath Dé hAoine do Reic. Nós neamhghaelach amach is amach ach sé an chaoi go raibh mé ag teacht ón obair.
Diaidh ar ndiaidh líon an t-íoslach agus chuir Ciara tús le himeachtaí. Mar is iondúil bhí meascán ábhair agus caighdeáin ann, agus níl fúm léirmheas a thabhairt ar ghach thaibhe.
Bhí roinnt a chuaigh i bhfeidhm orm seachas a chéile.
Triúr ban go háirithe. Tá Ciara síoraí ag cuir lena répertoire spreagúil. Leagan nua aici dúinn de "Roghnaigh Saol", ceol cúlra agus tinfeadh ó Trainspotting. Sciolladh géar greannmhar ar fimíneacht i leith na mBan. Fimíneacht ó fhir, agus ó mhná...
Fear baoth ar líne a spreag an píosa fíorghreannmhar "Ramhar, gránna, iomarca smidiú, lán di féin". Bhí an curfá á chanadh léi sara bhfad ag a raibh ann.
Jill mac Mahon ag léiriú cás na mban atá cúngaithe ag éilimh an sochaí a bhíonn go hiondúil ag teacht salach ar a chéile - a fhágann bean ina riarthóir ar a colainn seachas ina príomhfheidhmeannach.
Elizabeth McGeown a tháinig aduaidh ó Bhéal Feirste agus a thug crobhaing dúinn - dánta ar dán na mban i saol an cheoil i measc cumann cuiditheach na bhfear a sainíonn tallann na mban. Dán ar uafás Thuama. Dán fhada faoi uaigneas agus fearg an té a déantar tromaíocht orthu ar scoil agus tearmann na samhlaíochta. (Mar duine a tháinig tríd tromaíocht mé féin, ainneoin é bheith i bhfad níos séimhe, chuaigh seo i bhfeidhm orm go háirithe).
Triúr fear.
Barry (Currivan ?). Canúint Béarla Duibhlinne. A dúirt faoi féin gur cúigiú colúnaí na Gaeilge é, ag briseadh an Bhéarla. Dán iontach aige faoi Supervalue Sanjay agus na hinimircigh eile atá níos Éireannaí ná na hÉireannaigh ina gcaint. Ina measc an créatúr ar mian leis bheith ina gheabaire ach atá Irish-Afro seachas Afro-irish... Reic sé dán as Gaeilge freisin - léiriú glé ar streachailt éigse Éireannach le teanga. A ghléas oibre.
Iarraidh ar Aindriú Mac an Rí an léann clasaiceach a mhúineadh do dhaltaí. Ó tharla gan é bheith eolach faoi b'éigean dó é féin a thumadh i miotais na Gréige is na Róimhe. B'fhiú é.
As scéal Echo, Narcissus agus Pan d'fháisc sé dán iontach comhaimseartha ach fréamhaithe sa mhiotas. Beanorgain. Tuismitheoirí faoi dobróin. Amharc deireadh TCI. Nach truamhéalach go bhfuil scéalta mar seo á insint leis na mílte bliain?
Colm Mac Gearailt a chuir clabhsúir leis an oíche. Reic sé an dán Deor-aíocht a bhuaigh Slam Liú Lúnasa dó. Dán faoi tréigean - leannáin nó tíre, nó an dá rud. Agus dán a thobchum sé ar an mbóthar ó thuaidh faoin críochdheighilt agus bagairt na Breatimeachta. Dán ag pléascadh le fearg cóir.
Taibhfhile ar leith Colm. Ní le focail agus guth amháin a reiceann sé. Bíonn gach orlach dá cholainn san reacaireacht - a aghaidh go háirithe. Riastradh.
Is iontach an ócáid Reic. Mar ionad thaithin broinn na filíochta i mbrú an generator níos fearr liom - ach tá a bhuanna féin ag Club an Chonartha.
Táim fíor bhuíoch gur thionscan Ciara an togra seo. Bail ón mBé ar reic agus ar thograí eile Chiara. Is saibhride mo shaol an éigse.
2017-05-11
Ciara Ní É
Tá Ciara Ní É ag dul go Philadelphia. Bhí, dá bhrí sin, an Reic deireadh go ceann tamaill san Generator anocht.
Táim ag freastal go rialta ar reic ó bhunaigh Ciara dhá bhliain ó shin é, le oíche spleodrach in Áras na Scríbhneoirí.
Tugann an ócáid ardán d'fhilíocht taibhe, agus is iomaí taibhe fuinniúil atá feicthe ag an lucht féachana ann.
