Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label leabharlann werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label leabharlann werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-07-02

Is iad na focla mo leannáin, mo mhealladh, mo dhruga. ~ Deasún Breatnach


Roinnt blianta ó shin, casadh An Buama deiridh le Deasún Breatnach mo threo de bharr fiosracht a spreag íomhá ar Twitter. (I bhfad sular tháinig múisc ar sin). Ansin phioc mé suas An Deachtóir cúpla bliain ó shin. Ar na mallaibh chonaic mé go raibh An dealbh Spáinneach ar fáil ón siopa leabhar agus cheannaigh mé é. Mórán ar aon dul leis na leabhair eile, scéinséir éadrom. 

Spreag sé mé le hamharc arís ar ainm.ie. Agus spreag sé sin mé le fios a chur ar an leabhar aistí Gríscíní saillte. B'fhéidir gur léigh mé cuid acu i Lá fadó, ach bhí mé sa Ghearmáin nuair a foilsíodh iad. Níl mé baileach cinnte anois an raibh Lá a fháil tríd an bpost agam. Bhí Foinse. Luíonn cuid dá thuairimí go maith le mo chuid féin, cuid eile táim ar malairt dearcadh. (Nílim ar mo chompord in aon chor leis an bpoblachtánachas Éireannach, cé gur leasc liom é a dhaoradh as éadan. Tá an Stáit tógtha air, tar éis an tsaoil. Agus ní raibh na fórsaí a rinne poblachtaigh míleata de oiread ó thuaidh ag imirt ormsa. Agus thar aon rud eile níor bhatráil an drong trom mac de mo chuid...)

Tá na haistí suimiúil, lón machnaimh iontu. Scríofa thar tríocha éigin bliain, agus foilsithe i réimse nuachtáin agus irisí. Litríocht, cultúr, stair, machnamh. Cuid acu tráthúil, cuid eile imithe in aois nó bunaithe ar thuiscintí atá bréagnaithe ó shin. 

Chuir mé fios freisin ar chnuasach gearrscéalta do dhaoine fásta Galar na bhfocal agus fiú a thráchtas Chughat an Púca. 

Tá aiste mar réamhrá ar Galar na bhfocal ag cíoradh an ghaol idir chollaíocht, ealaíon agus creideamh. É ar son Caitliceachas nach bhfuil piúratánach, agus ar son an fhírinne san ealaín. Téama leathan... Thaithin na scéalta liom, cuid acu níos fearr ná a chéile. Collaíocht seachas graostacht. Lón machnaimh. 

Maidir leis an tráchtas, theip orm dul i ngleic leis. Tá suim agam san ábhar, ach ní raibh aon chóiriú déanta air don léitheoir tuata, agus ba dhriseacha agam na crostagairtí agus fonótaí. 

Rith sé liom, arís eile, gur mór an feall nach bhfuil leabharlann ceart Gaeilge againn. Tá na hiasachtaí idirleabharlainne ana mhaith, ach caithfidh tú bheith ar an eolas faoi leabhar a bheith ann. Agus ní thiocfaidh de thaisme ar leabhar nó údar nua (duitse). 

2024-02-03

Pathogenesis - stair na cruinne in ocht bplá

Luaigh duine de mo lucht aitheantais an leabhar seo liom beagnach bliain ó shin. Chuir mé fios air ón leabharlann roinnt míosa ó shin agus léigh mé é. Ní raibh faill agam go dtí anois é a bhlagáil. 

Téis an údair ná gur na frídíní a imríonn tionchar orainn fíor inneall na staire. Go dtagann pobail nó aicmí chun cinn má tá imdhíonadh acu, go scriostar pobail dá cheal. Thóg sé i bhfad ar na hEorpaigh, abair an Afraic a ghabháil ceal imdhíonadh ar maláire. Nuair a tháinig cuinín chun cinn, d'athraigh rudaí. Scrios galar na hEorpa pobail Mheiriceá. Galair a scaip siad, agus nach raibh imdhíonadh ag na dúchasaigh ina gcoinne, seachas an ghunna a thug an lámh in uachtar do líon beag conquistadores i Meicsiceo. Maíonn sé gur tháinig an Chríostaíocht chun cinn toisc gur thug Críostaithe aire do dhaoine a bhí tinn. Bhí imdhíonadh acu siúd a tháinig slán seachas iadsan a theith ón ngalar. Baint ag plá leis an Reifirméisean freisin, dar leis. Ní raibh na seanchinnteachtaí bailí níos mó. Bhí gá le creideamh nua.

Cé gur dóigh liom go bhfuil fírinne san téis aige, is dóigh liom nach bhfuil sé chomh cinniúnach cuimsitheach mar mhíniú agus a mhaíonn sé. Go bhfuil fórsa eile staire le cuir san áireamh. 

Is cinnte áfach go gcuireann frídíní agus pandéim corr inar gcinniúint agus nach bhfuil oiread smacht againn ar chúrsaí agus a shílimid. Leabhar soléite spéisiúil. 

A History of the World in Eight Plagues
Jonathan Kennedy