Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-11-19

Draíocht na reacaireachta

Eoin McEvoy, dalta an draoi!
 Ó thús na paindéime is ar éigin gur fhreastal mé ar ócáid litríochta ar bith, seachas ar líne, agus deanta na fírinne táim cineál bailithe de faire ar fís gan nasc leis an lucht éisteachta eile. Ní bhíonn an fuinneamh céanna ann. Agus ní bhíonn an fhuaim - ceol an ghutha daonna - mar an gcéanna ó challairí ríomhaire nó teilefíse - níl an tumadh ann.

Ach is duine faiteach seachtanach mé, agus tá drogall orm bogadh amach i measc na ndaoine agus a gcuid frídíní! Go háirithe agus mé spléach ar iompar phoiblí chun mé a thabhairt go lár na cathrach.

Bhí súil agam síniú Dairena Ní Chinnéide a fháil ar Tairseach; mar sin bhí mé spreagtha chun freastal ar REIC le linn IMRAM. Ach ansin fógraíodh nach mbeadh ar a cumas bheith ann...

Bhí mé idir dhá chomhairle. Murach gur luaigh Eoin McEvoy ar Twitter - a raibh fhios agam é bheith ag obair ar thraschruthú ar dhán de chuid Goethe - go mbeadh aisteoireacht i gceist lena thaibhe seisean, gach seans go mbeinn fanta sa bhaile. Táim buíoch dó!


Súil amháin... 
Bhí mé i measc an slua i McGrattans i lár Bhaile Átha Cliath aréir chun torthaí na héigse a chlos. Táim i mo mhóidín de chuid REIC ón tús, agus is beag ócáid eagraithe ag Ciara Ní É faoin ainm sin agus a bhí i mBaile Átha Cliath nár éirigh liom freastal air, agus a bhfuair mé fuinneamh as.

Ócáid ilteangach, iltaibheach a bhíonn ann - agus is minic go reiceann Ciara dánta dá cuid féin chun creatlach a thabhairt don oíche - mar a rinne aréir freisin. Tá roinnt mhaith de na dánta cloiste agus feicthe i bhfoirm físéan cheana agam - tá cnuasach iontach ar a cainéal youtube agus in áiteanna eile. Ach bhí dán nua aici, cuid de thogra ó Fhine Gall Burning Tide, ag plé le heachtra inár dódh tithe Garda Cósta le linn cogadh na saoirse. Dán spéisiúil ó dhearcadh bean de chuid na háite, pósta ar fear den nGarda Cósta, arbh éigin di é leanacht go Sasana. (Macallaí de dhán Doireann Ní Ghríofa  domsa)

B'é Eoin féin an chéad aoi a reic. An chéad píosa a bhí aige, agus é féisithe i róbaí dorcha, ná a leagan trascruthaithe de Der Zauberlehrling le Goethe - dalta an draoi, a shíleann an scuab a chuir ag obair dó ach nach bhfuil an briocht aige stop a chuir leis! Thug Eoin leis ceol an dáin go paiteanta, agus táim ag súil go mór le físdán amach anseo! Bhí dornán dánta dá chuid féin aige - agus chan sé ceann acu, faoi bhás náireach Savita Halappanavar. (Ní aontaím le hEoin faoin tátal nó an réiteach ar an gcás seo, ach is cinnte gur gá dúinn bheith airdeallach fós ar míthapa leigheas dá léithéid agus na cúiseanna leo). Tá guth binn ag Eoin a d'oir don sollúnacht cuí. Taispeántas láidir, agus é ag dul i dtaithí ar an ardán - agus bíonn saoirse agus fuinneamh sa bhreis aige ina fhíseáin! 

B'i an aisteoir agus file Eva O'Connor a lean Eoin ar an ardán - duine atá feicthe agam cheana ag REIC agus go bhfuil teacht i láthair iontach láidir aici. Dán fada aici faoi chaidreamh grá idir imircigh, nach raibh buaine i ndán dó mar go raibh seisean i ngreim ag thúthan an dúchais, agus ise i ngreim ag an gá éalú ó chúinge agus ceangail an bhaile. Léargas iontach ar na cinéalacha éagsúla imirce a bhíonn ag Éireannaigh i Sasana; cuid acu a móthaíonn fairsinge agus saoirse cuid eile nach bhfeiceann ach an chúing eacnamaíochta agus ar fada leo filleadh abhaile. Bhí go leor ar fhéad mé ionnanú leis mar imirceoir fillte mé féin (ach nach raibh mise san Anglasféar!). Go leor gean agus greann san insint. Fuinneamh den scoth sa chuir i láthair (agus fuair sí away le magadh ceanúil ar Chiarraígh ainneoin ar a laghad beirt acu sa lucht féachana...)

Tar éis briseadh gairid agus dán eile ó Ciara tháinig Marcus Mac Conghail agus a mhac ar an ardán. Mar chúiteamh, chuir sé tús lena mhír trí dán de chuid Dairena Ní Chinnéide a léamh, ón leabhar Bleachtaire na Seirce - dán faoi scairbhín na gcuach. 

Ansin, le tionlacan dord ó Naoise agus cleasa ríomhaireachta chan agus reic sé rogha dánta ón leabhar is déanaí aige - Spásas - nó le bheith cruinn taibhithe fáiscthe as na dánta ann. Tháinig tocht ar féin agus é ag cuir an dán Tuaim inár láthair - dán concréiteach i bhfoirm croise sa leabhar, gan ann ach ainmneacha cnámha ... síos go dtí an nath cumhachtach deiridh súile an phobail. 

Is deacair cuir síos cruinn a thabhairt ar chumhacht ghutha Mharcuis agus é ag reic a dhánta, cantaireacht domhain idir caint agus amhráin, ag macallú fiú nuair nach bhfuil an macalla treisithe ag cleasa leictreonacha - cleasa agus ceol dord a fheileann go breá do na físeanna focail a chuir se inár láthair. 

De bhrí go raibh an ceol i dtreis san dara leath, thug Ciara dúinn a dán leis an tionlacan ceoil a chuir Captain A leis - A Love Poem By The Leaving 

Seal Súil Amháin a bhí ann ansin, togra Séamus Barra agus Rob Mulhern. Léigh Séamus Barra Sráid Éigse,  agus ansin thosaigh an ceoil - ach faraor b'éigean domsa sleamhnú liom ar thóir bus agus Incantation of Féile​-​Flow Funk  faoi lán seoil.

Bhí ard oíche agam, ba dheas deis a bheith agam ní hamháin éisteacht agus blaiseadh den fhilíocht, ach é dhéanamh i gcomhluadar, agus corr dreas cainte a dhéanamh freisin. Tá fuinneamh ar leith le fáil as an éigse a bhlaistear i gcomhluadar. Gura fada buan iad REIC, IMRAM agus na filí!