Na liaga i Falera, le Parpan05
Sa leabhar Crothla agus Cnámha tá radharc amháin agus an reacaire agus a oide ar bharr sléibhe ag amharc ar liaga a chuir daoine i bhfad roimhe ag seasamh. De réir a chéile, tuigeann an reacaire go bhfuil ailíniú i gceist leis na liaga agus reanna neimhe ag am ar leith den mbliain. Ach gabhann sé thar a thuiscint conas a raibh sé ar chumas na sinsir na clocha a chuir san áit cheart.
Ceann de théamaí an leabhair ná an meath a thagann ar bhéaloideas. Cuimhnítear ar na scéalta; ach cailltear cuid den eolas atá ar iompar acu. Baintear feidhm sa leabhar freisin as cuid de bhéaloideas bundúchasaigh na hAstráile, sa mhéid is gur amhrán a rá an treoir atá ag Cormac agus a reacaire ar an aistear go dtí na mná feasa i bhfad ó thuaidh.
Agus mé ag smaoineamh ar seo, rith Nation Terry Pratchett liom, ceann de na húrscéalta leis nach bhfuil lonnaithe ar an Téacsdomhain. Scéal atá lonnaithe i leagan ailtéarnach den domhan seo, san 19ú aois. Baineann an scéal le hoileáin bheaga a scriostar le linn súnámaí agus ina fágtar aosánach ag iarraidh fuíoll an áir a thabhairt le chéile. Nochtar de réir a chéile go bhfuil scéalta na treibhe bainteach le reanna neimhe, agus go raibh eolas agus eolaíocht ag baint leis an bpobal le sinsearthacht. Ach go bhfuil an eolas caillte, agus gan fágtha ach scéalta agus piseogacha - de bharr tubaistí idir nádúrtha agus cogaidh.
Ar ndóigh tá na laethanta seachtaine atá againn féin bainteach cuid mhór le reanna neimhe, nós a théann siar chomh fada leis an Suiméir. Dream a d'fhág go mbíonn seasca nóiméad san uair againn, mar go raibh córás áireamh acu bunaithe ar seasca (ní fios baileach cén fáth) agus dódhéag - toisc gur féidir 12 a áireamh tríd na hailt ar na méaracha a áireamh leis an ordóg, creidtear.
Tá cuimhne an phobail atá ag braith ar bhéaloideas leochaileach. Cabhraíonn scéalta agus amhráin eolas a chaomhnú - tá baol ann áfach go mairfeadh an scéal ach go gcaillfí an ceacht - go háirithe nuair a bhuaileann tubaiste nádúrtha nó daonna an phobail.
Fágtar daoine taobh le pisreoga agus amhras.
Cá bhfios cén eolas atá caillte dá bharr? Go háirithe abair san Afraic agus i Meiriceá, áit ar scriosadh cathracha agus ríochtaí a bhí forbartha go maith, agus fealsúnacht ar leith acu, sular tháinig fir na hEorpa lena ngunnaí, fuisce agus bíoblaí. Fiú má bhí taifeadtaí scríofa is minic a cailleadh an eochair - agus an eolas dá réir. Sin murar scriosadh an saoícht d'aon uaim.
Das war ein Vorspiel nur, dort wo man BücherVerbrennt, verbrennt man auch am Ende Menschen.Heinrich HeineAlmansorNí raibh ansin ach réamhrá, san áit a dóitear leabhairDóitear daoine faoi dheireadh.
Measaim go bhfuil go leor eolais ceilte i ndinnseanchas, i bpisreoga agus i scéalta - ach é ó aithint. Tá súil agam go mbeimid in ann cuid de a athshealbhú.