Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-02-14

Cruinne Honor

(C) David Burroughs Mattingly

Nuair a bhí mé tinn an samhradh seo caite, bhí mé ag léamh ficsean eolaíochta ar an fón, toisc nach raibh ar mo chumas díriú ar aon rud trom. Diaidh ar ndiaidh d'éirigh mé gafa le saothar ilghabhálach David Weber, dírithe ar an oifigeach cabhlaigh spáis Honor Harrington. Iarracht comhfhiosach macasamhail sraith Hornblower a chruthú.

Níl pioc de sraith Forester léite agam.

Pé scéal é, leanann úrscéalta Weber (agus scaití comhghleacaithe aige) gairm Honor Harrington óna tús mar Meánloingseach nua cháilithe go dtí go mbíonn sí ina hardcheannasaí cabhlaigh agus polaitíochta.

Ag troid le foghlaithe spáis, lucht díolta sclábhaithe (a póradh ag baint feidhm as leagan lofa géiniteach), agus cogaí le castaí polaitíochta agus míleata.

Gné spéisiúil ná go bhfuil sí "uchtaithe" ag ball de speiceas eachtardhomhanda, cat crainn óna pláinéad dúchais. Cat ar a bhfuil sé géag, agus a bhfuil ar a chumas mothúcháin a léamh. Diaidh ar ndiaidh foghlaimímid níos mó faoina dtréithe, agus go bhfuil siad i bhfad níos éirimiúla ná mar a dtuigimid i dtosach. 

Scaití scinn mé thar sleachta fada teicniúla faoi urchair agus a leithéid. I bhfad níos mó spéis agam sna carachtair agus san forbairt a thagann orthu. An ceannaireacht a léiríonn sí (agus roinnt eile). Stíl oiliúna spreagúil. Misneach. Sásta íobairtí a dhéanamh chun seasamh leis an dtuiscint docht ar dhualgas atá aici. Searc agus fuath. 

Duáilcí freisin - claonadh chun fíochmhaire i leith namhaid a bhíonn faoi smacht aici don gcuid is mó. Seachas nuair atá buairt mhór de dheasca bású a lucht grá. 

Diaidh ar ndiaidh forbraítear cliar carachtar sochreidte timpeall uirthi, tréithe fónta agus diúltacha acu ar fad. 

Agus polaitíocht ag teacht i dtreis seachas an bua nó caillteanas simplí mhíleata. 

Cruinne a fhillfidh mé air, ag athléamh. Tá mórchuid de na saothair ar fáil saor in aisce ar an idirlíon, beartas comhfhiosach de chuid an fhoilsitheora Baen, a chreideann go spreagann sé léitheoirí, agus go gceannóidh léitheoirí dílse leabhar de theann measa. Agus go mbaineann sé an ghaoth as seolta foghlaithe foilsitheoireachta. 

Táim sásta gur tháinig mé air. Ba é https://freesfonline.net/, bunachar de shaothair atá ar fáil saor in aisce ar líne a chur i mo threo iad. Tá nithe spéisiúla eile le fáil ansiúd. 

Is faoin bheith daonna ficsean eolaíochta maith. Na fadhbanna céanna i gcruinne nua. Ní fisiceoir ná bitheolaí oilte mé, ach creidim go bhfuil an cruinne seo i dteideal bheith áirithe ina fhicsean eolaíochta "crua", i. cé nach bhfuil an eolaíocht indéanta faoi láthair, tá sé insamhlaithe go bhféadfaí é a dhéanamh amach anseo.