Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-01-25

Ursula K le Guin

Chuaigh Ursula le Guin ar shlí na fírinne de Máirt. Bhí sé i gceist agam píosa a scríobh anseo fúithi cibé, tá athléamh nó léamh as an nua déanta agam ar roinnt dá saothair le cúpla bliain anuas.
Tá an cuir síos 'ficsean tuairimeach' seachas ficsean eolaíochta feicthe agam ar a saothar, agus feileann sé go maith mar sainmhíniú.
Cinnte, tá na hÚrscéalta Hainish, fearacht Left Hand of Darkness agus The Dispossessed lonnaithe i measc na gcian phláinéad agus chum sí an ansible, gléas a scaip eolas níos gaiste ná solas.
Ach draíocht atá i gceist le scéalta Earthsea; léamh ar scéal le fréamhacha san Aeneid a húrscéal Lavinia.
Shamhlaigh sí tír lár Eorpach Orsinia agus lonnaigh gearrscéalta (atá léite agam) agus úrscéal (nach bhfuil léite fós agam) ann.
Tá sraith eile aici ina bhfuil an suíomh cosúil leis na meánaoiseanna ach go mbíonn bua ar leith ag na príomh charachtair ann, cineál draíocht ach tréith ar leith ag gach duine acu.
I scéalta dá chuid bíonn leagan amach éagsúil ar daoine, ó thaobh inscne de abair. I Left Hand of Darkness mar shampla níl inscne ag pobal an phláinéid ach ar feadh tréimhse míosúil ar féidir leo bheith fireann nó baineann agus d'fhéadfadh aoinne acu leanbh a thabhairt ar an saol (cé gur fear ón Domhain seo an reacaire).
Ní fear geal an laoch caighdeánach aici. Tá Ged, draoi Earthsea dorcha agus is iad na daoine geala an cine ar easpa forbartha.
Úsáideann sí na suíomhanna iomadúla seo chun scéalta taitneamhacha eachtrúla a scríobh agus ábhar a spreagann machnamh a chuir roimh an léitheoir. An duine agus a streachailt an rud cóir a dhéanamh is cúis léi.
Tá oidhreacht saibhir fágtha aici againn ar chuir mé aithne i dtosach air sa leabharlann i mo dhéaga agus a bhfuilim ag tarraingt as stór an leabharlann arís chun an eolas agam air a athnuachan agus a dhoimhniú.
Go raibh suaimhneas síoraí aici, agus go raibh léamh ar a saothair!