Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Panu Petteri Höglund werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Panu Petteri Höglund werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-04-22

Tine sa Chácóin

Seo scéinséir maidir le hachrann i measc dream antoisceach den eite dheis. Ainneoin an athrú ainm agus go bhfuil mionlach Gearmánach déanta den mionlach Sualannach, is léir gurb an Fhionlainn atá i gceist dáiríre - agus tá an Rúis i gceist freisin agus teifigh as tíortha a bhfuil na gnáth ainmneacha orthu. (Agus cameo ag carachtar a bhfuil an-dealramh aige le Panu Petteri Höglund.) Measaim dá réir gur polladh beag ar an fionraí díchreidimh na hathruithe sin agus gurb fearrde an scéal gan iad. 

Déantar dúnmharú ag boc mhór de chuid na heite dheise, boc a bhíodh ag scaipeadh fuatha ar líne - ach ar léir go bhfuil eagraíocht laistiar de, agus amhras ar na seirbhísí slándála go bhfuil ladar na Rúise sa scéal freisin. 

Bleachtaire righin laoch an scéal - cé go bhfuil corr sa scéal sa mhéid is go bhfuil caidreamh grá idir é agus duine den mionlach "Gearmánach" ar sprioc iad don drong antoisceach atá ar thóir díoltas as feallmharú a gcinnire. Mar sin, tá an scéal ag dul níos gaire don gcnámh dó ná mar ba mhaith leis!

Thaitin an scéal go mór liom, agus mheas mé go raibh na foscéalta inchreidte go maith, agus léargas orthu ar ceisteanna na linne agus an daonlathas liobrálach á chreimeadh ó laistigh agus lasmuigh. Tá buaic sásúil ar an scéal agus réiteach maith ar mistéir an marú agus an cúis a bhí leis. 


Panu Petteri Höglund 
Maisiúcháin le Mathew Staunton. 
Dundee: Evertype. 
ISBN 978-1-78201-224-5

2015-04-06

An Fhondúireacht

Is cuimhin liom saothar Asimov a léamh agus mé sna déaga. Mar a tharla, le cúpla bliain anuas bhuail taom Asimovachais mé agus rinne mé (ath)léamh ar pé chuid dá shaothar a raibh teacht agam air tríd an leabharlann. Ina measc an dá mór-sraith, a thug sé le chéile ag deireadh - An Fondúireacht agus na Róbáit.

Tá Gaeilge curtha anois ag Panu Petteri Höglund ar an gcéad úrscéal den sraith faoin Fondúireacht. Stair ficsean eolaíochta thar cúpla céad bliain den Fondúireacht - foras léannta atá ceaptha ag an Saoi Hari Seldon, a bhfuil tairngreacht ar bhonn matamaitice déanta aige ar theip Impireachta de bharr faillí san eolaíocht. Foras eolaíochta leis an t-eolas a chaomhnú atá san Fondúireacht ar an gcéad amharc - cineál Áirc Naoi. Ciclipéid a gcúram is cosúil. Diaidh ar ndiaidh áfach nochtar gurbh é seo síol impireachta nua, nó an ea? Cumhacht áitiúil iad cinnte ar imeall an Réaltra. Cumhachta a chuireann cúpla craiceann di de réir mar a oireann. 

Dhá rud a rith liom agus mé á léamh agus atá bunoscionn le tuiscintí na linne seo - creideamh saonta i maitheas an chumhacht eitneach, agus flúirse todóga á chaitheamh. Sin agus gan mná a bheith luaite in aon chor geall leis! Rudaí a bhaineann le ré scríofa an leabhair, is dócha.

Pé scéal é, bhí sé d'ádh ag Panu go raibh dhá aistriúcháin - i bhFionlainnis agus i Sualainnis léite aige sular thug sé faoin tiontú. Múnla an tiontú Sualainnise le Sam J Lundwall a lean sé anseo, is é sin, béim a chuir ar insint nádúrtha san sprioc theanga gan cloí ró mhór le foclaíocht an bunleagain.

Feictear dom gur éirigh go maith leis cé go raibh corr nath anseo is ansiúd a mheas mé a bheith rud beag seanchaite agus iad romham don ceathrú nó cúigiú uair. Léigh mé an leabhar ar thuras aer chun na Gearmáine agus chuir mé an aistear díom gan stró, an bóthar giorraithe go breá ag leagan (Ultach1) Phanu de hAsimov!

Is breá liom an chaoi atá iothlainn na Gaeilge á leathnú aige.

An Fhondúireacht
Isaac Asimov a scríobh, Panu Petteri Höglund a d’aistrigh go Gaeilge
Maisiúcháin le Mathew Staunton. 
Evertype.
ISBN 978-1-78201-080-7
An Fhondúireacht


1 Aguisín: Bhí comhrá ar Twitter agam le Panu ó shin. Mheabhraigh sé dom gur chloí sé leis an gCaighdeán sa leabhar, rud is nós dó anois. Is fíor dó faoi sin, ach de bharr na cora cainte agus araile is i nGaeilge Uladh a chuala mo chluas inmheánach an scéal. Tharlódh áfach, ós rud é go raibh ríomhaithne agam ar Phanu ina thréimhse Conallach go bhfuil dul amú orm!