| (C) David Burroughs Mattingly |
2026-02-14
Cruinne Honor
2025-08-28
Gal is toit
![]() |
| Poul Anderson ag ól a phíopa |
Nuair a bhí dúlagar orm le déanaí bhí mé ag léamh go leor ficsean eolaíochta ar an fón, ar líne. Ag braith go mór ar https://freesfonline.net/. Bhí mé ag roghnú scéalta a bheag nó a mhór go randamach. Ach ag pointe éigin rith sé liom nach raibh an oiread sin le Poul Anderson léite agam sna déaga, agus gur mithid sin a cheartú. Léigh mé le fonn cuid dá raibh teacht agam orthu. Cuid mhaith acu lonnaithe i dtodhchaí samhlaithe.
2022-06-05
Aiséirí
FAINIC - PLÉITEAR MIONSONRAÍ DE SCÉAL UÍ MHUIREAGÁIN AISÉIRÍ SA BLAGMHÍR SEO. TÁ SCÉALMHILLEADH ANN DÁ RÉIR.
![]() |
| Pláinéad Glas (foinse) |
2019-05-21
Herland
Liosta de deich úrscéal ficsean eolaíochta le mná a scaip Nnedi Okorafor ar Twitter a chuir an t-úrscéal gairid seo ar mo shúile. (Bhí ceithre cinn acu léite cheana agam). Tugann ficsean eolaíochta agus samhlaíochta deis scagadh a dhéanamh ar rólanna agus tréithe a bhaineann le hinscne agus collaíocht. Rinne Ursula le Guin é sin go héifeachtach. Céim níos faide a théann Charlotte Perkins Gilman san úrscéal seo, ag samhlú tír ina bhfuil ard sibhialtacht ach nach bhfuil ann ach mná.
Duine de thriúr fear óg Meiriceánach an reacaire. Cairde. Fear saibhir, lothario ceart. Dochtúir agus bitheolaí. Socheolaí an reacaire féin. Tá siad ar thuras taiscéalaíochta i measc na "daoine fiáine" nuair a chloiseann siad ráflaí faoi "tír na mban". Faigheann siad nod nó dhó go bhfuil a leithéid ann agus beartaíonn turas.
Sáite mar atá siad i bhfireannachas tús an chéid seo caite ní féidir leo saol riartha ag mná amháin a shamhlú.
Sin a aimsíonn siad áfach. Tír dúnta isteach ag sléibhte. Maraíodh na fir ar fad dhá mhíle bliain ó shin. Partanaigineas a thug an pobal slán. Iad anois ina hardsibhibhialacht. Garraí torthúil déanta dá tír. Beartas ilghlúin pleanála. Máithreachas coiteann agus siúrachas, oideachas cúramach cnámha a pobail. Idéal álainn. Bhain an údar freang amháin asam nuair a luaigh sí gur "Airiasach" a bhí pobal na mBan. Ar ndóigh ní raibh an smál céanna is atá anois ar an téarma i 1915 ach ba chúis díomá dom an chiníochas.
Úrscéal gairid atá ann, ach tugann an codarsnacht idir an triúr fear, agus an dóigh stuama a phléann Poblacht na mBan leo deis don údar go leor smaointe a chíoradh.
Lón machnaimh spreagúil agus fós úr (faraor) cé gur i 1915 a foilsíodh i dtosach é. Greann éadrom íorónta a ligeann di síolta smaointe tromchúiseacha a chuir beagnach i ngan fhios.
2019-01-31
Íosánaigh agus Eachtardhomhandaigh
Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair.
Matha 10:29
Ach ní féidir duit mo ghnúis a fheiceáil,” ar sé “óir ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin.”... Ansin tógfaidh mé mo lámh chun siúil agus feicfidh tú mo chúl; ach mo ghnúis ní fheicfear.”
Eaxodus 33:20, 23
Táim buíoch de Mháirtín, a bhíonn ag freastal go dílis ar an gCiorcal Díospóireachta as an scéal dhá imleabhar seo le Mary Doria Russell a chuir faoi mo bhráid. Pléann The Sparrow le céad teagmháil an chine dhaonna le Eachtardhomhandaigh. Comhartha raidió ceaptha ar domhan agus ceol cloiste ann. De bharr sraith comhtharlú (más comhtharlú atá ann), tá sagart de chuid Cumann Íosa i measc na céad daoine a chloiseann faoi agus beartaíonn an Chumann misean a sheoladh. Meascán de dhaoine tuata agus sagart. Pearsan lárnacha iad Emilio Sandez, páiste gréine a éalaíonn ó fhuath gharbh a drongadóir d'athair i bPuerto Rico isteach in oideachas Íosánach agus san ord ina dhiaidh. Sophia Mendez, de bhunadh Giúdach sephardi, a thógtar ó striapachas sráide in Iostanbúl le linn cogaidh ach atá i ndaoirseacht de chineál eile chun íoc as a gcuid oideachais. Cliar láidir ilghnéitheach timpeall orthu san dá leabhair idir daoine an phláinéad seo agus ón dá gcine ar an bpláinéad eile. Cine feoiliteach a bhfuil smacht acu ar chine níos líonmhaire plandaiteach.