Mar sin féin, is í Ciara í féin ceann de na guthanna is suntasaí atá tagtha chun cinn ann.
Reiceann sí filíocht fuinniúil lena colainn iomlán. Is minic an lucht éisteachta ag gáirí ach tá an dáiríreacht laistiar den ngreann. Réabann sé an saol seascair le dánta láidre faoi thaithí mná óige. Reic sí dán cumhachtach anocht faoina cíocha agus an íde a thugtar orthu agus uirthi.
Lasc na feirge clúdaithe go glic ag greann.
Admhaím go bhfuil col agam le roinnt de na tuairimí a chíorann sí ina cuid filíochta.
Ach bíonn lón machnaimh i gcónaí iontu.
Beidh bearna i saol mo shamhlaíochta d'uireasa Reic. Guím gach rath ar Chiara i bhPhiladelphia.
Agus beidh mé ag tnúth leis an DVD. Ní thabharfadh leabhar a cheart dá filíocht taibh(s)iúil
2017-04-16
Reic @ 2
Tá an dá bhliain slánaithe ag Reic, an ócáid reicthe filíochta a bhunaigh Ciara Ní É. Bhí amharclann bheag an Generator Hostel i Margadh na Feirme, BÁC plódaithe do oíche ceolmhar fileata greannmhar oíche Déardaoin, an 2a Márta. Bhí foireann ó RTÉ ann ar feadh seal agus bhí blaiseadh beag le fáil ar na himeachtaí mar chuid de chraoladh Seachtain na Gaeilge RTÉ.
Chuir baill den mbanna IMLÉ agus comrádaí leo ón ngrúpa Wild Promises tús le himeachtaí le amhrán ó stór gach banna acu.
Bhí filíocht againn - idir Gaeilge agus Béarla ach an Ghaeilge in uachtar ó Stiofán Ó Briain, Aoife Mairéad ┐Colm, fear as Corca Dhuibhne. Filíocht streachailte agus teacht in inmhe.
Tá filíocht Ciara Ní É féin ag forbairt agus ag daingniú - reic sí athleagan (sách dhorcha dar liom) ar Subh mhilis Uí Néill - ag canadh an fhaoiseamh atá smál an fhuil mhíosta don mbean a bhfuil col aici le toircheas. Reic sí freisin, le tionlacan fuaimrian, píosa fada fuinniúil feargach faoi riocht éagothrom na mban, an scóip a thugtar don sciar is measa d'fhir agus an ghnáth cos ar bolg a imrítear - fiú ag mná - ar mhná nach ngéilleann don cuibhiúlacht. Píosa cumhachtach curtha i láthair go láidir.
Thug an fuirseoir Aideen McQueen taibhe grinn ar a bonnaibh a d'fhág an lucht féachana sna trithí go minic, croite ag rachtanna croíúla gáire agus í ag spochadh as saol ár linne, gach aon casadh glic aici ar na coinbhinsiún.
Chan Lauren Ní Chasaide, le tionlacan fidile ó Kathy, cúpla rian dá cuid as Gaeilge agus Béarla.
B'í an cruitire Polannach Justyna Kosmulska a chuir clabhsúr leis an gcuid foirmeálta. Thosaigh sí amach lena leagan de Gabhaim Molta Bhríde (nasc); chuir sí an slua ag canadh léi san amhrán macarónach Siúl a rún. Chan sí duan Polannach ó na meánaoiseanna, píosa nua chumtha gan focail aici féin, agus amhrán béarla rac.
Ar bhealach, thug sí achoimre paiteanta ar REIC - fuinniúil, oscailte do gach teanga is réimse, ceiliúradh éigse agus saoil.
Gura fada buan REIC, agus a chruthaitheoir Ciara Ní É.
2017-02-06
Iris IMRAM
Sheol Ciara Ní É mór eagrán 3/4 d'iris IMRAM ag REIC san Generator Déardaoin beag seo. Tá sé ar fáil ar 6€. (5€ a bhí air ar an oíche)
Forbairt ar an bhFéile agus na hócáidí eile a eagraíonn IMRAM atá san iris. Foirm buan á thabhairt do bhlaiseadh de léamha agus cainteanna a tugadh le linn na bliana.
Bhí mé thar a bheith sásta aiste Tracey Ní Mhaonaigh ┐Thadhg Ó Dúshláine a fheiceáil ann. Scaipeadh go leor eolais faoin Doibhlinneach ag an oíche ómóis dó; tá sciar áirithe de sin caomhnaithe san aiste seo. Léargas ar a shaothar leathan ilteangach, agus go leor dá chuid focail féin ann.
