Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label éiceolaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label éiceolaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-11-24

Gaois dearmadta na sinsir


Na liaga i Falera, le Parpan05

Sa leabhar Crothla agus Cnámha tá radharc amháin agus an reacaire agus a oide ar bharr sléibhe ag amharc ar liaga a chuir daoine i bhfad roimhe ag seasamh. De réir a chéile, tuigeann an reacaire go bhfuil ailíniú i gceist leis na liaga agus reanna neimhe ag am ar leith den mbliain. Ach gabhann sé thar a thuiscint conas a raibh sé ar chumas na sinsir na clocha a chuir san áit cheart.

Ceann de théamaí an leabhair ná an meath a thagann ar bhéaloideas. Cuimhnítear ar na scéalta; ach cailltear cuid den eolas atá ar iompar acu. Baintear feidhm sa leabhar freisin as cuid de bhéaloideas bundúchasaigh na hAstráile, sa mhéid is gur amhrán a rá an treoir atá ag Cormac agus a reacaire ar an aistear go dtí na mná feasa i bhfad ó thuaidh. 

Agus mé ag smaoineamh ar seo, rith Nation Terry Pratchett liom, ceann de na húrscéalta leis nach bhfuil lonnaithe ar an Téacsdomhain. Scéal atá lonnaithe i leagan ailtéarnach den domhan seo, san 19ú aois. Baineann an scéal le hoileáin bheaga a scriostar le linn súnámaí agus ina fágtar aosánach ag iarraidh fuíoll an áir a thabhairt le chéile. Nochtar de réir a chéile go bhfuil scéalta na treibhe bainteach le reanna neimhe, agus go raibh eolas agus eolaíocht ag baint leis an bpobal le sinsearthacht. Ach go bhfuil an eolas caillte, agus gan fágtha ach scéalta agus piseogacha - de bharr tubaistí idir nádúrtha agus cogaidh.
 
Ar ndóigh tá na laethanta seachtaine atá againn féin bainteach cuid mhór le reanna neimhe, nós a théann siar chomh fada leis an Suiméir. Dream a d'fhág go mbíonn seasca nóiméad san uair againn, mar go raibh córás áireamh acu bunaithe ar seasca (ní fios baileach cén fáth) agus dódhéag - toisc gur féidir 12 a áireamh tríd na hailt ar na méaracha a áireamh leis an ordóg, creidtear.

Tá cuimhne an phobail atá ag braith ar bhéaloideas leochaileach. Cabhraíonn scéalta agus amhráin eolas a chaomhnú - tá baol ann áfach go mairfeadh an scéal ach go gcaillfí an ceacht - go háirithe nuair a bhuaileann tubaiste nádúrtha nó daonna an phobail. 

Fágtar daoine taobh le pisreoga agus amhras. 

Cá bhfios cén eolas atá caillte dá bharr? Go háirithe abair san Afraic agus i Meiriceá, áit ar scriosadh cathracha agus ríochtaí a bhí forbartha go maith, agus fealsúnacht ar leith acu, sular tháinig fir na hEorpa lena ngunnaí, fuisce agus bíoblaí. Fiú má bhí taifeadtaí scríofa is minic a cailleadh an eochair - agus an eolas dá réir. Sin murar scriosadh an saoícht d'aon uaim. 

Das war ein Vorspiel nur, dort wo man Bücher
Verbrennt, verbrennt man auch am Ende Menschen.
Heinrich Heine
Almansor
Ní raibh ansin ach réamhrá, san áit a dóitear leabhair
Dóitear daoine faoi dheireadh.

Measaim go bhfuil go leor eolais ceilte i ndinnseanchas, i bpisreoga agus i scéalta - ach é ó aithint. Tá súil agam go mbeimid in ann cuid de a athshealbhú. 