Tá drogall orm barraíocht a rá faoin plota san dá leabhar, de bhrí gur scéinséir pholaitiúil den scoth atá ann.
Cloíonn sí go dlúth le heolaíocht réadúil freisin, agus cé go gcuirtear siar na haistir idir an dá ghrianchóras ag gar do luas an tsolais imíonn an t-am ar na pláinéad agus bíonn éifeachtaí amleata san áireamh.
Siar is aniar san am a reictear an scéal, iarmhairtí neamhthuartha míthuiscintí cultúrtha agus éifeacht claochluithe na teagmhála.
Úsáidtear na heachtraí chun creideamh agus cóir a scagadh go mion. Polaitíocht agus tuiscint. Smacht daonra agus cosaint comhshaoil.
Ath-Iób é Emilio a thógtar a chreideamh chun é scrios, is cosúil.
Ath Mhaois i pearsain eile.
Stair na misean, idir dearfach agus diúltach ina inspioráid ag an údar. Bean a thug droim láimhe do Chaitliceachas a hóige le hiompú ina Giúdach. Ach ar léir a tuiscint agus domhan-mhachnamh ar na ceisteanna.
Níl freagraí néata ar bith sa leabhar ach lón marana.
Go bhfios dom níor scríobh an údar a thuilleadh ficsean eolaíochta, ach is clochmhíle tuisceana an dá leabhar seo. Scríofa ag deireadh an chéid seo chaite, fáidhiúil tuisceanach.
The Sparrow
Children of God
Mary Doria Russell
2019-01-24
Folús lonrach
2018-12-29
Cogadh na Reann
Ba cheannródaí sa bhficsean eolaíochta é HG Wells. Agus is clasaiceach a leabhar War of the Worlds. Measaim gur léigh mé an bunleagan blianta fada ó shin, ach tá sé i gcúl mo chinn le fada an aistriúchán go Gaeilge a léamh, aistriúchán a rinne Leon Ó Broin sna 1930í ach a d'fhoilsigh Evertype roinnt blianta ó shin in eagrán faoi eagar ag Aibhistín Ó Duibh.
Cuntas céad pearsa atá ann ar ionradh ó Mhars, cé go mbaineann an reacaire feidhm as cuntas de chuid deartháir leis chun léargas níos leithne a thabhairt ar an scéal ná a bheadh dá mba a reacaireacht fhéin amháin a bheadh sa leabhar - ó tharla an reacaire bheith sáinnithe ag na hionróirí agus a ngléasanna ó thús deireadh.
Tá cosúlachtaí láidre idir an reacaire agus Wells féin, agus mar sin is fuighle an fhir le hoideachas agus smaointe forásacha a chleachtann sé. Éiríonn ana mhaith leis an aistriúchán an carachtar a thabhairt slán go hinchreidte, an réimse teanga ceart a aimsiú.
Tá an scéal féin láidir, sibhialtacht Shasana ag titim as a chéile go gasta de bharr uirlisí agus airm na Marsaigh a bheith oiread sin níos fearr. Fáidhiúil freisin an slí a shamhlaigh Wells innealra agus airm - airm cheimiceacha ina measc.
Teipeann chomh tobann céanna ar ionradh na Marsach - de bharr baictéir áfach seachas aon fhreasúra ón gcine daonna.
Cuireann léaráidí dubha agus bána, garbha Mathew Staunton go mór le hatmaisféar na scéine sa scéal agus an reacaire ar a sheachaint i ndomhan atá á chreimeadh go gasta faoi ionróirí uafásacha.
Scéal a bhfuil ceachtanna agus úire ann fós ainneoin forbairt ar eolaíocht ó Ré Wells.
Tá screamh na sibhialtachta tanaí....
H. G. Wells, aistrithe ag Leon Ó Broin
Céad eagrán , 2015
Léaráidí le Mathew Staunton.
