Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-11-25

Fabhtanna, ach an sna bogearraí atá siad dáiríre?

 

U Bahn den sraith H, Sráid Oslo, Beirlín
le Uyzel , CC BY-SA 3.0

Bhí mé ag caitheamh súil ar na láithreoireachtaí ó comhdháil ar bhogearraí spáis le déanaí. Ina measc bhí cur i láthair óna chuimhní cinn ag duine a bhí bainteach agus é in fhorbróir óg leis na misean Apollo - Don Eyles. Bhí mé ar an eolas roimhe faoin fhadhb "bogearraí" - ró ualach ar an ríomhaire - le linn tuirlingt Apollo 11. Rud a léirigh ní hé lochtanna ar na bogearraí ach láidreacht - go raibh an córas in ann plé le rudaí nach raibh ceaptha tarlú ach a tharla de bharr crua earra a bheith ag feidhmiú ar dhóigh nach raibh tuartha. Is é sin le rá, rinne na hinnealtóirí bogearraí éacht seachas gur theip orthu. Agus bhí daoine san fhoireann a bhí in ann aithint an raibh baol nó nach raibh leis an bhfógra rabhadh. Mar a tharlaíonn go minic, bhí an fabht san crua earra aitheanta, ach níor cuireadh an eolas ar aghaidh i gceart.

Tharla eachtra i bhfad níos drámatúla le linn Apollo 14, nuair a bhí fabht leis an cnaipe tobscortha ar aonad cumarsáide na spásairí leis an ríomhaire. Bhí ar Eyles agus an fhoireann sraith treoracha a oibriú amach agus a sheoladh chun na spásairí a chuir ar a gcumas éifeacht an chnaipe a chuir ó mhaith. Rinneadh sin faoi bhrú ama. Ach bhí an féideathacht ann toisc go raibh na modhanna sa bhogearra chun a leithéid a dhéanamh - éacht arís.

Déantar talamh slán de go minic gur fabht sna bogearraí fabht a réitítear tríd an bogearra a athrú - ach go hiondúil ní hea, ach go dtugann solúbthacht na bogearraí deis teacht timpeall ar theip sa chóras, nó míchruinneas sna riachtanais. 

Tá neart samplaí dá leithéid agam ó mo thaithí féin.

Nuair a bhí mé ag obair ar an ríomhaire stiúrtha don sraith U-Bahn H i mBeirlín, chaitheamar go leor ama ag baint triail as rudaí ar an traein féin, ag feabhsú agus an coigeartú na bogearraí chun dul i ngleic leis an fíorshaol - nach raibh baileach mar a bhí sna cáipéisí. D'éirigh go measartha maith linn féin, mar bhíomar tar éis go leor oibre a dhéanamh le samhail den traein agus i saotharlann ardchumhachta.

Ach bhí corr rud le réiteach againn féin ar an traein - toisc go raibh trí aonad i gceist agus tionchar acu ar a chéile, agus bhí fisic an traein le cuir san áireamh freisin.

Agus srianta eile!

Bhí córas cumarsáide do phaisnéirí ar an traein. Ach ar ndóigh, bhí gá aige sin le heolas faoi cá raibh sé. Bhí líonra ana theoranta idir na ríomhairí éagsúla. Ceann de na feidhmeanna a bhí leis ná ligeann don tiomanaí an luas taistil a roghnú, agus stiúir uathoibríoch a dhéanamh ar na hinneall (tríd an ríomhaire a bhí á chlárú againne) chun fanacht ag an luas sin. Chuige sin sholathár ár ríomhaire an luas i km/h le taifeach 0.5 km/h, sé sin, sheas athrú i ngiotán amháin do athrú 0.5 km/h san luas. Ba leor sin don rialú luais. 

Síleadh, ó tharla an luas a bheith ar fáil, go bhfeadfadh an dream ag plé leis an córas cumarsáide do phaisnéirí feidhm a bhaint as chun oibriú amach cá raibh an traein agus na fógraí cearta "An chéad stáisúin eile" a sheoladh. Ní raibh sé ag feidhmiú ró mhaith dóibh - bhí an t-eolas mícheart. Dúradh leo go mbeadh ceithre sampla luais in aghaidh an soicind a fháil acu, agus bhí siad á suimiú sin agus á roinnt ar an am agus 4. Ach ní raibh siad ach ag fáil 75% den fíor luach. 

Murach go rabhamar ag cúiléisteacht le holagóin na teicneoirí, n'fheadar cén reiteach a bheadh ar an scéal. Ba léir dúinne nach raibh an ceithre sampla a fháil acu - ach trí chinn. Ach mhol muid córas eile ar fad. Is amhlaidh go raibh muidne ag ríomh an luas ón fhaid ar aon nós - bhí roth fiaclach ar an roth, agus braiteoir ar sin chun casadh an rotha a thomhas. As sin bhí muide ag ríomh an fhaid i méadar. Rud a bheadh sé éasca cuir ar fáil dóibh, agus ba chuma dá gcaillfí cuid de na luachanna mar go mba luach leanúnach a bhí ann. Thugamar fainic dóibh áfach go mba ghá cúram a dhéanamh den srian a bhí leis an luach - 16 giotán, thart ar 31 km. Rinne siad dearmad ar sin, i dtús báire, agus tharla sé go raibh ceann de na línte U-Bahn rud beag níos faide ná 31 km....

Is iomaí scéal eile dá leithéid i mo chuimhní cinn. Is iondúil gur easpa cumarsáide idir foirne, nó míthuiscintí, nó crua earra ag feidhmiú ar dóigh nach raibh súil leis is cúis do na fabhtanna "bogearraí" seo. Bíonn fabhtanna sa ríomhchlárú ann, gan amhras, agus uaireanta é sách deacair greim a fháil orthu.

Bhí mé féin freagrach as a leithéid de bhotún tráth. Bhíomar ag promhadh bogearra nua ar ríomhaire nua, agus samhail in úsáid don traen (togra eile, gan baint aige leis an U Bahn thuas). Tar éis fiche nóiméad nó mar sin, thosaigh rudaí ag dul ó smacht. Níorbh léir in aon chor cad ba chúis leis. Samhradh thar a bheith te a bhí ann, agus bhí mise go láidir den tuairim go raibh fabht éigin sa chrua earra de bharr teasa. Mar a tharlaíonn áfach, rud eile ar fad a bhí ann. Nuair a athraíonn an clár atá ag rith ar ríomhaire, de bharr go bhfuil tasc níos práinní le déanamh, is gá roinnt eolas a shábháil chun gur féidir an clár a athosú ag an bpointe cuí i gceart. Bhí liosta de na tabhall (luachanna laistigh de ionad próiseála an ríomhaire) a bhí ceadaithe úsáid, agus a bheadh sabháilte i gcás mar é.

Is amhlaidh go raibh mé tar éis tabhall sa bhreis a úsáid, ceann nach raibh sabháil a dhéanamh air - agus mar sin thosaigh an clár arís le luach mícheart. Sa chás seo, ní mise a d'aimsigh an fabht a rinne mé, ach comhghleacaí géarsúileach eile sa tSualainn....