Tá léirmheasa téagartha ann, filíocht le Doireann Ní Ghríofa. Sliocht as úrscéal le Lorcán S. Ó Treasaigh, a léigh sé ag ócáid eile.
Dhá gearrscéal.
Ceann láidir le casadh san eireaball ag Aodh Ó Domhnaill.
Agus scéal álainn fada lán sonraí faoi saol Scréachóg Reilige ag Eithne Ní Ghallchobhair.
Blaiseadh de héagsúlacht litríocht comhaimseartha na Gaeilge agus d'fhéile IMRAM. An rud ar fad in iris ar pháipéir maith le dearadh cuanna agus cló snasta.
2016-12-04
Mian na súl
Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.
Spreagtha ag dán de chuid Ciara Ní Éanacháin, dán a léiríonn go paiteanta mothúcháin mná óg a bhfuil a colainn ag péacadh agus a fhulaingíonn catsúil drúisiúla na bhfear.
2016-10-18
Beatha Dhónaill Dhuibh
Tá Séamus Barra feicthe agus cloiste agam, ag Reic agus ar físeáin. Meas file taibhe a bhí agam air, reacaire rapúil rithimiúil. Nuair a chuala go raibh cnuasach i gcló aige, bhí amhras áirithe orm conas mar a sheasadh a ealaíon ar an leathanach lom, gan tionlacan a ghutha ná buillí ceoil.
Tháinig Cló Iar Chonnacht roimh m'amhras áfach agus bhronn cóip léirmheasa orm.
Baineann b'fhéidir dhá dtrian den leabhar le scéalta Dhónaill Dhuibh. Is deacair lámh a leagan ar Dhónaill - cé hé? Scaití is taobh dhorcha, alter ego an file é. Scaití eile fear gaoil scothaosta a chuaigh i bhfeidhm air, nó duine dá sinsir ón mbéaloideas teaghlaigh. Nó an galar dubhach. Nó a bhé. Nó...
'Ó ní
nach ionadh
a bhuachaill
tá a Dónall féin
ag gach aon chlann... '
(Cistin i mBaile an Sceilg)
Tá m'fhichidí drabhlásacha i bhfad siar is níor caith mé riamh rud níba crua ná fuisce. Agus buíochas le Dia níos bhlaiseas riamh níos mó ná lán béil dubhróin - chuaigh cailís nimhe an lionn dubh tharam gan blaiseadh. Ní mhaífinn go bhfuilim saor ón drúis ach tá imdhíonadh sa chiontacht Caitliceach ar go leor dá iarmhairtí!
Tá fiántas drabhlásach na hóige uirbeach sna dánta seo, ardán agus ísleáin saol fuinniúil. Agóid síoraí an óige i gcoinne an status quo. Juvenalia sciar dá bhfuil ann gan amhras, ach tiocfaidh an móramh slán agus beidh le léamh amach anseo i Rogha Dánta Shéamuis Barra.
Dánta uirbeacha, nó an dánta ógánaigh atá ag fánaíocht idir cathair, tuath agus bruachbhailte atá anseo. Bheith istigh ag an lucht siúil iontu freisin. Foiréigneach, macnasach, drabhlásach, fonóideach, feargach.
Ach ní liathuisce uirbeach atá san teanga ann ach caint bheo Uíbh Ráitheach. Caint atá saibhrithe ag sár eolas ar litríocht na Gaeilge. D'aithin mé féin macallaí as saothair eile thall is abhus - táim measartha cinnte go bhfuil breis ann a aimseoidh na léitheoirí oilte géarshúileacha.
Tá dhá rannóg eile sa leabhar -
Loitríocht - dánta fada ar aon dul cuid mór le scéalta Dhónaill Dhuibh, agus a ndúchas stáitse le aithint i gcló agus caint cuid acu. Agus Gunsaku Tuathail, dánta trí líne áiseacha. (Níor áirigh mé na siollaí, ach ní dóigh liom gur haiku atá i gceist). Téamaí gaolmhara á gcíoradh iontu.
Clocha is ea na dánta so
á gcur i lámhaibh
léitheora
is fútsa
a dhéanamh amach
cá luífidh amas
a dteilgthe
(Clocha)
Tá an léitheoir seo sásta go maith go dtáinig Cló Iar Chonnacht aniar aduaidh air. Ach sílim gur dá chomhaoisigh féin is fearr a feileann na dánta seo, go dtugann sé guth dóibh. Lucht Reic? Bímid ag caint ar Fhilí INNTI. Measaim go mbeidh caint amach anseo ar filí Reic. Agus beidh Séamus Barra ag a gceann.