In eagar ag Aibhistín Ó Duibh
Portlaoise: Evertype.
ISBN 978-1-78201-099-9
2018-10-12
Deil Neimhe
Gnóthachtáil ard is ea géilleadh na tuisceana roimh nithe a sháraíonn tuiscint. Iadsan nach ngéilleann, scriostar ar deil neimhe iad.
Aistriúchán (míchruinn, is cosúil) ar Zhuang Zhou Leabhar XXIII alt 7,a thug teideal d'úrscéal ar leith de chuid Ursula le Guin.
Scéal faoi fhear a athraíonn a bhrionglóid an cruinne. Tá síceolaí ceaptha cabhrú leis teacht saor on eagla a chúisíonn seo ann: ach is amhlaidh a bhaineann sé feidhm as an mbua chun an saol a fheabhsú, dar leis féin. Seachas go mbíonn iarmhairtí neamhthuartha lena iarrachtaí. Is iomaí cas is corr sa scéal roimh deireadh.
Ní aithris ar Philip K Dick atá i gceist, ach léiriú ómóis de chineál.
Mar is iondúil le Le Guin tá sí ag imirt a samhlaíocht chun daonnacht a iniúchadh.
2018-01-25
Ursula K le Guin
2017-12-14
Nnedi Okorafor
Aguisín, 2018-01-21
Cheannaigh mé an tríú leabhair Binti - The Night Maskerade le teann mífoighne. Cheannaigh mé é sular foilsíodh é ach seoladh chuig mo Kindle i rith na seachtaine é. Tá sé níos faide agus níos cumhachtaí arís ná an dá imleabhar eile, agus an cuma air gur tubaiste atá i ndán do Bhinti agus a cairde - cairde atá scaipthe thar cine éagsúla agus pobail éagsúla daonna anseo.
Tá lón marana iontach ann san dóigh a théann sí i ngleic leis an tubaiste; go síochánta, ag iarraidh a gairm mar "harmoniser" - réiteoir a chuir i gcrích.
Níl sé éasca mórán a rá gan an scéal a mhilleadh - ach a rá go bhfuil casadh agus corr iontacha ann don léitheoir.
Anois caithfidh mé teacht ar Akata Witch agus Akata Warrior - ar chúis nach dtuigim níl ceachtar ar fáil sa leabharlann ná don Kindle.
2017-10-22
Binti
Is maith liom ficsean eolaíochta. Ach go hiondúil is fear geal an laoch. Go deimhin, seachas Ursula le Guin, is fir geala na húdar ar fad atá léite agam, measaim. Tá saothair le Guin spéisiúil, mar go lúbann agus gcasann sí daonnacht. Craiceann dorcha ar draoithe Earthsea, agus na barbaraigh geal craicneach. I ciotóg an dorchadas, daonna nach mbíonn fireann ná baineann ach ar feadh tréimhse áirithe, uair sa mhí.
Ach thairis sin, is deacair éalú ón fráma tagartha, an fear geal ina laoch.
Scaip Neil Gaiman alt ar Twitter le déanaí faoi Nnedi Okorafor. Údar a mhol sé féin, agus Ursula le Guin. Bean le cos amháin sa Nigéir, agus cos eile i Meiriceá.
Spreag sin m'fhiosracht. Tá gearrscéal léi ar líne. Géarú goile. Pósadh idir teicneolaíocht agus draíocht na hAfraice, ju-ju. Láidir.
Chuir mé fios ar leabhar léi ón leabharlann. Binti. Ficsean eolaíochta, an laoch ann, bean óg den treibh Himba (arbh ann dó dáiríre sa Naimib).
Urscéilín 90 lch ach dlús iontach ann. Tá sé de bhua ag Nnedi Okorafor cruinne a chruthú i cúpla abairt.
Nósanna ársa na dtreabh agus teicneolaíocht an todhchaí fite fuaite le chéile. Tá tábhacht sa scéal le otijze, cré measctha le ola bláthanna a bhaineann an Himba feidhm as chun a gcraiceann a chaomhnú ceal uisce.
Tá bua na matamaitice ag Binti, agus sa scéal seo ciallaíonn sin freisin bua intinne ar féidir leis eolas agus aibhléis a stiúradh agus a smachtú. Agus daoine agus nithe a chuir ag réiteach le chéile.
Tá áit faighte aici in Ollscoil ar phláinéid i gcéin, an cead duine dá pobal, a bhfuil drochmheas ag an mórphobal Khoush orthu, a leithéid a bhaint amach.
