Gan dólás ann a cheann,
Ní bhíonn maise gan a masla,
Ná an díreach gan an cam.
Tugann beartas Barzaz scoth litríocht na Mór Roinne a chur i nGaeilge saothair i mo threo nach mbeadh agam dá uireasa (ach seans maith nach mbacfainn leo nach mbeadh ach leagan Béarla ar fáil dom).
Scéal neamhghnách (domsa) sa cheann seo. Fear atá rathúil ach duairc, bean atá uaillmhianach ach ag déanamh faillí ina páirtí, an obair ina leannán aici, í ard san feidhmeannas, gar do Emanuel (Macron) ach gan a bheith ina ionadaí phoiblí. Teagmháil scoile i bhfad siar a thugann ar Amelié Éric a earcú dá rannóg. Ag éirí go maith leis an obair.
Go gcuireann turas gnó go Súl corr i mbeatha Éric. Agus trí sin i mbeatha Amelié freisin. Casadh sa scéal taithí Éric ar nós na Cóiré deis a thabhairt do duine a bhás féin a shamhlú, dul tríd a shochraid féin agus seal a chaitheamh i gcónra.
Scéalta faoi caidrimh, idir tuismitheoirí agus páistí, idir páirtithe, idir comhghleacaithe. Colscaradh is cúpláil. Athmhuintearas. Dúlagar. Strus agus a fhaoiseamh. Díomá, dóchas gan choinne.
Caibidil ghairide, cúpla snáth san insint. Dul siar agus aniar san am, agus réamhamharc. Fonótaí ar minic a bhain siad miongháire asam. Iad ag cuir leis an insint seachas ina ngluaiseanna tura acadúil.
Scéal comhaimseartha, lonnaithe i tús na fichidí seo. Ré na paindéime. Ré Macron. Scéal buirgéiseach.
Bhain mé taitneamh as (cé go raibh sé gar den chnámh agus mé ag teacht as babhta dúlagair nuair a chur mé tús leis).
Údar: David Foenkinos
Leagan Gaeilge: Máirín Ní Mhárta
Barzaz