2020-09-07

An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht

Chuir mé fios ar leabhar Michael Cronin An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht ón leabharlann thart ar am a fhoilsithe, ach de bharr na dianghlasála ní bhfuair mé go dtí le déanaí é.
Smaointeoir domhain is ea Cronin, agus is éard atá sa leabhar ná dhá aiste, ceann as Gaeilge agus ceann as Béarla a bhfuil an téama céanna acu ach ábhar beagán éagsúil. Maíonn Cronin go bhfuil gá ár gcaidreamh leis an áit a mhairimid a athrú ó seilbh go áitreabh; tuiscint gur cuid de bhréidín na cruinne muid seachas máistrí.

Is é an téis atá á chuir chun cinn sa leabhar aige go bhfuil an Ghaeilge cabhrach - riachtanach fiú - chun áitreabh comhfhiosach a dhéanamh in Éirinn. Go bhfuil stair agus dúlra na tíre sna logainmneacha; go bhfuil tuiscint agus bá leis an ndúlra fite fuaite sa litríocht agus sa bhéaloideas, agus go bhfuil an Ghaeilge in eochair dó sin.

Ach freisin go bhfuil an tuiscint fóntaíoch, sealbhach de dhlúth agus inneach na mórteangacha, agus go bhfuil frithnimh le fáil sna teangacha mionlaithe dúchasacha a eascraíonn as áitreabh seachas seilbh.

Go dtugann an Ghaeilge tuiscint ar leith do na himill, agus gurb iad na himill atá ag tús cadhnaíochta ag dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Mar a thug Peader Kirby suntas dó san agallamh thuas, is san aiste Gaeilge amháin a phléann Michael Cronin an tráma a d'eascair as an athrú teanga - ag tosú le foréigean concas na dTúdor agus ag doimhniú sa Ghorta Mór. Tá plé déanta ar an ghné seo roimhe ag Tomás Mac Siomóin - as Béarla agus as Gaeilge. Is an créacht oscailte seo an constaic is mó chun go mbeadh an pobal i gcoitinne in inmhe feidhm as bhaint as an nGaeilge mar uirlis aigne chun dul i ngleic leis an athrú atá de dhíth. Agus is deacair fheiceáil conas is féidir é sin a bhaint amach - nuair atá formhór na héiceolaithe dall ar an nGaeilge, patuar nó fiú naimhdeach fearacht an chuid eile den bpobal. Agus nuair atá an ceannaireacht stáit dall ar an nGaeilge seachas mar mhaisíuchán sealadach fánach.

In ndiaidh dom an leabhar a léamh d'amharc mé ar an agallamh thuas idir Peadar Kirby agus Michael Cronin, chomh maith le léirmheas ag Máirín Nic Eoin.

Tá lón marana go leor san leabhar agus san plé; ach níl oideas nó clár oibre ann. 




2007-01-26

Cumhacht núicléach?

Feicim go bhfuil an cheist seo ag corraí arís, de bharr ár róspléachas ar ola agus gás ó thar lear.

Tá mórcheist nach bhfuil réitithe fós maidir le cumhacht núicléach - sabháilteacht agus an dramhaíl.

Ach pé scéal é, tá an cheist mí cheart á chuir. Ní haon mhaith dúinn leanacht lenár andúil fuinnimh; níl leigheas le fáil i mbithbreosla a thógann talamh a bheadh ag fás bia, ná i fuinneamh na gaoithe, ná na gréine.

Ní mór dúinn gearradh siar.

An rud is práinní, dar liomsa, ná feabhas radacach ar teasdíonadh ár dtíthe. Agus gearradh siar ar an fhaid a bhíonn orainn taisteal ar obair.

Is cuid den leigheas iad foinsí fuinnimh nua, go hairithe fuinneamh inathnuaite. Is dócha nach mbeidh dul as againn ach méid airithe feidhm a bhaint as cumhacht núicléach. Is dócha go bhfuilimd ag baint feidhm as cheana de bharr go bhfuil nasc againn leis an eangach breataineach. Beidh orainn an eangach eorpach a neartú, chun feidhm níos éifeachtaí a bhaint as gaoth agus grian.



Beidh léacht ag an Roth ar an ábhar seo Déardaoin seo chughainn.

B'fhéidir go mbeidh mé ann.