Níl a muintir sásta go bhfágfadh sí a gcríocha. Ní mór di mar sin éalú i gcoim na hoíche.
Éalaíonn sí, agus imíonn go dtí ann ollscoil. Tá sí ar spás árthach beo (cineál ribe róibéis teicneolaíochta, le pluaiseanna ann ina bhfuil fásaigh chun ocsaigin a sholáthar - mion sonraí iontach samhlaíochta).
Tá sí ag cuir aithne, agus ag sní cairdeas fiú ainneoin coimhthíos na cianta, leis na hábhar mic léinn eile arbh Khoush iad. (Ní mór dom admháil go ndearna mé talamh slán de, ainneoin go leor nod, gur daoine geala a bhí iontu - ach is Arabaigh atá i gceist. Deacair éalú ón bhfráma tagartha geal Eorpach)
Ach déantar fogha agus ár ar an long ag neacha dárbh ainm Meduse - neacha atá mar a bheadh smugairlí róin iontu.
Tagann Binti slán mar go bhfuil buachloch a thug sí léi, ar a dtugann sí edan, ar cosaint é ar dhóigh éigin.
Tá drogall orm níos mó a sceitheadh den scéal, mar is scéinséir den scoth atá ann.
Tarraingíonn Nnedi Okorafor go leor ceisteanna anuas, ciníochas, coilíneachas, goid earraí cultúrtha, oineach i síocháin agus cogadh, taidhleoireacht. Oideachas agus samhlaíocht.
Tá fios curtha agam ar an dara imleabhar, agus Binti ag iarraidh filleadh ar a muintir, cé go bhfuil sí ar ndóigh athraithe go mór.
Tá an tríú imleabhar le foilsiú san athbhliain. Tá saothair eile léi a mbeidh mé sa tóir orthu freisin.
2017-01-23
Athchuairt ar An Tionscadal
Chuir comhrá ar Twitter mé ag póirseáil ar mo leabhragáin chun sár-úrscéal Thomás Mac Síomóin a aimsiú arís.
Bhí dearmad déanta agam ar díreach chomh cumhachtach agus ilghnéitheach atá sé. Úrscéal a sáraíonn aon iarracht leaba Procrustes na seanrá a chuir i bhfeidhm air.
Tá gnéithe den scéinséir ficsean eolaíochta ann. Tá tagairtí don alltar agus pearsa meifisteofalach ag feidhmiú mar cineál deus ex machina chun casadh a chuir sa phlota.
Reacaire céad pearsain atá i príomh charachtar an scéal. Duine a shíleann é féin a bheith liobrálach ábharaíoch Marxach fiú - ach atá sáite go smior ina phost margaíochta agus dílis do modh oibre an caipitleachas creiche a chleachtann an ollcomhlacht ina bhfuil céim ard aige.
Duine é atá tugtha don féin iniúchadh, rud a thugann deis don údar an iliomad ceist a scrúdú gan a bheith ag cuir an scéal as a riocht.
Tagann sé ar nod faoi baile ar leith sna Piréiní, a bhfuil mistéir éigin ag baint leis. Spreagtar a fhiosracht ar mórán leibhéil, agus tugann sé turas ar an áit.
Faigheann sé áit a bhfuil an cuma air gur parrthas réamhtionsclaioch atá ann, sláinte agus fadsaoil as an gnáth ag an pobal. Ach an bhfuil cruimh san úll?
Téann sé ar thóir an rún, fonn air brabach a bhaint as. Le cabhair ó bhean de chuid na háite, a bhraitheann sáinnithe ann, aimsíonn sé an rún.
Baineann deireadh an úrscéil le plé lena fhostóir chun táirge tráchtála a fháisceadh as an rún.
Is anseo a chíortar ceisteanna fealsúnachta agus morálta go domhain agus 'meitheal machnamh' i mbun 'stoirm stuaime' ar na ceisteanna ar fad a eascraíonn as; ciniciúilacht agus idéalachas in adharca a chéile.
Ar shlí úrscéal ilmheáin atá anseo - idir insint dhíreach céad pearsa ann, dioscúrsa an stoirm stuaime, tuairiscí eolaíochta- agus do radharcanna áirithe, script samhlaithe scannáin.
Táim buíoch don gcomhrá a sheol arís i dtreo an lón machnaimh is pléisiúr seo mé!
2015-04-06
An Fhondúireacht
Isaac Asimov a scríobh, Panu Petteri Höglund a d’aistrigh go Gaeilge
Maisiúcháin le Mathew Staunton.




